Sunday, October 23, 2011

Eadarlúid Ghearr



Tagairt Dennis do ‘bhallaí cloiche’ New England, spreag sí mé chun cúpla focal a scríobh fúthu, focail nach mbaineann le mo streachailt féin le hithir na háite seo. An tráth ar tháinig na hEorpaigh, Sasanaigh den chuid is mó, isteach sa taobh seo tíre, ba é a fuair siad rompu coillte, coillte agus a thuilleadh coillte. Go deimhin, thugtaí ‘Woodland Indians’ ar na bundúchasaigh. Níor shaothraigh siadsan an talamh ach amháin i dtuilemhánna ar nós gleann an Connecticut River, mar a fhástar tobac den scoth go fiú inniu. Pé ar bith é, cheannaigh nó ghoid na heachtrannaigh an talamh, leag na crainn, réab na stumpaí agus chrom ar threabhadh.

Glún anonn, bhíodar marbh leis an ocras nó bailithe leo to Pennsylvania. An corrdhuine a d’fhan sna bólaí seo, chuir sé crainn san áit a raibh crainn cheana, ach an uair seo cuireadh crainn úll, piorra agus silín. Tá a n-iarsmaí siúd le feiceáil fós ar an sráid seo ‘gainne, ceann díobh a bhásaigh in ár ngairdín féin thart ar chúig bliana ó shin in aois breis is dhá chéad bliain. Féadtar crainn a chur gan na carraigeacha agus na clocha uilig a dhíbirt as an talamh. Na carraigeacha a baineadh as an talamh, caitheadh ar leataobh iad agus sa deireadh tógadh ballaí astu chun teorainneacha a mharcáil agus an corrstoc a shrianadh. Tá na ballaí sin le feiceáil i ngach baile beag ar fud New England agus ar gach taobh de na fobhóithre suimiúla a shíneann anseo agus ansiúd ó cheann ceann an réigiúin.
In ár gcás féin tá iarsma de bhalla mór cloiche ag bun an ghairdín agus bhaineamar a leithéid chéanna de bhalla ón ár ngairdín ar thaobh an bhóthair. Comharsa linn, d’atóg sé cuid mhaith de sheanbhalla agus sin atá sna pictiúir thuas. Féach, áfach, gur gá na ballaí céanna a dheisiú go rialta nó thiteann siad as a chéile le himeacht ama.

3 comments:

  1. Meas tú an raibh Gael as Iarthar Éireann páirteach san saothar seo? Bheadh taithí acu ar ballaí bhreá a thógáil le clocha gan moirtéil.

    ReplyDelete
  2. Suimiúil go ndúirt tú é sin, a Aonghuis, mar rith sé liom go bhfuil na ballaí cosúil leis na ballaí thiar i gConamara.

    @ nó thiteann siad as a chéile le himeacht ama.

    Rud beag cosúil linn féin, a Sheáin..:-)

    ReplyDelete
  3. Scileanna difriúla atá i gceist i gcás ballaí cloiche Chonamara agus na ballaí in New England. Má fhéachann sibh go cúramach, feicfidh sibh to bhfuil an balla atá sna pictiúir a sheol mé chugaibh dronuilleannach murab ionann agus na cinn a bhí ar gach taobh díom agus mé ag caitheamh samhradh i gConamara sna caogaidí. Cuimhin liom go leagaimis giota de bhalla chun an t-asal a ligean isteach i ngort beag ag deireadh an lae agus go dtógaimis an balla díreach is an t-asal tiomáinte isteach. Sin rud nach bhféadfaí a dhéanamh le balla den chineál a fheictear sna bólaí seo. Só, a chairde, ní dóigh liom gurbh iad Éireannaigh a thóg na ballaí anseo. Tá léite agam áit éigin gurbh é lá oibre do thógálaí balla i New England ná fad dhá shlat agus airde trí throigh sa bhalla. Bhíodh cró, casúr agus siséal maille le miúil ag an bhfear, ach gan aon leathbhádóir aige.

    ReplyDelete