Monday, October 17, 2011

Cá dTéann na Cuiteoga sa Gheimhreadh (Cuid a Dó)

An té atá gafa leis an ngarraíodóireacht bíonn an-suim aige san ithir agus taithí agus eolas aige dá réir; a dath, a lámh-mhothú, a cuma/dreach, a brisce agus a comhghreamaitheacht, agus go fiú a boladh.

Tharla, tar éis dom na piseanna a bhaint an t-earrach seo caite gur iniúch mé an ithir sa cheapach ardaithe a raibh siad ag fás inti. (B’in an chéad cheapach le faibric fúithi a thóg mé breis agus dhá bliain ó shin.) Agus ní sásta a bhí mé leis an ithir. Deacair an ‘cén fáth’ a mhíniú. Mé cosúil le sean-lia clainne a mbíonn a fhios aige ó gcéad amharc, agus gan oiread is focal a bheith eatarthu, go bhfuil ‘rud éigin’ ag cur as d’othar dá chuid. I gcás na hithreach sin, bhí imir d’easláinte ag baint léi. Imir de léithe agus méadú ar a comhghreamaitheacht maille le boladh neamh-friseáilte, mheas mé. Is ‘oll-alpairí’ (gross feeders) iad piseanna, ach níor chreid mé gurbh in ba chúis le staid na hithreach.

An lá dár gcionn, rinne mé samplú le súpchanna folamh ar thrí cheapach; an ceann thuas (1), an ceann den déanamh céanna a tógadh bliain ó shin (2) agus sean-cheapach nach raibh faibric fúithi (3). Ba iad na cuiteoga a chomhaireamh mé agus seo an coibhneas a bhí eatarthu.

(1) 20, (2) 40, (3) 120

5 comments:

  1. Agus ar rinne tú athlonnú ar chuid acu?

    ReplyDelete
  2. Tar éis iad a chomhaireamh, neadaigh mé arís iad ina gceapacha dúchais, mar is cóir, mar is ceart.

    ReplyDelete
  3. Conas a leigheasfaidh tú an ithir lag mar sin?

    ReplyDelete
  4. Fan go bhfeicfir deireadh na heachtra.

    ReplyDelete