Saturday, October 29, 2011

Go Luath is Gan Staonadh



Bhíothas á thuaradh le lá nó dhó anuas; leath-throigh sneachta roimh dheireadh na míosa. Agus, by dad, tháinig an tuar faoin tairngreacht mar a fheiceann sibh sna pictiúir thuas; ceann dara agus crann aitil. Seo titim as an ngnáth. Níorbh ionadh calóg nó dhó roimh thús Mhí na Samhna, ach leath-throigh! A leithéid. Bhí séidire sneachta nua le bheith seachadta chugainn inniu agus tá mé ag ceapadh nach féidir le carr an chomhlachta an fána suas ár sráid a shárú. Tine, bia agus deoch, iad uilig againn agus tuilleadh. Mé ag ceapadh nach baol dúinn, agus le titim na hoíche, seans go suífidh An Cosantóir liom go ndéanfaimid Yuki mi Zake; deoch a bhlaiseadh agus tú ag féachaint ar sneachta ag titim.

Sunday, October 23, 2011

Eadarlúid Ghearr



Tagairt Dennis do ‘bhallaí cloiche’ New England, spreag sí mé chun cúpla focal a scríobh fúthu, focail nach mbaineann le mo streachailt féin le hithir na háite seo. An tráth ar tháinig na hEorpaigh, Sasanaigh den chuid is mó, isteach sa taobh seo tíre, ba é a fuair siad rompu coillte, coillte agus a thuilleadh coillte. Go deimhin, thugtaí ‘Woodland Indians’ ar na bundúchasaigh. Níor shaothraigh siadsan an talamh ach amháin i dtuilemhánna ar nós gleann an Connecticut River, mar a fhástar tobac den scoth go fiú inniu. Pé ar bith é, cheannaigh nó ghoid na heachtrannaigh an talamh, leag na crainn, réab na stumpaí agus chrom ar threabhadh.

Glún anonn, bhíodar marbh leis an ocras nó bailithe leo to Pennsylvania. An corrdhuine a d’fhan sna bólaí seo, chuir sé crainn san áit a raibh crainn cheana, ach an uair seo cuireadh crainn úll, piorra agus silín. Tá a n-iarsmaí siúd le feiceáil fós ar an sráid seo ‘gainne, ceann díobh a bhásaigh in ár ngairdín féin thart ar chúig bliana ó shin in aois breis is dhá chéad bliain. Féadtar crainn a chur gan na carraigeacha agus na clocha uilig a dhíbirt as an talamh. Na carraigeacha a baineadh as an talamh, caitheadh ar leataobh iad agus sa deireadh tógadh ballaí astu chun teorainneacha a mharcáil agus an corrstoc a shrianadh. Tá na ballaí sin le feiceáil i ngach baile beag ar fud New England agus ar gach taobh de na fobhóithre suimiúla a shíneann anseo agus ansiúd ó cheann ceann an réigiúin.
In ár gcás féin tá iarsma de bhalla mór cloiche ag bun an ghairdín agus bhaineamar a leithéid chéanna de bhalla ón ár ngairdín ar thaobh an bhóthair. Comharsa linn, d’atóg sé cuid mhaith de sheanbhalla agus sin atá sna pictiúir thuas. Féach, áfach, gur gá na ballaí céanna a dheisiú go rialta nó thiteann siad as a chéile le himeacht ama.

Friday, October 21, 2011

Ré Nua sa Ghairdín


Ba é ba chúis dúinn cloí le ceapacha ardaithe, boichte na talún mar aon le heaspa ama, eolais agus taithí. Cuimhnigh go raibh an bheirt againn ag obair i bhfad ó bhaile agus na páistí fásta scaipthe. Creid é nó na creid, ach tá sé i bhfad níos éasca ceapach ardaithe a thógáil agus a líonadh le múirín ná a chóimhéid de thalamh aimrid clochach a thabhairt chun míntíreachais.

Seans gur cuimhin libh go ndúirt mé tamall ó shin go raibh seasamh An Chosantóra i gcoinne fál ag dul i léig. Tharla go raibh sí ag caint le comharsa linn agus d’inis an bhean chéanna di go raibh a céile sise tar éis fál leictreach a chur timpeall ar a phaiste beag glasraí chun iad a chosaint ar na fianna.

Ba leor sin chun seasamh mo chéile a athrú. Thóg mé an fál mí ó shin agus mise ag rá libh gurbh achrannach an jab é. Beagán thar 6 throigh ar airde agus mogall dubh plaisteach crochta ceangailte leis na cuaillí alúmanaim . Thart ar 2,300 troigh cearnach iata istigh agus geata breá so-ghluaiste ag gabháil leis. “An-jab,” dar léi.

Á, sea, an ré nua sin? Cheannaigh mé ‘burro’ agus chrom ar an talamh a threabhadh, na clocha a bhaint as agus gach pioc múirín a bhí againn a shaothrú/ionchorprú isteach sa phúdar a bhí fágtha tar éis clocha agus carraige a thabhairt chun siúil. Clocha agus carraige!! Seo figiúr daoibh: tonna díobh bainte as paiste talún de 150 troigh cearnach. An tonna céanna, is meastachán é, ach, mar is dual dom, is cuibheasach cruinn mar mheastachán é.

Sin mise agus an burro sa phictiúr agus íomhá de Naomh Fiacra ag crochadh ar an ngeata. Beidh mapa an ghairdín agus a bhfuil pleanáilte agam a dhéanamh ann agam daoibh i gceann seachtaine nó mar sin.

Wednesday, October 19, 2011

Cá dTéanna na Cuiteoga sa Gheimhreadh? (a chríoch san)

In Oirthuaisceart na Stát Aontaithe mar a bhfuil cónaí ormsa, siad na cuiteoga is tábhachtaí Eisenia foetida agus Lumbricus terrestris. Gan an scéal a dhéanamh ró-chasta is Múiríneadóir é Eisenia agus is Tochaltóir é Lumbricus agus oibríonn siad as lámh a chéile; an múirineadóir ar a dhícheall ag déanamh múirín as giotaí glasa is donna de phlandaí, agus a leathbhádóir, an tochaltóir, ag breith an múirín anuas ón dromchla. Caitheann ár gcara Eisenia a shaol ar dhromchla an domhain agus bíonn Lumbricus ag síorthaisteal síos suas.

(Aisteach an rud é, ach dealraíonn nach cuiteoga dúchasacha iad ceachtar den dá oibreoir seo.) Pé ar bith é is dual do 90+% d’Eisenia bás a fháil leis an gcéad dhúshioc tar éis dó/di (iad hermeafróiditheach) cistí fuachtdhíonacha lán uibheacha a fhágáil san ithir. Meastar go n-éalaíonn roinnt de na tochaltóirí ón bhfuacht trí thochailt síos faoi bhun na síoclíne (méadar sna bólaí seo). Mura gcoimeádtar coibhneas réasúnta idir an dá shórt cuiteog, teipeann ar an gcóras agus b’in a tharla i mo cheapach, an chéad cheann le faibric fúithi. Níor fhéad Lumbricus tochailt tríd an bhfaibric agus dá bharr sin, bhí Eisenia bocht ar maos i múirín a bhí ag dul ó rath.

An fhuascailt? Well, ní thógfaidh mé aon cheapacha ardaithe as seo amach. Maidir leis an dá cheann a bhfuil faibric fúthu, bainfidh mé an faibric as ceann díobh agus déanfaidh mé iarracht meascán de cuiteoga úra a choimeád leis an gceann eile. Ach, a deir tú,
“Nach bhfuil do gharraíodóireacht uilig bunaithe ar cheapacha ardaithe?”
“Tá.”
“Mar sin an bhfuil fút tabhairt suas de bheith ag fás stuif?”
“Níl, ar chor ar bith, ach tá deireadh ré sroichte agam maidir le ceapacha ardaithe agus sa chéad nóta eile nósfaidh mé daoibh cad é an treo nua atá fúm.”

Monday, October 17, 2011

Cá dTéann na Cuiteoga sa Gheimhreadh (Cuid a Dó)

An té atá gafa leis an ngarraíodóireacht bíonn an-suim aige san ithir agus taithí agus eolas aige dá réir; a dath, a lámh-mhothú, a cuma/dreach, a brisce agus a comhghreamaitheacht, agus go fiú a boladh.

Tharla, tar éis dom na piseanna a bhaint an t-earrach seo caite gur iniúch mé an ithir sa cheapach ardaithe a raibh siad ag fás inti. (B’in an chéad cheapach le faibric fúithi a thóg mé breis agus dhá bliain ó shin.) Agus ní sásta a bhí mé leis an ithir. Deacair an ‘cén fáth’ a mhíniú. Mé cosúil le sean-lia clainne a mbíonn a fhios aige ó gcéad amharc, agus gan oiread is focal a bheith eatarthu, go bhfuil ‘rud éigin’ ag cur as d’othar dá chuid. I gcás na hithreach sin, bhí imir d’easláinte ag baint léi. Imir de léithe agus méadú ar a comhghreamaitheacht maille le boladh neamh-friseáilte, mheas mé. Is ‘oll-alpairí’ (gross feeders) iad piseanna, ach níor chreid mé gurbh in ba chúis le staid na hithreach.

An lá dár gcionn, rinne mé samplú le súpchanna folamh ar thrí cheapach; an ceann thuas (1), an ceann den déanamh céanna a tógadh bliain ó shin (2) agus sean-cheapach nach raibh faibric fúithi (3). Ba iad na cuiteoga a chomhaireamh mé agus seo an coibhneas a bhí eatarthu.

(1) 20, (2) 40, (3) 120

Saturday, October 15, 2011

Cá dTéann na Cuiteoga sa Gheimhreadh? (Cuid a hAon)

Seans maith ann nár rith an cheist sin leat riamh. Agus níor rith sí liomsa go dtí le déanaí. Fanaigí liom, mar sin, a chairde, mar measaim gur suimiúil an scéal atá agam daoibh. (An focal sin ‘cuiteog’, ionann é agus ‘péist talún’).

Toisc a shuaraí is atá an ithir in ár ngabháltas, ba ar cheapacha ardaithe a dhírigh muid agus muid ag dul ag fás bláthanna, torthaí agus glasraí. Thóg mise na ceapacha as bíomaí adhmaid agus líon iad le múirín a rinneadh as duilleoga an fhómhair agus scothanna féir na faiche.

Bhí go maith agus ní raibh go holc ach bhí fadhb amháin leis na ceapacha ardaithe: méithe na hithreach iontu a mheall fréamhacha crann chun tochailt faoi na bíomaí isteach sna ceapacha agus mar is eol daoibh, tá muid teanntaithe le crainn. Well, d’fhulaing muid na fréamhacha céanna, ní hamháin sna ceapacha, ach san dá chró múirín freisin agus bí ag caint faoi thranglam sa chás sin.

Ansin, dhá bhliain ó shin thóg mé ceapach nua agus faibric talún feadh an urláir agus faoi bhun na mbíomaí. An faibric sin, ligeann sí gáis agus uisce tríthi, ach coscán sí chuile rud eile. Rinne mé an rud céanna bliain ó shin. Bhí buaite agam ar na fréamhacha, nach raibh? Gan aon agó, bhí.
Ach ní mar a shí…………………

Friday, October 7, 2011

Nótaí Garraíodóireachta

Is den nádúr é go bhfásann crainn agus go dtagann airde orthu. Na crainn is túisce síneadh chun spéir, siad is túisce a éagann; conbhaiscní agus céadair mar shampla. Le fás na gcrann malla tagann leathnú ar a scáth agus i ndeireadh na dála dúnann ceannbhrat an duilliúir (the canopy) agus b’in ba chúis liom scaradh inné le sraith plandaí a raibh gaol agus meas eadrainn ar feadh suas le scór bliain. Na giolcaigh sú craoibhe atá i gceist agam. Le tamall de bhlianta bhí an dtairge ag dul i laghad agus chuir Irene an caidhp-báis ag an scéal. Inné, tar éis dom suíomh nua a ullmhú dóibh, suíomh glanta de chlocha agus méith le dea-ithir agus múirín, réab mé na sean-ghiolcaigh as an talamh, roghnaigh na fréamhacha ab fhearr, fiche díobh, agus chuir ceann ar cheann sa suíomh nua iad. An fuílleach, dhá bharr-rotha de, d’iompair mé go dtí an dumpa é agus d’fhág slán leis.

As seo go dtí deireadh na bliana, is faoin ngairdín nua a bheidh mé ag blagáil agus súil agam go gcuirfidh sibh suim agus go mbainfidh sibh taitneamh as a mbeidh le rá agam.