Monday, September 12, 2011

Tomhais agus Meáigh agus Comhair



Tráth dá raibh, b’ionadh le Dennis go raibh a fhios agam go dtí an punt is giorra cá mhéad súnna craoibhe a bhí bainte agam an bhliain sin. Ach sin is nádúr dom; tomhais, meáigh agus comhair. Ar ndóigh, is féidir dul thar fóir lena leithéid, ach ó uair go chéile, nochtar iontas beag duit.

I mbliana bhain mé 80 punt prátaí as an dá cheapach bheaga ardaithe ina raibh siad ag fás. Iad breá mar phrátaí, mar a fheiceann sibh sa phictiúr. Agus mé ag fáiltiú rompu, rith ceist liom. Ar mhaith mar bharr é? Conas ar sheas sé i gcomparáid leis an bhfeirmeoireacht phroifisiúnta? Ní túisce ceist ná meáigh, tomhais agus ríomh.

80 punt/64 troigh chearnach = 27.3 tonna/acra.
Gnátairgeacht prátaí in Idaho: 19.5 tonna/acra. (tonna Meiriceánach: 2000 punt = tonna)

Ar ndóigh, ba mhéithe m’ithir ná a n-ithir siadsan, doimhne 2.5 troigh d’ithir mhéith dhubh agus mar a dúirt mé i gcás turgnamh eile, is do-dhéanta tátal a bhaint as turgnamh le N=1.

3 comments:

  1. Seo daoibh leagan ceartaithe. Chuaigh an ponc ar strae uaim.

    ReplyDelete
  2. Is an-éifeachtach an garraí beag atá agat, bail ó dhia ort! Cheannaigh mé mála beag de phrátaí “mirlíní” an lá cheana, iad bán, corcra agus rua, gach ceann acu go hálainn (agus orgánach). Bhí siad thar a bheith blasta!

    ReplyDelete
  3. Níor luaigh mé an focal ‘orgánach’ i gcás na bprátaí mar is deacair dom práta neamhorgánach a shamhlú. Pé ar bith é, ní raibh in ithir na gceapacha ach ithir, múirín agus clúdach tiubh de dhuilleoga dara. Is fíor, áfach, a luaithe is a chonaic An Cosantóir dhá chiaróg Colorado, gur spréigh mé an duilliúr chun fáil réidh leo.

    ReplyDelete