Sunday, September 11, 2011

An Lá Atá Inniu Ann

Deich mbliana, agus gan smacht agam fós ar na deora ar chuimhneamh dom an lá úd. An fhearg tráite roinnt, ach an cumha agus an dólás ina mbeo ionam i gcónaí.

“Níl cara ag cumha ach cuimhne”, a deirtear, agus um an taca seo bliana tagann an bhrionglóid chéanna chugam istoíche; daoine ag léim as na túir.

Cuí an chéad léamh ag an Aifreann inniu.

“Fearg agus fraoch, is duáilcí déistineacha iad sin.” (Síorach, 27, 30) agus nach dó sin a bhí Áine ag tagairt le déanaí agus nárbh in b’ábhar do sheanmóir an tsagairt ar maidin? Ach ba é a bhí mar cheirín ar m’intinn shuaite ná an t-iomann le linn Comaoineach.

‘And I will raise them up, and I w ill raise them up, and I will raise them up on the Last Last Day.’ (I Am The Bread of Life, le Suzanna Toolan.)

2 comments:

  1. Deacair rud stuama a rá faoi fogha uafásach mar é, agus a iarmhairtí atá fós linn. Níl rialacha an cineáil seo cogaidh oibrithe amach fós againn. Ná modh ceart chun an dochar do saonta a chosc nó a laghdú.

    ReplyDelete
  2. @ an cumha agus an dólás ina mbeo ionam i gcónaí.

    Ní maith liom do thrioblóid, a chara.

    ReplyDelete