Saturday, August 27, 2011

Leigheas ar Ghealtacht-II

Well, táimse ag rá libh, a chairde, b’in an stuif dearfa, an stuif ar thagair Dennis dó agus ar chinn mé triail a bhaint as. Ag féachaint dom anois ar mo réamh-nótaí, feicim go raibh fúinn coicís a chaitheamh leis an turgnamh. Agus níor choicís go dtí í.

Dealraíonn go raibh an fíor-stuif agamsa agus an placebo ag mo chomhpháirtí. Bhfuil a fhios agaibh, ón gcéad lá ar shlog mé an cógas, mheas mé go raibh mé in Éirinn; mé ag bualadh le clann, gaolta agus cairde, ag ithe nua gach bia agus sean gach dí, gan scamall sa spéir ná braon báistí san aer. Chuile dhuine fial flaithiúil, an saol mór gnóthach saothrach, murab ionann agus áiteanna eile san Eoraip.

Dá mbeadh teacht ag an daoscarslua ar an stuif seo, dhéanfaí an-dochar do thionscal na turasóireachta. Samhlaigh é; daoine ag luí siar sa leaba agus cuairt shamhalta á thabhairt acu ar a rogha áite agus gan de chostas orthu ach an méid a bheadh ar an gcógas.

Tar éis comhairle a ghlacadh le daoine a bhfuil muinín agam astu, tá beartaithe againn gan torthaí an turgnaimh a fhoilsiú agus guím oraibhse, a chairde, gan an rún a bhriseadh.

An t-aon rud amháin nach dtuigim ná go bhfuil laghdú suntasach ar mo chuntas bainc. Ní foláir go raibh teacht ag bradaí ar mo chuntas agus mé i lár na brionglóide. Ach, ní mór an chaill í, mar de réir dlí, ní bheidh mé i bhfiacha ach ar $50. B’fhiú an t-aistear an chaill.

3 comments:

  1. Inis dúinn arís, cá bhfuair tú na comhábhair? Diagon Alley?

    Bainigí sult (?) as an aimsir “mhór” atá chugaibh!

    ReplyDelete
  2. Caithfidh sé gur chaith mise an stuif céanna, mar sílim go raibh tráthnóna amháin den fhís céanna againn!

    ReplyDelete
  3. Sin gné eile den bhaol a bhaineann leis an stuif sin; cuireann sé an dubh ina bhán ar dhaoine a bhuaileann leis an té a shlogann. Sé sin le rá go súnn sé isteach san ‘aisling’ iad. Breis is 30 bliain caite agam leis an taighde cógaiseolaíochta agus seo an chéad uair a leithéid feicthe agam. Avae leis nó beidh an CIA agus leithéid MI-5 sa tóir air.

    ReplyDelete