Tuesday, August 30, 2011

Deireadh le Bus a 19


Ar éigean ar chreid mé é. Deireadh á fhógairt le céadbhus mo chroí; an bus a thóg muid ó Rialto go Kelly’s Corner gach re sheachtain (cf. An Pram Ualaithe) chun cuairt a thabhairt ar mhuintir mo mháthar; an bus a thóg mé ar maidin chun freastal ar Choláiste Mhuire agus a rug abhaile mé san iarnóin; an bus ar thaistil mé go Colún Nelson tráth a raibh mé ag suirí leis an leathchúpla Bernadette. Deireadh leis?

Scéalta agam faoin 19. Geimhreadh 1947, geimhreadh a shín ó Mhí na Samhna go dtí deireadh Aibreáin agus sneachta buan ar an talamh i rith Mí Mhárta agus Aibreáin. Cuimhin liom go raibh an mhóin a seachadadh go dtí scoil Náisiúnta Rialto fliuch go leor agus é ag dul rite ar an mbean bhocht a bhí ina feighil an foirnéis a lasadh. Ár gcótaí móra orainn feadh an lae, an chuid dínn a raibh cóta mór againn.

Cuimhin liom mo mháthair ag cur mála luaithrigh isteach im lámha agus mé ar tí dul ar an scoil. Sea, luaithreach.
“Give it to the poor busman,” ar sí. Agus ní mise amháin a bhí ag déanamh amhlaidh. Chaití an luaithreach faoi rothaí an bhus (bus a 19, ar ndóigh) chun tarraingt bhreise a thabhairt dóibh agus iad sáite sa bhogoighear. Ba ag an Rialto Market a bhí ceann aistir an 19 agus ar chúis éigin bhí fána síos ag an mbóthar sa áit sin. Ó Rialto go Glas Naíon ba bhealach don 19 ag an am agus cad a bhí i nGlas Naíon? Bhí an reilig mhór, ar ndóigh, ach thairis sin bhí “The Bots”. Ní hamháin go raibh na Bots fíorshuimiúil ach b’iontach an áit í agus déagóir ag iarraidh cluain bheag a imirt ar ghirseach. Á, mo ghraidhin é an 19.

2 comments:

  1. Ábhar scéalta? Teideal an chéad chnuasaigh eile? Inné agat mar chiste, agus i lúb an naoi déag a bhaintear an cluiche?

    ReplyDelete
  2. Ní bus a 19 atá sa phictiúr agam, ach ní raibh teacht agam ar an íomhá ceart. Leyland múnla 1947 atá ann agus b’in an bus a chaití an luaithreach faoi.

    Bíonn sé de nós ag mo chara Aonghus bheith am’ ghríosadh chun pinn. Meas sibh go bhfuil sé in am dó féin tacar alt faoina shaol pearsanta agus proifisiúnta sa Ghearmáin a bhronnadh orainn? Tá tobar mo Dhub-chuimhní geall le bheith triomaithe.

    ReplyDelete