Tuesday, August 30, 2011

Deireadh le Bus a 19


Ar éigean ar chreid mé é. Deireadh á fhógairt le céadbhus mo chroí; an bus a thóg muid ó Rialto go Kelly’s Corner gach re sheachtain (cf. An Pram Ualaithe) chun cuairt a thabhairt ar mhuintir mo mháthar; an bus a thóg mé ar maidin chun freastal ar Choláiste Mhuire agus a rug abhaile mé san iarnóin; an bus ar thaistil mé go Colún Nelson tráth a raibh mé ag suirí leis an leathchúpla Bernadette. Deireadh leis?

Scéalta agam faoin 19. Geimhreadh 1947, geimhreadh a shín ó Mhí na Samhna go dtí deireadh Aibreáin agus sneachta buan ar an talamh i rith Mí Mhárta agus Aibreáin. Cuimhin liom go raibh an mhóin a seachadadh go dtí scoil Náisiúnta Rialto fliuch go leor agus é ag dul rite ar an mbean bhocht a bhí ina feighil an foirnéis a lasadh. Ár gcótaí móra orainn feadh an lae, an chuid dínn a raibh cóta mór againn.

Cuimhin liom mo mháthair ag cur mála luaithrigh isteach im lámha agus mé ar tí dul ar an scoil. Sea, luaithreach.
“Give it to the poor busman,” ar sí. Agus ní mise amháin a bhí ag déanamh amhlaidh. Chaití an luaithreach faoi rothaí an bhus (bus a 19, ar ndóigh) chun tarraingt bhreise a thabhairt dóibh agus iad sáite sa bhogoighear. Ba ag an Rialto Market a bhí ceann aistir an 19 agus ar chúis éigin bhí fána síos ag an mbóthar sa áit sin. Ó Rialto go Glas Naíon ba bhealach don 19 ag an am agus cad a bhí i nGlas Naíon? Bhí an reilig mhór, ar ndóigh, ach thairis sin bhí “The Bots”. Ní hamháin go raibh na Bots fíorshuimiúil ach b’iontach an áit í agus déagóir ag iarraidh cluain bheag a imirt ar ghirseach. Á, mo ghraidhin é an 19.

Monday, August 29, 2011

Irene

Cairde linn, le déanaí d’aistrigh siad ó New Haven go baile i bhfad níos lú na é, baile nach bhfuil chuile theach ann ceangailte leis an gcóras séarachais ná leis an gcóras dáileadh uisce. Ionann sin is a rá go bhfuil tobar agus dabhach seipteach acu. Agus Irene ag déanamh orainn, chuir mé glaoch chucu féachaint ar thuig siad cad a bhí i ndán dóibh; teip leictreachais = teip solais; teip leictreachais = teip tobair = teip uisce = teip séarachais. Ina theannta sin mura bhfuil an leictreachas agat ní oibríonn an sumpchaidéal agus tá baol ann go n-éireodh an t-uisce san íoslach.

D’fhoghlaim mise an cheacht seo agus mé im chónaí i mbruachbhaile de chuid Indianapolis tráth a bhí mé fostaithe ag Eli Lilly. Tornadónna a bhíodh ár gciapadh sa ‘Midwest’ ach is ionann toradh orthu siúd agus Hurracháin anseo i ngar don chósta thoir. Níor theip ar leictreachas ár gcairde ach bhain méid na réamhchúramaí a bhí orthu a ghlacadh stangadh astu; uisce (an folcadh a líonadh maille le roinnt buicéad), raidió cadhrach a ullmhú, bia a cheannach maille le málaí móra oighir agus breosla adhmaid a bhailiú isteach ar eagla go mbeadh orthu uisce a théamh nó dul ag cócaireacht, fiú, ar an tine. Amárach beidh cur síos agam maille le pictiúir ar Shlad Irene ar chúram Chosantóir na mBilí.

Saturday, August 27, 2011

Leigheas ar Ghealtacht-II

Well, táimse ag rá libh, a chairde, b’in an stuif dearfa, an stuif ar thagair Dennis dó agus ar chinn mé triail a bhaint as. Ag féachaint dom anois ar mo réamh-nótaí, feicim go raibh fúinn coicís a chaitheamh leis an turgnamh. Agus níor choicís go dtí í.

Dealraíonn go raibh an fíor-stuif agamsa agus an placebo ag mo chomhpháirtí. Bhfuil a fhios agaibh, ón gcéad lá ar shlog mé an cógas, mheas mé go raibh mé in Éirinn; mé ag bualadh le clann, gaolta agus cairde, ag ithe nua gach bia agus sean gach dí, gan scamall sa spéir ná braon báistí san aer. Chuile dhuine fial flaithiúil, an saol mór gnóthach saothrach, murab ionann agus áiteanna eile san Eoraip.

Dá mbeadh teacht ag an daoscarslua ar an stuif seo, dhéanfaí an-dochar do thionscal na turasóireachta. Samhlaigh é; daoine ag luí siar sa leaba agus cuairt shamhalta á thabhairt acu ar a rogha áite agus gan de chostas orthu ach an méid a bheadh ar an gcógas.

Tar éis comhairle a ghlacadh le daoine a bhfuil muinín agam astu, tá beartaithe againn gan torthaí an turgnaimh a fhoilsiú agus guím oraibhse, a chairde, gan an rún a bhriseadh.

An t-aon rud amháin nach dtuigim ná go bhfuil laghdú suntasach ar mo chuntas bainc. Ní foláir go raibh teacht ag bradaí ar mo chuntas agus mé i lár na brionglóide. Ach, ní mór an chaill í, mar de réir dlí, ní bheidh mé i bhfiacha ach ar $50. B’fhiú an t-aistear an chaill.