Monday, July 18, 2011

Barr Nua


Agus mé ag cur bailchríoch ar mo lusghairdín, bhíos ag póirseáil i dteach gloine “Farmer Joe” a bhfuil ionad taobh bóthair aige i bhfogas leathmhíle óm ghairdín féin. Ionann ‘ionad taobh bóthair’ agus roadside stand, rud a cheadaítear sa bhaile beag seo fad is a thagann formhór an táirge ó thailte an úinéara. Ar thóir Dragan Francach a bhí mé agus rug mé ar dhá phlanda bhreátha. Agus mé ag díol astu, leagas súil ar phlanda nár áitheann mé.

“Sin Stevia,” arsa bean an úinéara. “Na duilleoga thar a bheith milis agus breá le cogaint.” Cheannaigh mé péire agus táid ag fás leo féin i gceapach thrialach féachaint conas mar a éiríonn leo. Go nuige seo tá an-fhás fúthu agus is fíormhilis na duilleoga, dar liomsa agus dar leis an mbeirt gharmhac a bhí anseo le déanaí. Mé chun duilleoga fásta a bhaint uair sa tseachtain agus iad a chur ag triomú ar an lusbhalla atá tógtha agam.

Ar ndóigh, ní túisce nua ná ceist. Más spéis leat a bhfuair mé ar Wikipedia, déan cuardach ar Stevia rebaudiana. Má tá éinne a léann m’fhocail ina cheimiceoir/bhithcheimiceoir nó a leithéidí, ionadh liom cobhsaíocht na gliocóiside (Stevioside). Deir tuarascáil a léigh mé ar Wiki gurb amhlaidh dó.

5 comments:

  1. Bhain mé triail as an bplanda seo ± 10 mbliana ó shin. Níor thaitin an aeráid anseo i Seattle leis. Go n-éirí an t-ádh leatsa!

    Thug mé féin cuairt ar an bplandlann inné. Tháinig mé abhaile le peirsil, tím, sáiste, agus (ó bhí marós agam cheana féin) shiso, iad seo uilig le haghaidh potaí ar an deic.

    Tá an chuid eile de na Stáit ag róstadh de réir dealraimh -- tonn teasa ag leathnú amach ó lár na tíre, ach tá an Pacific Northwest níos fuaire ná mar is iondúil -- fós.
    :-(

    ReplyDelete
  2. Cén leas a mbaineann tusa as Shiso?

    ReplyDelete
  3. Níl mé cinnte fós. Sailéidí? Taitníonn an blas go mór liom, ach ní dhearna mé cócaireacht leis riamh. Is i mbialanna - Seapánacha agus eile - a fhaighim é.

    ReplyDelete
  4. Sin mo thaithí air, freisin, ach é i gcónaí ámh. Breá liom é ar mhias de sashimi fíor-úr. Glanann sé an béal as an nua le gach blas.

    ReplyDelete
  5. Beidh 'peirsil, tím, sáiste, marós agus shiso' agat agus seans an go mbeidh ar do chumas iad a choimeád ag fás i rith na bliana. An lusbhalla a luaigh mé le déanaí, níl ann ach an balla síos go dtí an
    t-íoslach. É tofa agam toisc go mbíonn leoithne triomaithe aeir ann i gcónaí.

    ReplyDelete