Monday, July 25, 2011

Téarmaíocht

Agus mé ag scríobh píosa faoi staid na dtrátaí, thugas faoi deara nach raibh an téarma do ‘determinate’‘indeterminate’ agam. Baineann an dá focal seo le planda a aibíonn a toradh go léir ag an am céanna (go comhuaineach; determinate), nó thar tréimhse áirithe, (go neamhchomhuaineach; indeterminate).

Sheol mé amach an cheist agus seo thíos an freagra a fuair mé ó Julie O’Farrell ag Foras na Gaeilge.

“Más rud é go bhfuil tú ag iarraidh ‘gnáth-Ghaeilge’ a úsáid ar an mblag, moltar an méid seo a leanas:

Tá 'go comhuaineach', an rud a bhí ag an bhfiosraitheoir, go maith i gcás 'determinate' sa chomhthéacs seo, agus d'fheilfeadh 'go leanúnach' i gcás 'indeterminate'. 'Aibíonn speicis áirithe trátaí i gceann tréimhse cinnte/ ag tráth cinnte, agus aibíonn siad go léir le chéile; aibíonn an speiceas eile trátaí go leanúnach ar feadh an tsamhraidh/ ar feadh na tréimhse fáis/ó Mheitheamh go Deireadh Fómhair' mar shampla.

Ach más rud é gur saintéarma teicniúil atá uait, moltar:

Speicis trátaí a mbíonn tréimhse aibiúcháin chinnte (determinate) acu, agus speiceas trátaí a mbíonn tréimhse aibiúcháin neamhchinnte aige, agus a rá go mbíonn na trátaí sin ag aibiú go leanúnach ar feadh an tsamhraidh."

Dar liomsa, a chomhbhlagalaithe, cé gur sothuigthe na téarmaí thuasluaite, is amscaí iad. So, a chairde na mblag, moltaí blasta fileata gonta agaibh?

Wednesday, July 20, 2011

An Práta Íseal?

Agus mé ag caitheamh súil ar alt san Irish Times le déanaí, tháinig mé ar chur síos aineolach easnamhach ar an taighde atá déanta ag lear mór saotharlanna ar ghéineacha an phráta. Tharla go raibh saotharlann le TEAGASC bainteach leis an taighde, ach féach ar a raibh mar cheannlíne ag an Times:

Teagasc helps map DNA of humble spud

Tabhair faoi deara gur ‘humble spud’ a thugtar ar cheann de na barra is tábhachtaí ar domhan. Ar chuala tú éinne, an Irish Times, an NOTW fiú, ag tabhairt ‘humble wheat’ ar chruithneacht, nó ar eorna, nó coirce, nó seagal, nó go fiú ar rís nó ar an ngrán buí? Beag an seans, ach toisc an bhaint i smaointe cineál áirithe duine idir an práta agus Na Paddies, ní haon ionadh go mbeadh ‘the humble spud’ ag roinnt de na nuachtáin Shasanacha, agus dá bharr sin, mo léan, ag an Irish Times.

Trua sin, mar tá na cineálacha prátaí a fhástar go forleathan thar a bheith ionphóraithe agus dá bharr sin arís, soghabhálach do lear mór galair. Tá thart ar 1,500 cineál práta ar fáil i Meiriceá Theas. Is oidhreacht na mbundúchasach iad, barr a d’fhorbair siad leis na mílte bliain agus saibhreas dothomhaiste feirmeoireachta ceilte iontu. Humble? Uasal, a mhic, UASAL, a deirimse.

Monday, July 18, 2011

Barr Nua


Agus mé ag cur bailchríoch ar mo lusghairdín, bhíos ag póirseáil i dteach gloine “Farmer Joe” a bhfuil ionad taobh bóthair aige i bhfogas leathmhíle óm ghairdín féin. Ionann ‘ionad taobh bóthair’ agus roadside stand, rud a cheadaítear sa bhaile beag seo fad is a thagann formhór an táirge ó thailte an úinéara. Ar thóir Dragan Francach a bhí mé agus rug mé ar dhá phlanda bhreátha. Agus mé ag díol astu, leagas súil ar phlanda nár áitheann mé.

“Sin Stevia,” arsa bean an úinéara. “Na duilleoga thar a bheith milis agus breá le cogaint.” Cheannaigh mé péire agus táid ag fás leo féin i gceapach thrialach féachaint conas mar a éiríonn leo. Go nuige seo tá an-fhás fúthu agus is fíormhilis na duilleoga, dar liomsa agus dar leis an mbeirt gharmhac a bhí anseo le déanaí. Mé chun duilleoga fásta a bhaint uair sa tseachtain agus iad a chur ag triomú ar an lusbhalla atá tógtha agam.

Ar ndóigh, ní túisce nua ná ceist. Más spéis leat a bhfuair mé ar Wikipedia, déan cuardach ar Stevia rebaudiana. Má tá éinne a léann m’fhocail ina cheimiceoir/bhithcheimiceoir nó a leithéidí, ionadh liom cobhsaíocht na gliocóiside (Stevioside). Deir tuarascáil a léigh mé ar Wiki gurb amhlaidh dó.

Monday, July 11, 2011

Nótaí ón nGairdín 3

Agus na trátaí ag at, cé glas fós iad, chuaigh mé féachaint inné cá mhéad próca a bhí agam ar na seilfeanna san íoslach. Go dtí le déanaí bhí na prócaí scaipthe in áiteanna éagsúla thíos, ach tar éis gur bhuail taom néatú An Cosantóir, tá chuile cheann díobh in ord agus in eagar de réir méid agus cineáil ar na seilfeanna nua a cheannaigh sí dóibh. Iad bailithe agus seiceáilte agam, bhí lán ár miasniteora de phrócaí glana agam faoi dheireadh an lae. N’fheadar an bhfuil a leithéid agaibh in Éirinn, ach is iad ‘Mason Jars’ na prócaí a mbainim úsáid astu agus mé ag ‘cannú’ trátaí, piorraí, anlann de chuile shórt agus subh is glóthach milis. Is féidir na prócaí a ath-úsáid le claibíní nua a fhad is nach mbíonn máchail ar an ngloine.

Sea, tá na trátaí ag at, an méid díobh nach bhfuil ite ag na fianna. Cuimhin libh gur luaigh mé anuraidh go raibh ‘Taibhse Préachán’ ceannaithe agam chun barra a chosaint? Well, i mbliana, tá na fianna bradacha chomh líonmhar agus chomh hamplach sin gur gá dhá thaibhse chun ceapach amháin trátaí a chosaint. (Mé ag caint anois faoi fál slabhrach a chur thart timpeall ar thrian dár ngairdín, agus creid é nó ná creid, ach tá An Cosantóir ag éisteacht liom an tráth seo!!!)

Tá na biatais agus na cairéid bainte agam; na biatais, iad álainn úr agus gan thar méid liathróid gailf i gceann ar bith díobh, táid bruite ite agus an farasbarr i bprócaí le fínéagar caolaithe. Na cairéid bhriosca, an méid díobh nár ith muid, bronnadh ar na comharsana iad. Beidh barr mór biatas agus cairéad agam sna fhómhar, iad curtha sna ceapacha a bhfuil na trátaí agus na prátaí iontu faoi láthair.

Tá an luibh-ghairdín ag dul ó neart go neart, an feachtas triomaithe ag dul ar aghaidh de shíor. Muid chun pesto basal a dhéanamh an tseachtain seo chugainn. (‘peisteo’ atá ag focal.ie, ach ní maith liom an cruth atá ar an bhfocal sin.)

Saturday, July 2, 2011

Molta ag Titley!!

Is annamh, dar liomsa, a bhíonn an focal moltach ag Alan Mór Fionn Titley, údar arbh fhearr leis bheith ag feannadh agus ag sciolladh ná ag moladh, ach le fíordhéanaí leath sé moladh agus tuilleadh ar shaothair Bhreandáin Ó Doibhlin as na sé faisiscil de ‘Manuail de Litríocht na Gaeilge’ a bhfuil an ceann deireanach foilsithe le fíor déanaí. Caith súil ar alt dar theideal ‘Doras Feasa’ le Titley san Irish Times.

Is fada Ó Doibhlin ar mo ghearrliosta de scothúdair Gaeilge, ní hamháin as na Manuail ach as na haistriúcháin a rinne sé go Gaeilge ar shamplaí de litríocht na Fraince agus as na nua-uirlisí critice a dhíriú ar an nGaeilge. Tá Fraincis measartha maith agam, nó sin a mheas mé, ach nuair a cheannaigh mé aistriúchán Ui Dhoibhlin ar Fabhalscéalta La Fontaine cuireadh ar mo shúile dom go raibh mo ghreim ar an teanga sin fabhtach go leor. Agus thairis sin nuair a léigh mé Néal Maidine agus Tine Oíche agus Aistí Critice agus Cultúir thuig mé den chéad uair cé chomh haineolach is a bhí mé i réimse litríocht na Gaeilge.

Mar a deir Titley sa alt úd, más spéis duit stair na hÉireann agus litríocht na Gaeilge agus mura bhfuil na Manuail ar do leabhragán níl ionat ach soidéalach.

Friday, July 1, 2011

Ó Bhéalaibh Ár Sleachta

Seans go bhfuil a fhios agaibh faoi seo go bhfuil beirt d’ár gceathrar i bhfórsaí armtha na tíre seo; duine díobh ina chomadóir sa chabhlach, and duine eile ina lia leis an gcabhlach céanna. Díreach mar nach ndearna mé iarracht ar leith éinne dem chlann a dhíriú ar an eolaíocht, ná ar an gCeimic ach go háirithe, ní dhearna mé, ach an oiread, iad a sheoladh isteach sna fórsaí cosanta. Conas a tharla, mar sin, gur roghnaigh siad bheirt an ghairm bheatha chéanna? Sin ceist a chuir mé orm féin go mion minic. Ní hé nach raibh siad gan an dara suí sa bhuaile a bheith acu. Bhí, agus raidhse proifisiún ann a bhféadfaidís tabhairt fúthu cionn is go raibh ardchéim bainte amach acu mar fochéimithe.

Sa deireadh chuir mé an cheist orthu, duine ar dhuine, agus b’ionadh liom go bhfuair mé geall le bheith an freagra céanna uathu beirt. Agus an freagra sin? An t-ardmheas a bhí agam riamh agus atá agam fós ar an tír seo. Meas é, an dtuigeann sibh, nach gceileann orm lochtanna an tsochaí seo, meatacht roinnt mhaith de cheannairí na tíre, íseal-chaighdeán (nó a easpa, fiú) cuid mhaith den chóras oideachais, aineolas coitianta na cosmhuintire agus thar gach ní eile an deilt uafásach eacnamaíoch atá ann anois idir lucht an rachmais (ar a bhfuil mé féin) agus an daoscar slua.

Ar a shon sin is uile, ní raibh riamh tír ar domhan in arbh fhearr liom bheith mar bhall di, agus dealraíonn go bhfuil séala na barúla sin ar mo chlann mac is iníne. Mar a dúirt mé, is cúis ionadh dom a bhfuil de thoradh ar an seasamh atá agam i leith na Stát Aontaithe. Ach ní míshásta ar fad atá mé dá bharr.

“Lóchrann Ar Bharr Sléibhe” a dúirt an fear a dúirt, agus measaim go raibh an ceart aige.