Tuesday, June 28, 2011

Nótaí Ón nGairdín 2

Bhí tréimhse fionnuar oíche againn ar feadh seachtaine, rud a chuidigh le haibiú na bpiseanna. Inné, áfach, chuir mé deireadh leo agus ghlan mé an cheapach toisc nach raibh na faighneoga ag at a thuilleadh. (Cuimhin liom agus mé ag obair ar channú piseanna i Sasana nach mbíodh rath ar an séasúr ach amháin nuair a bhíodh aimsir fionnuar thirim ann.) Só, cad ba thoradh don bharr céanna? Ceapach de 32 troigh cearnach agus gan ach punt amháin de phiseanna agam. Piseanna scilligthe atá i gceist agam, iad tar éis a mbaint as na faighneoga. Agus cá fhad? 100 lá. Agus duine ag iarraidh cinneadh a dhéanamh an fiú an rud seo nó an rud siúd, is fiú nithe a thomhas. I gcás na bpiseanna ní fiú an toradh an saothar. Leitís, cairéid agus biatais a bheidh san cheapach sin as seo amach.

2 comments:

  1. Nach mbeadh toradh níos fearr agat - i bhfad níos fearr - le snow peas nó le sugar snaps?

    ReplyDelete
  2. Seans maith go mbeadh. Ar an drochuair, ní maith liom iad.

    ReplyDelete