Thursday, June 9, 2011

Ní Raibh Rath Riamh……

Ní raibh rath riamh ar an bhfeirmeoireacht, nó sin an tátal a bhaintear tar éis dreas comhrá le feirmeoir ar bith, cuma cén tír ina bhfuil tú. Ó dheartháir liom féin a d’fhoghlaim mise an fhírinne sin. Agus inné agus inniu agam mar fhianaise, tuigim dó.

Ag 3 a chlog sa iarnóin inné, bhí teocht de 42°C againn anseo. An dtuigeann tú go bhfuil piseanna i ngar seachtain don bhaint agam? Nó cad faoi na trátaí? Go deimhin is breá leo teocht, ach teocht de 27°C a bheadh i gceist, ní an oigheann-teocht seo. Agus cad faoi inniu? a deir sibh. Faoiseamh ar bith. Fan nóiméad go bhfeic mé. Leath i ndiaidh a haon anseo agus 41°C leasmuigh.

Is ónár dtobar féin a fhaighimid uisce agus tá caidéal an tobair ar ragobair le cúpla lá anuas. Ocht ngalún in aghaidh an nóiméid an t-uas-sholáthar uisce agus an t-ádh linn nach ceangailte le córas uisce an bhaile atá muid. Den chuid is mó is tríd maos-osáin (soaker hoses) a dháilim uisce ar na plandaí.

Ós rud é nach bhfuil fúm bualadh amach go maolóidh an teocht beagán, tapóidh mé an deis anois chun a insint daoibh a bhfuil ar fás agam faoi láthair. (Fágaim ar lár a bhfuil de bhláthanna i gceapacha An Chosantóra. Í as baile faoi láthair, ach mé ag coimeád uisce lena ceapachasa.)

Piseanna, prátaí, raidis (críochnaithe), cairéid, biatais, súnna craoibhe (barr fómhair), asparagas (ach a seal beag gearr críochnaithe.) Tá pónairí seoighe curtha agam, ach níl siad ag péacadh fós. Iad siúd uilig ag fás faoi lánghrian ag bun an ghairdín mar ar ceadaíodh dom na crainn a leagadh. Ina dteannta-siúd tá na raithneacha a dhearna mé trácht dóibh cheana, ach iad faoi leathscáth. Ar thaobh an tí tá dhá chrann piorra agus dhá chrann silín. An dealramh ar an scéal go mbeidh barr sásúil piorra againn um Mheán Fómhair agus dornán silín an mhí seo chugainn.

Ar aghaidh an tí, i ngar don bhóthar, tá luibh-ghairdín agam. Faoi láthair tá piobair, (idir the agus mhilis), basal (agus leas bainte as cheana féin), peirsil (dhá chineál), lus mín (dill), oragán, marós (rosemary), sáiste, tím agus dragan (tarragon). Tá an marós i bpota mór sáite sa talamh agam chun go mbeidh ar mo chumas é a aistriú isteach ag deireadh an fhómhair. Na luibheanna, beidh siad OK más féidir liom uisce a choinneáil leo. Agus na glasraí? N’fheadar, ach seans go mairfidh siad mura leanann an teas seo thar seachtain eile.

An teocht tite go dtí 39°. Amach liom, mo spéaclaí nua orm, iad san a dhorchaíonn faoi sholas na gréine, agus hata mór tuí ar mo cheann. Bíonn an corr-dhuine agus é ag gabháil thart in amhras an mídhleathach mé nó nach ea.

1 comment:

  1. Bhí clocha sneachta acu i gConamara ar maidin, a Sheáin, agus níl teocht ar bith againn anseo in Inis Eoghain, ach an oiread, le neart báistí, agus gan mórán gréine. Tá na duilleoga ag titim de na crainn, iad dóite ag an ngaoth mhór atá ag teacht agus ag imeacht, ó am go chéile, le coicís anuas. Tá sé mar a bheadh Geimhreadh ann!

    Súil agam go mbeadh toradh ar do chuid oibre, agus torthaí go leor agat dá bharr.:-)

    ReplyDelete