Tuesday, June 28, 2011

Nótaí Ón nGairdín 2

Bhí tréimhse fionnuar oíche againn ar feadh seachtaine, rud a chuidigh le haibiú na bpiseanna. Inné, áfach, chuir mé deireadh leo agus ghlan mé an cheapach toisc nach raibh na faighneoga ag at a thuilleadh. (Cuimhin liom agus mé ag obair ar channú piseanna i Sasana nach mbíodh rath ar an séasúr ach amháin nuair a bhíodh aimsir fionnuar thirim ann.) Só, cad ba thoradh don bharr céanna? Ceapach de 32 troigh cearnach agus gan ach punt amháin de phiseanna agam. Piseanna scilligthe atá i gceist agam, iad tar éis a mbaint as na faighneoga. Agus cá fhad? 100 lá. Agus duine ag iarraidh cinneadh a dhéanamh an fiú an rud seo nó an rud siúd, is fiú nithe a thomhas. I gcás na bpiseanna ní fiú an toradh an saothar. Leitís, cairéid agus biatais a bheidh san cheapach sin as seo amach.

Sunday, June 26, 2011

Na Prátaí faoi Bhláth

Ionann sin agus tráth cuardach na bpóiríní. Agus mé fillte ó Aifreann an Domhnaigh inniu bhailigh mé cúpla punt díobh agus, ar m’anam, bhí oideas suimiúil sa NY Times inniu; póiríní rósta i bpáipéar le luibheanna agus ola olóige. Bainfidh mé triail as.

Wednesday, June 22, 2011

Impriúlachas Teanga?

Tá alt gur fiú a léamh ag Gabriel Rosenstock in Irish Times an lae inniu (6/22/11). É ag gearán gur namhaid do gach teanga eile é an Béarla. Seo aige sampla den dochair a dhéanann an Béarla don Ghearmáinis.

“Ich musste den Computer rebooten, weil die Software gecrasht ist.” (B’éigean dom an ríomhaire a athbhútáil toisc gur thuairteáil na bogearraí.)

Ní raibh riamh thar caoga focal Gearmáinise agam, ach tá greim níos daingne agam ar an bhFraincis agus tá roinnt mhaith den ‘Frainclis’ cloiste agam agus muid ar an mór roinn. Ar a shon san is uile, nílim ar aon intinn le Gabriel. Im thuairimse, is ceann de bhuanna móra an Bhéarla go bhfuil ar a chumas focail ó theangacha eile a shú isteach agus an teanga a shaibhriú dá bharr. Leagfainn an locht faoin sampla thuas ar lucht na Gearmáinise, ní ar an mBéarla.

Thursday, June 16, 2011

Nótaí Ón nGairdín 1

Agus mé im fochéimí chaithinn an samhradh i Sasana i mbun oibre nach raibh na micléinn Shasanacha sásta a dhéanamh. Go hiondúil ba i mhonarcha bia a bhínn, ag cannú piseanna nó súnna talún. B’fhéidir gur de bharr an taithí sin a bhfuil dúil agam sna piseanna agus mé ag iarraidh barr a bhaint astu beagnach gach bliain. Déanta na fírinne, áfach, ní oireann an aeráid seo do phiseanna; ró-the ró-luath sa bhliain. I mbliana bainfidh mé barr beag díobh, ach seo an bhliain deiridh dom iad a chur.
“Cad tá scríofa agat?”, arsan Cosantóir. An t-aistriúchán faighte aici, lig sí scig aisti. “Sin a deir tú chuile bhliain,” ar sí. Fíor di.
Rud éigin faoi sheanmhadra agus cleasanna nua?

Saturday, June 11, 2011

An Focal Neamhspleách

Ó am go chéile bíonn ceist ag duine dem lucht aitheantais faoin úrscéal atá in ainm a bheith idir lámha agam. An tríú scéal sa tsraith “Seán Ruiséal agus…………” atá i gceist agam. Go hiondúil, seachnaím freagra díreach a thabhairt, ach measaim go bhfuil sé in am dom an scéal a leagadh os bhur gcomhair.

Go nuige seo ba é a tharlaíodh go dtagadh smaoineamh suimiúil nó idé chugam agus tar éis breathnú air ar feadh scaithimh agus teacht den bharúil go raibh mianach scéil ann, thosaínn ag sníomh plota mórthimpeall air. Ba le linn dom bheith díreach dulta im luí istoíche a dhéanainn an sníomh agus ní thosaínn ar an scríobh go mbeadh geall le bheith chuile ghné den scéal leagtha amach agam.

OK, bhí go maith agus ní raibh go holc, ach agus mé sáite go domhain i scríobh an tríú scéal, tharla rud nach raibh coinne agam leis; thosaigh na focail ag dul i dtreo nach raibh mé sásta a leanúint. Chuir sin stop leis an scríobh agus sin cuid den fáth go bhfuil mé an oiread sin gafa leis an ngarraíodóireacht faoi láthair, óir caithim mo chuid fuinnimh a chaitheamh in áit éigin.

Mheas mé gurbh ait an rud é an scaradh sin idir mé féin is focail/plota an scéil agus chuir mé ceist ar dhuine dem lucht aitheantais, duine ar sár-údar é, ar tharla a leithéid agus é i mbun scríofa. “Go rialta,” ar sé, ach nílimse sásta fós mo cheannas ar an bplota a ligean le sruth. Agus sin daoibh, a chairde, staid mo chuid úrscéalaíochta faoi láthair.

Thursday, June 9, 2011

Ní Raibh Rath Riamh……

Ní raibh rath riamh ar an bhfeirmeoireacht, nó sin an tátal a bhaintear tar éis dreas comhrá le feirmeoir ar bith, cuma cén tír ina bhfuil tú. Ó dheartháir liom féin a d’fhoghlaim mise an fhírinne sin. Agus inné agus inniu agam mar fhianaise, tuigim dó.

Ag 3 a chlog sa iarnóin inné, bhí teocht de 42°C againn anseo. An dtuigeann tú go bhfuil piseanna i ngar seachtain don bhaint agam? Nó cad faoi na trátaí? Go deimhin is breá leo teocht, ach teocht de 27°C a bheadh i gceist, ní an oigheann-teocht seo. Agus cad faoi inniu? a deir sibh. Faoiseamh ar bith. Fan nóiméad go bhfeic mé. Leath i ndiaidh a haon anseo agus 41°C leasmuigh.

Is ónár dtobar féin a fhaighimid uisce agus tá caidéal an tobair ar ragobair le cúpla lá anuas. Ocht ngalún in aghaidh an nóiméid an t-uas-sholáthar uisce agus an t-ádh linn nach ceangailte le córas uisce an bhaile atá muid. Den chuid is mó is tríd maos-osáin (soaker hoses) a dháilim uisce ar na plandaí.

Ós rud é nach bhfuil fúm bualadh amach go maolóidh an teocht beagán, tapóidh mé an deis anois chun a insint daoibh a bhfuil ar fás agam faoi láthair. (Fágaim ar lár a bhfuil de bhláthanna i gceapacha An Chosantóra. Í as baile faoi láthair, ach mé ag coimeád uisce lena ceapachasa.)

Piseanna, prátaí, raidis (críochnaithe), cairéid, biatais, súnna craoibhe (barr fómhair), asparagas (ach a seal beag gearr críochnaithe.) Tá pónairí seoighe curtha agam, ach níl siad ag péacadh fós. Iad siúd uilig ag fás faoi lánghrian ag bun an ghairdín mar ar ceadaíodh dom na crainn a leagadh. Ina dteannta-siúd tá na raithneacha a dhearna mé trácht dóibh cheana, ach iad faoi leathscáth. Ar thaobh an tí tá dhá chrann piorra agus dhá chrann silín. An dealramh ar an scéal go mbeidh barr sásúil piorra againn um Mheán Fómhair agus dornán silín an mhí seo chugainn.

Ar aghaidh an tí, i ngar don bhóthar, tá luibh-ghairdín agam. Faoi láthair tá piobair, (idir the agus mhilis), basal (agus leas bainte as cheana féin), peirsil (dhá chineál), lus mín (dill), oragán, marós (rosemary), sáiste, tím agus dragan (tarragon). Tá an marós i bpota mór sáite sa talamh agam chun go mbeidh ar mo chumas é a aistriú isteach ag deireadh an fhómhair. Na luibheanna, beidh siad OK más féidir liom uisce a choinneáil leo. Agus na glasraí? N’fheadar, ach seans go mairfidh siad mura leanann an teas seo thar seachtain eile.

An teocht tite go dtí 39°. Amach liom, mo spéaclaí nua orm, iad san a dhorchaíonn faoi sholas na gréine, agus hata mór tuí ar mo cheann. Bíonn an corr-dhuine agus é ag gabháil thart in amhras an mídhleathach mé nó nach ea.

Wednesday, June 1, 2011

Fadhb

Measaim go bhfuil an fadhb chéanna agamsa is atá ag ár gcara Áine. Cé gur féidir liom nóta nua a sheoladh chugaibh, níl ar mo chumas aiseolas ar a bhfuil scríofa agaibhse a sheoladh. Trua sin mar tá postanna thar a bheith suimiúil léite agam le lá nó dhó anuas.