Sunday, April 17, 2011

Tsunami i nGleann Caol

Cathal, an mac is aosta linn, tá sé fillte anois ón obair tarrthála a bhí ar siúl ag Cabhlach Mheiriceá sa tSeapáin. Is oifigeach sa chabhlach é agus go dtí le fíordhéanaí bhí sé lonnaithe in Okinawa, ach é anois in Sasebo ar Honshu. Muid ag caint leis inné agus d’inis sé dúinn faoi ghnéithe den tragóid a chuir as dó go mór.

Sráidbhaile de 1000 duine suite leathmhíle ón bhfarraige i ngleann cúng. Bhí airde 10 méadar sa tsunami ar shroicheadh an chósta agus béal an ghleanna dó. Ach an gleann cúng, theanntaigh sé an t-uisce sa chaoi go raibh airde 30 méadar ann ar shroicheadh an bhaile dó. Níor tháinig slán go fiú duine amháin dá raibh sa sráidbhaile an lá sin. Sea, an t-iomlán caillte.

6 comments:

  1. Deacair a leithéid a thuiscint. Tubaiste mhillteanach...

    ReplyDelete
  2. Is cosúil gur tharla léirscrios mar sin in áiteanna mar sin ar chósta na tíre níos mó ná uair amháin. Bánaítear iad leis an muir. Ansin tagann daoine eile isteach sna gleannta céanna, tógann siad bailte nua, tá chuile rud go maith ar feadh cúpla glún nó níos faide, agus ansin, go tobann... Mar sin atá an cine daonna.

    Ag fanacht leis an “gceann mór” atá muid anseo i Seattle. Tiocfaidh an crith talún sin lá de na laethanta seo, gan dabht dá laghad. Ach idir an dá linn, seo muid ag ól is ag ithe, ag tiomáint thart is ag tógáil tithe. Oh, agus tá bolcán beo againn freisin.

    ReplyDelete
  3. Agus Cathal ag insint dúinn faoin tragóid ba é a rith liom
    “Ach lá chomh breá leis, gan gaoth ná báisteach”

    ReplyDelete
  4. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  5. An ceart ar fad agat, Dennis, amhail na daoine ina gcónaí ar shleasa Vesuvius nó Etna, nó daoine sna bólaí seo a mbíonn a dtithe faoi uisce gach re Earrach. Tuige sin? Is breá leo bheith ina gcónaí ar bhruach abhann.

    ReplyDelete