Ar fhéachaint amach dom ar maidin bhí an saol faoi cheo, ach ní raibh an ceo céanna chomh tiubh sin nach bhfaca mé an ropaire seo i gceann de cheapacha mo chéile. Ní blatóg choiteann (Blata orientalis) é ná Ciaróg rua (Periplaneta americana). Caitheann gur ceann den dream é a fhaightear sa Bhrasaíl. Deirtear go mbíonn siadsan iontach mór. Gach gíog as faoi láthair. N’fheadar cad tá ite aige.
Blatóg stáin?
ReplyDeleteAn ceart agat. É ag stánadh ar rud éigin, ach n’fheadar cad é.
ReplyDeleteHmph. Shíl mise gur Jiminy Cricket a bhí ann.
ReplyDeleteDeirtear liom gurbh ón tSeapáin a tháinig sé, ó Okinawa ach go háirithe!!!
ReplyDeleteNach mbíodh meas ar leith ag na Seapánaigh ar chriogair? (Tá a fhios againn, ámh, gur fearr leo daorchluiche* ná cruicéad.)
ReplyDelete* Agus cén fáth a ndeir na Gaeil go bhfuil an cluiche seo daor??
Sin ceist mhaith. N'fheadar.
ReplyDeleteDuine éigin nár thaitin an cluiche leis agus a roghnaigh an chiall sin le "base"?
daor [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh]
duine nach bhfuil saor, atá ina sclábhaí; duine atá daortha nó ciontaithe.
Is maith liom an míniú sin!
ReplyDeleteAch níl fhios agam an bhfuil bunús dá laghad leis.
ReplyDelete