Friday, March 18, 2011

An tEarrach Tagtha

Cá bhfios dom?
Ní hansa:
Tá na piseanna i dtalamh.
Na crainn thorthaí scoite.
Giolcaigh na sú craoibhe gearrtha go talamh.
Na ceapacha glanta agus a gciondáil múirín leata orthu.
Prátaí i dtalamh amárach.

Mo chroí ag canadh amhail an t-ógfhear i Laoi na Laoi.

Seo anois, tá an geimhreadh thart
Tá an bháisteach glanta feasta
Tá an tír seo ‘gainne faoi bhláth.


(Laoi na Laoi, 2,11)

2 comments:

  1. Chuala mé riamh go bhfuili ceithre shéasúr agaibh thall ansin, iad scartha go soiléir óna chéile. Go maire tú teacht an earraigh mar sin! Níl an aeráid abhus anseo chomh hordúil sin. Ach tá an lá ag síneadh chuile áit, buíochas le Dia!

    ReplyDelete
  2. Tá mé ag ceapadh go mbraitheann sé ar cár tógadh tú. Muidne, a tógadh in Connecticut agus in Éirinn, measaimid gur gné bhunúsach den bheatha í na séasúir. Ina n-éagmais bheadh an bhliain agus an Nádúr leamh. Ina theanna sin, aithnímid an nasc idir athbheochan an Earraigh agus Aiséirí Chríost um Cháisc, idir dúluachair na bliana, caille an tsolais agus breith an tSlánitheora i ngar don ghrianstad. Tá’s agam gur chinneadh daonna iad na comhtharluithe sin, ach is breá liom go ndearnadh amhlaidh. Ní scoite muid ón dúlra thart orainn.

    ReplyDelete