Tuesday, March 8, 2011

Na Pancóga

I dtír i bhfad i gcéin, na blianta cairbreacha siar ó shin, bhí Cháisc thar a bheith luath ann an bhliain sin. Lánúin nuaphósta agus a gcéadghin ag teacht ar an saol ar lá ar leith; Máirt na bPancóg. Pancóga mar bhricfeasta cothrom an lae sin ag an leaidín ó shin i leith. Iad aige ar maidin, le him, siúcra agus sú líomóide. Aoibh ar a aghaidh.

3 comments:

  1. An tú féin an leaidín? Pancóga faoi dhó sa bhliain?

    ReplyDelete
  2. mo lá breithe ag tús Mhí Feabhra.

    Bhí meathchuimhne agam ar sin. Go maire tú!

    ReplyDelete
  3. Bhí mé as baile, ach d'éirigh liom cuid a fháil in óstán i nGaoth Dobhair inniu - álainn!

    ReplyDelete