Wednesday, March 2, 2011

Mo Bheacha Saor-Láibe.

Osmia lignaria



Bealtaine na bliana 2009 agus mé ag tosú ar an mblagáil am-íditheach seo, scríobh mé cur síos ar na beacha fiáine agus an teach a bhí agam dóibh (bronntanas ón gCosantóir). Arís an bhliain seo caite bhí an teach céanna in úsáid agam, ach thugas faoi deara go raibh doicheall ar na beacha (Osmia lignaria) leas a bhaint as na sean-bhambúnna ón mbliain roimhe. Ba ghairid gur tháinig mé, ar an idirlíon, ar mhíniú ar an doicheall sin. I mbeagán focal, is fearr leis na beacha baininscneacha gan áit ionfhabhtaithe a bheith acu mar ghoradán dá sliocht. Agus an ionfhabhtú sin? Baictéir, fungais agus fíneog.

Ar ndóigh, ní bheidh aon ró-dheacracht romhat agus tú ag steiriliú an teach agus na bambúnna le huisce te agus fochlóirít sóidiam (tuarthóir, Clorox). Ar an drochuair tá an teach (adhmaid) agus na bambúnna ar aon póiriúil, sa chaoi go súnn siad isteach an tuarthóir agus go bhfanann a bholadh siúd orthu. Ní maith leis na beacha an boladh. “Isn’t it a pity about them,” arsa mo chéile. (Í tagtha isteach anois ar Bhéarla na hÉireann.)

Só, seift eile de dhíth. Ráithe ar ghor, ach seo daoibh é.

Riachtanais: Neamh-phóiriúil; Éasca a chur le chéile/a bhaint as a chéile; Comhábhair sho-fhaighte agus neamhchostasach; Fíor-éasca a steiriliú.

Píopa PVC, trastomhas inmheánach 3”, seachtrach 3.5”; caipín 3” plaisteach; le fail ó Lowes
Criathar meala plaisteach 6”x2”x3”; le fáil ó Masonbee Homes, BC, Ceanada.

Gearr píosaí 7” ar fhad ón bpíosa píopa PVC (sabre-sábh leictreach); gearr na cúinní ón gcriathar (siosúr) agus brúigh isteach sa phíopa é. Neadaigh an caipín isteach i bhfoirceann amháin den phíopa agus brúigh an criathar síos go mbeidh siad ag teagmháil le chéile. Sin a bhfuil le déanamh agat. Tá teach beach nua déanta agat!!

3 comments:

  1. Cúpla nóta breise: cibé slí ina chrochtar é, caitheann an teach a bheith leibhéalta agus ba chóir a aghaidh a bheith ó dheas agus an teach cosanta ón mbáisteach. Tháinig mé ar chur síos amháin a deir go bhfuiltear tar éis an Osmia rufa a fháiltiú go hÉirinn. Tá fáil ar an mbeach chéanna go forleathan sa Bhreatain Mhór.

    ReplyDelete
  2. Céard a dhéanann siad san nádúr?

    ReplyDelete
  3. Sé sheachtain de phailniú díograiseach, díreach nuair a bhíonn mo chrainn thorthaí faoi bhláth. Is fearr go mór iad le haghaidh pailniú ná na beacha meala.

    ReplyDelete