Sunday, March 6, 2011

Faire Tuile

Inniu an lá. Chéad bháisteach bhog leanúnach an Earraigh. É ag cur ó mheánoíche i leith. Orlach againn cheana féin. Orlach eile le teacht, deirtear. An sneachta smálaithe ag cúlú go drogallach, ithir fhornocht le feiceáil anois, gan go fiú balcaisí an Fhómhair á ceilt. Dhá throigh de dhoimhne sa talamh reoite fós, ach féar glas le feiceáil os cionn an dabhach shéarachais. An sumpa san íoslach go breá tirim fós. É mar mhoch-fairtheoir againn. Le breis agus fiche bliain níor caitheadh amach oiread is péint-channa amháin. Iad anois suite faoi chosa táblaí, cathaoireacha, leapacha agus boscaí de chuile shórt, á n-ardú ón urlár, ar eagla na heagla. An Cosantóir agus mé féin ag déanamh uainíocht ar a chéile feadh an lae, feadh na hoíche. Briseadh uisce agus tosú breith-phianta an Earraigh, nó sin mar a shamhlaítear dom é. Gan le déanamh againn ach fanacht go foighneach, go haireach.

2 comments:

  1. Súil agam go dtiocfaidh sibh slán!

    ReplyDelete
  2. By Dad, ach bhí oíche go maidin againn. Níor orlach breise báistí a thit orainn, ach 3 orlach. An sumpa-caidéal ar a dhícheall feadh na hoíche. ‘Ríomhadh ar chúl clúdach litreach é’, ach measaim gur phumpáil muid thart ar 10,000 galún uisce as na draenacha seachtracha ar imeall an tí ó am dinnéir inné go ham dinnéar inniu. Táimid slán tirim, a bhuí do Dhia na gcaidéal agus dlíthe na fisice. Codladh sámh a bheidh agam anocht. Ní hamhlaidh go mo chomharsana. Meitheal taoscadh agus glanadh a bheidh againn amárach.

    ReplyDelete