Tuesday, March 1, 2011

Bhur dToghchán

Bhí an-bhá ag mo mhuintir riamh le Fiann Fáil. Sin ráite, áfach, measaim go raibh siad ró-fhada i gcumhacht agus gur maith an rud é réabhlóid a bheith ann ó uair go chéile. Ón taobh seo den aigéan bhí an dealramh ar an scéal, de réir mar a thuig mise é, go rabhadar (FF) dulta i dtaithí ar bheith i réim agus gur cuma leo faoi na comhghuaillithe (PD-anna agus Glasaigh) a bhí acu. Caidhp a’ Bháis chruthanta a bhí sa chomhrialtas don dá dream sin.

Thairis sin, bhí an cineál ionracais agus calmachta ba dhual do pháirtí Dev caite ar leataobh acu agus b’olc liom sin. D’admhaigh Brian Cowen go raibh a fhios ag a chomhairleoirí sa Státseirbhís agus aige féin go raibh an tír ro-mhór i dtuilleamaí lucht na tógála agus na forbartha agus na cánacha agus an fhostaíocht ba thoradh ar an gcuid gníomhaíochta siúd, ach gur leasc leis srian a chur leo (tuige sin, meas sibh?). Pé ar bith é, tá a ré caite, go fóillín ar chaoi ar bith, ach táid ann a mheasann nach n-éireoidh ‘The Men of Destiny’ go deo arís. N’fheadar féin.

Feicfimid anois cad is féidir le foireann nua a dhéanamh agus guím rath orthu. Beidh ionadh orm má éiríonn leo aon fheabhas tobann a bhaint amach. Mar sin féin, tá mo dheaghuí leo.

2 comments:

  1. Bheinnse ag tnúth le atheagar ar na páirtithe ar an modh Eorpach. Ach ní tharlódh sé.

    Beidh Fianna Fail ar ais; iad níos umhaile de bheagán, ach ní fheictear dom go bhfuil múnla na polaitíochta réabtha fós.

    ReplyDelete
  2. Táim den bharúil go bhfuil go leor daoine ag guí leat, a Sheáin.

    Níl aon leigheas tobann romhainn, gan dabht.

    ReplyDelete