Monday, March 21, 2011

Eadarlúid Bheag


Ar m’éirí dom ar maidin, seo a bhí romham.
“Na fionna damanta sin arís,” a deirimse.
Breá an rud é go mbeidh deireadh leo go luath.

Friday, March 18, 2011

An tEarrach Tagtha

Cá bhfios dom?
Ní hansa:
Tá na piseanna i dtalamh.
Na crainn thorthaí scoite.
Giolcaigh na sú craoibhe gearrtha go talamh.
Na ceapacha glanta agus a gciondáil múirín leata orthu.
Prátaí i dtalamh amárach.

Mo chroí ag canadh amhail an t-ógfhear i Laoi na Laoi.

Seo anois, tá an geimhreadh thart
Tá an bháisteach glanta feasta
Tá an tír seo ‘gainne faoi bhláth.


(Laoi na Laoi, 2,11)

Tuesday, March 8, 2011

Na Pancóga

I dtír i bhfad i gcéin, na blianta cairbreacha siar ó shin, bhí Cháisc thar a bheith luath ann an bhliain sin. Lánúin nuaphósta agus a gcéadghin ag teacht ar an saol ar lá ar leith; Máirt na bPancóg. Pancóga mar bhricfeasta cothrom an lae sin ag an leaidín ó shin i leith. Iad aige ar maidin, le him, siúcra agus sú líomóide. Aoibh ar a aghaidh.

Sunday, March 6, 2011

Faire Tuile

Inniu an lá. Chéad bháisteach bhog leanúnach an Earraigh. É ag cur ó mheánoíche i leith. Orlach againn cheana féin. Orlach eile le teacht, deirtear. An sneachta smálaithe ag cúlú go drogallach, ithir fhornocht le feiceáil anois, gan go fiú balcaisí an Fhómhair á ceilt. Dhá throigh de dhoimhne sa talamh reoite fós, ach féar glas le feiceáil os cionn an dabhach shéarachais. An sumpa san íoslach go breá tirim fós. É mar mhoch-fairtheoir againn. Le breis agus fiche bliain níor caitheadh amach oiread is péint-channa amháin. Iad anois suite faoi chosa táblaí, cathaoireacha, leapacha agus boscaí de chuile shórt, á n-ardú ón urlár, ar eagla na heagla. An Cosantóir agus mé féin ag déanamh uainíocht ar a chéile feadh an lae, feadh na hoíche. Briseadh uisce agus tosú breith-phianta an Earraigh, nó sin mar a shamhlaítear dom é. Gan le déanamh againn ach fanacht go foighneach, go haireach.

Wednesday, March 2, 2011

Mo Bheacha Saor-Láibe.

Osmia lignaria



Bealtaine na bliana 2009 agus mé ag tosú ar an mblagáil am-íditheach seo, scríobh mé cur síos ar na beacha fiáine agus an teach a bhí agam dóibh (bronntanas ón gCosantóir). Arís an bhliain seo caite bhí an teach céanna in úsáid agam, ach thugas faoi deara go raibh doicheall ar na beacha (Osmia lignaria) leas a bhaint as na sean-bhambúnna ón mbliain roimhe. Ba ghairid gur tháinig mé, ar an idirlíon, ar mhíniú ar an doicheall sin. I mbeagán focal, is fearr leis na beacha baininscneacha gan áit ionfhabhtaithe a bheith acu mar ghoradán dá sliocht. Agus an ionfhabhtú sin? Baictéir, fungais agus fíneog.

Ar ndóigh, ní bheidh aon ró-dheacracht romhat agus tú ag steiriliú an teach agus na bambúnna le huisce te agus fochlóirít sóidiam (tuarthóir, Clorox). Ar an drochuair tá an teach (adhmaid) agus na bambúnna ar aon póiriúil, sa chaoi go súnn siad isteach an tuarthóir agus go bhfanann a bholadh siúd orthu. Ní maith leis na beacha an boladh. “Isn’t it a pity about them,” arsa mo chéile. (Í tagtha isteach anois ar Bhéarla na hÉireann.)

Só, seift eile de dhíth. Ráithe ar ghor, ach seo daoibh é.

Riachtanais: Neamh-phóiriúil; Éasca a chur le chéile/a bhaint as a chéile; Comhábhair sho-fhaighte agus neamhchostasach; Fíor-éasca a steiriliú.

Píopa PVC, trastomhas inmheánach 3”, seachtrach 3.5”; caipín 3” plaisteach; le fail ó Lowes
Criathar meala plaisteach 6”x2”x3”; le fáil ó Masonbee Homes, BC, Ceanada.

Gearr píosaí 7” ar fhad ón bpíosa píopa PVC (sabre-sábh leictreach); gearr na cúinní ón gcriathar (siosúr) agus brúigh isteach sa phíopa é. Neadaigh an caipín isteach i bhfoirceann amháin den phíopa agus brúigh an criathar síos go mbeidh siad ag teagmháil le chéile. Sin a bhfuil le déanamh agat. Tá teach beach nua déanta agat!!

Scéala Chugam Aniar ó Gurney’s.

Tháinig scéala chugam inniu ó Gurney’s. Tá na síolta ar a slí chugam agus le cúnamh Dé beidh na piseanna agus na biatais i dtalamh roimh Lá ‘le Pádraig, rud nár éirigh liom a dhéanamh le cúpla bliain anuas. An deireadh seachtaine seo caite d’éirigh liom, faoi dheireadh, na crainn torthaí a sciotadh, rud is dual dom a dhéanamh le linn coscairt Eanáir. Ar ndóigh, ní raibh leá againn i mbliana ó Lá Nollag go dtí i ngar do dheireadh mhí Feabhra. Anois, agus an sneachta ag leá le seachtain anuas, níl ach dhá throigh de fágtha ar an talamh. Cuma, mar bheidh mé amuigh an deireadh seachtaine seo chugainn agus fiú má bhíonn an ithir reoite fós, scríobfaidh mé clais inti agus isteach leis na síolta.

Tuesday, March 1, 2011

Bhur dToghchán

Bhí an-bhá ag mo mhuintir riamh le Fiann Fáil. Sin ráite, áfach, measaim go raibh siad ró-fhada i gcumhacht agus gur maith an rud é réabhlóid a bheith ann ó uair go chéile. Ón taobh seo den aigéan bhí an dealramh ar an scéal, de réir mar a thuig mise é, go rabhadar (FF) dulta i dtaithí ar bheith i réim agus gur cuma leo faoi na comhghuaillithe (PD-anna agus Glasaigh) a bhí acu. Caidhp a’ Bháis chruthanta a bhí sa chomhrialtas don dá dream sin.

Thairis sin, bhí an cineál ionracais agus calmachta ba dhual do pháirtí Dev caite ar leataobh acu agus b’olc liom sin. D’admhaigh Brian Cowen go raibh a fhios ag a chomhairleoirí sa Státseirbhís agus aige féin go raibh an tír ro-mhór i dtuilleamaí lucht na tógála agus na forbartha agus na cánacha agus an fhostaíocht ba thoradh ar an gcuid gníomhaíochta siúd, ach gur leasc leis srian a chur leo (tuige sin, meas sibh?). Pé ar bith é, tá a ré caite, go fóillín ar chaoi ar bith, ach táid ann a mheasann nach n-éireoidh ‘The Men of Destiny’ go deo arís. N’fheadar féin.

Feicfimid anois cad is féidir le foireann nua a dhéanamh agus guím rath orthu. Beidh ionadh orm má éiríonn leo aon fheabhas tobann a bhaint amach. Mar sin féin, tá mo dheaghuí leo.