Friday, February 18, 2011

Watson, Jeopardy agus Talamh Glas

Is fada mé ag breathnú ar an gclár Jeopardy a chraoltar ar cheann de na cainéil teilifíse anseo in Connecticut ach is fíor-fíor-annamh an bua agam ar dhuine ar bith de na hiomaitheoirí a bhíonn ar thóir an airgid agus an cháil. Is cuimhin go glé liom éacht Ken Jennings agus an t-iliomad babhta a bhuaigh sé sular ar cloíodh é. Níor chreid mé go bhféadfadh ríomhaire, cuma cé chomh mór, chomh tapa agus chomh lán sonraí a bhí sé, an bua a sciobadh ó Ken agus ón gcuradh eile nach cuimhin liom a ainm. By Dad, ach nach ormsa a bhí an t-ionadh agus an bua glan amach ag Watson.

Bhí mé ag súil go mbeadh focal nó dhó againn um an taca seo ó Aonghus faoin éacht atá déanta ag IBM, mar tá mé ag ceapadh go mbeadh tuiscint aige ar na deacrachtaí a bhí le sárú ag na hinnealtóirí agus na scríobhaí cóid.

Talamh? Sea. Den chéad uair ó Lá Nollag i leith tá cré agus an corr-ribe féir le feiceáil anseo ar thailte O’Connor agus Fiondella. Hip hip………..

7 comments:

  1. Is beag mo scil i gcórais mar seo! Sin an chúis nach raibh faic le rá agam.

    ReplyDelete
  2. Japers, Aonghus, is annamh a bhacann easpa eolais ar bhlagairí a ladar a shá isteach i scéal. Níor chuir sin as domsa riamh, mo léan.

    ReplyDelete
  3. Níl aon cheist ach gurbh éacht innealtóireachta agus foirne a bhí i gceist. Ach tugann ríomhaireacht comhuaineach pian sa chloigeann dom ag iarraidh é thuiscint!

    ReplyDelete
  4. @ 'is annamh a bhacann easpa eolais ar bhlagairí a ladar a shá isteach i scéal'

    ASG! Is fíor duit...:-)

    ReplyDelete