Thursday, January 27, 2011

Tomás A’ Phinn

Beidh sibh i dtaithí faoi seo ar bheith ag cloisteáil faoin meas atá agam ar an sár-údar Tomás Mac Síomóin. Táid ann atá eolach ar na hEolaíochtaí agus dream eile atá eolach ar an bPolaitíocht. Ar an drochuair, is iondúil nach bhfuil imir de chumas úrscéalaiochta ag ceachtar den dá dhream sin. Ach, mirabile dictu, seo chugainn Mac Síomóin agus sé shaothar leis ar fáil mar r-leabhartha ó Litríocht.com.

Níl mé féin cleachtach ar bhreis is leathanach a léamh ar scáileán, ach feicim nach amhlaidh do m’ál féin. Caithigí súil ar láthair Litríocht.com. Ceannródaí i ndáileadh leabhar Gaeilge.

1 comment:

  1. Agus is maith ann iad. Is fearr liomsa an leagan crann marbh freisin, ach is maith ann an modh nua seo.

    ReplyDelete