Monday, January 31, 2011

An tEarrach?


In Éirinn ceaptar gurb é an chéad lá de Feabhra tosach an earraigh. Is léir nach mar sin atá an scéal abhus sna Stáit Aontaithe. Ón Nollaig i leith tá cúig throigh sneachta tite agus gan coscairt ar bith againn ar an sneachta céanna. Tar éis an stoirm is déanaí, arsa fear an chéachta liom “Cá gcuirfidh mé an sneachta treafa?” agus go deimhin b’fhíor dó, mar tá múr sneachta tógtha aige ar thaobh an chabhsa, múr atá 8 dtroigh ar airde faoi láthair agus gan ar chumas an chéachta dul níos airde. “Áit ar bith a bhfuil teacht agat uirthi,” a deirimse leis.

Anocht beidh suas le troigh eile againn agus tá mo chéile foighneach ag bagairt orm éalú go hóstán go mbeidh na cromchinn faoi bhláth agus ní tógtha uirthi é.

Ar dheis sa phictiúr feicfidh sibh luascshuíochán. Féach go bhfuil an sneachta ar aon leibhéal leis an suíochán féin. Seans nach mbeidh an suíochán le feiceáil ar maidin.

9 comments:

  1. Nára fada uaibh na cromchinn!

    ReplyDelete
  2. Tá siad ag gobadh aníos as an talamh abhus anseo ar an gcósta thiar, mar a bhfuil an aimsir i bhfad níos oiriúnaí - níos tráthúla, más féidir é sin a rá - do Lá 'le Bríde. Mhínigh Cliff Mass (Guru na haimsire sna bólaí seo) dúinn inné gurb é an t-ardbhrú os ár gcionn is cúis leis an aimsir stoirmiúil sa chuid eile den tír.

    ReplyDelete
  3. Cliff Mass. Gaol le Michael Mass?

    ReplyDelete
  4. Michael Mass ag American University? Níl a fhios agam, ach is féidir é. Tá an ghruaig chéanna acu beirt, agus beagnach an aois chéanna.

    ReplyDelete
  5. Iarracht de ghreann, Dennis. Michael Mass = Michaelmas.

    ReplyDelete
  6. An paiste beag dubh siar ar chlé sa phictiúr, sin mar a bhfuil mias mhór choincréite suite ar sheastán ag Beathaitheoir na nÉan chun uisce a chur ar fáil don éanlaith. D’fhonn nach reofaí an t-uisce, leag mé cábla leictreach ón teach go dtí téitheoir sa mhias. Ar ndóigh, tá an mhias féin agus a bhfuil d’uisce inti i mbun poill faoi láthair. Na héin beag beann air sin agus iad ag léim síos sa pholl chun deoch a bheith acu.

    ReplyDelete
  7. Michael Mass = Michaelmas.

    Candlemas atá ann inniu.

    :-)

    Feicim go mbeidh an stoirm mhór ar bhur dtairseach go luath. Yikes.

    ReplyDelete
  8. Oighearstoirm againn anois. Na crainn ag cromadh faoin ualach. Iad i mbaol briseadh. Yikes!!!

    ReplyDelete