Tuesday, December 27, 2011

Easpa Measa, Aiteal Bánaithe

Cuimhin libh an t-iora sin ina shuí sa chrann aitil agus é ag cogaint ar na smeartha? Well, déanta na fírinne, b’annamh an radharc sin feicthe agam mar sí an éanlaith is mó a thaithíonn an crann sin, ach níor rith sé liom an cheist ‘tuige sin’ a chur. Agus mé ag iarraidh dlús a chur le gné de phlota scéil atá ar na bacáin agam agus mo chiondáil foighne geall le bheith ídithe, chaith mé súil amach ar an aiteal céanna agus, creid uaim é, tá sé geall le bheith bánaithe, gan ach an corr-sméar le feiceáil.

Thairis sin, níl éan ná iora le feiceáil ann. Fuascailt na faidhbe? Drochbhliain do na dearcáin agus na cnónna eile sna bólaí seo. Seans gur toradh é seo ar an stoirm uafásacha a bhí againn i mbliana; an hairicín agus an luathstoirm sneachta, ach táid ann a deir go leanann bliain sheasc bliain mhéith agus ba thorthúil na daracha anuraidh. Cibé ar bith é, chuaigh i dteagmháil le comharsa liom agus an rud céanna tugtha faoi deara aige. Fadhb againn anois; conas na héin a bheathú le linn an gheimhridh. an cúram sin ag Beathaitheoir na nÉan, ach go hiondúil bíonn foinsí eile bia ar fáil ón dúlra. ag ceapadh nach amhlaidh a bheidh an scéal le linn míonna an gheimhridh seo.

Friday, December 23, 2011

Wednesday, December 21, 2011

An Éigeandáil Reatha agus John Banville


http://www.nytimes.com/2011/12/18/opinion/sunday/irelands-diaspora-yet-again.html?_r=1&ref=europe

Ar uaire ni gá ach an t-aon tarlú amháin chun duine a dhaoradh go deo na ndeor. B’in a tharla idir mise agus John Banville. Tharla go raibh aintín liom ag filleadh ó dheasghnáth iarnóin Aoine an Chéasta gur chuala sí rí-rá agus ceol agus canadh ó theach agus í ag gabháil thart air. Agus an chlann uilig bailithe teach Joe O’Connor an Domhnach dár gcionn, b’in an scéal a bhí i mbéala cuile dhuine.

Blianta anonn, scríobh John Banville faoin eachtra sin agus é ag déanamh fonóid faoi lucht creidimh ag maíomh gur d’aon ghnó a d’eagraigh sé an cóisir glórach sin chun a dhímheas ar an Eaglais agus gach a mbain léi a chur in iúl do chosmhuintir an cheantair. Agus, by Dad, ach chuir. Iar léamh sin dom, níor theagmhaigh mé le focal ar bith dar scríobh sé go dtí maidin inniu.

Ba é a tharla nár léigh mé ainm an údair go dtí gur chríoch mé an t-alt. Agus cé go measaim nach bhfuil iomlán tuisceana aige ar mheoin an phobail in Éirinn faoi láthair, tá sciar mhaith de aige. An taon ghné nár luaigh sé go bhfuil a fhios ag formhór na ndaoine gur tharraing siad an tubaiste reatha orthu féin de bharr sainte, ceal féinsmacht.

Thursday, December 15, 2011

Cás Aindréis

Más duine tú nach eol dó cad a tharla d’Aindrias Ó Cathasaigh agus é díreach tosaithe mar eagarthóir ar ‘Comhar’ tá raidhse eolais le fáil ach dul go dtí an URL seo leanas

ceartaguscomhar.webs.com

(Tá rud éigin cearr le mo ríomhaire arís, mar atá nach féidir liom freagra ná aguisín a chur le mo phostáil féin. Sin is cúis leis an bhfreagra seo ar cheist f****iontach.)

Tuesday, December 13, 2011

Comhar



Tá’s agam gur mhóidigh mé nach mbeadh aon teagmháil agam leis an iris seo ón am go ndearna siad feall ar Aindrias Ó Cathasaigh, ach tharla nach raibh mo shíntiús ídithe agus le déanaí feicim go bhfuil an-athrú tagtha ar leibhéal na scríbhneoireachta agus ar phroifisiúntacht an eagarthóra. Le heagrán nó dhó anuas dírítear ar ábhar amháin, Seán Ó Riada in eagrán Dheireadh Fómhair agus Brian Ó Nualláin/Myles etc san eagrán reatha. Fiú más fuath leat roinnt de na daoine atá bainteach leis an iris (agus tá beirt nó triúr leibideach ón ré náireach bainteach léi fós) b’fhiú €4 a chaitheamh féachaint an n-aontaíonn tú liom gur iris as an nua í.

Iora Sa Aiteal


Saturday, November 19, 2011

Iarmhairtí Stoirme

Deic lá a chaith muid ag leagadh crann agus ag gearradh agus ag bailiú géaga gonta nó leagtha; deich lá agus an slabhra-sábh im lámha ó dhubh go dubh. Ceann nua agam, an ceann is fearr riamh mar gur féidir faobhar a chur ar an slabhra ‘in situ’, gníomh nach nglacann ach nóiméad nó dhó. Lear mór breosla tine againn agus mé á roinnt leis na comharsana ceal dóthain spás stórais againne dó.

Ar maidin thug muid cuairt ar Fhéile na mBanrialta Proinsiasacha in Meriden, an baile is neasa dúinn, mar a bhfuil ospís mhór acu. Ar an tslí ní fhaca mé oiread is crann amháin nár goineadh le linn na stoirme. Cibé faoi ‘Téamh Domhanda’ nó ‘Athrú Aeráide’, ba é a tharla dúinne ná ‘aimsir as alt’; sneachta bog trom agus na duilleoga fós ar na crainn. Slad déanta ar na crainn is ansa leis An gCosantóir, a leath díobh leagtha agam agus n’fheadar faoi bhuannacht an chuid eile.

Lá an Altaithe againn an tseachtain seo chugainn agus cúigear dár gclann scaipthe le bheith chun boird linn. An tsláinte againn uilig, go leor bia agus dí againn, díon os ár gcinn: Gabhaimis buíochas.

Saturday, October 29, 2011

Go Luath is Gan Staonadh



Bhíothas á thuaradh le lá nó dhó anuas; leath-throigh sneachta roimh dheireadh na míosa. Agus, by dad, tháinig an tuar faoin tairngreacht mar a fheiceann sibh sna pictiúir thuas; ceann dara agus crann aitil. Seo titim as an ngnáth. Níorbh ionadh calóg nó dhó roimh thús Mhí na Samhna, ach leath-throigh! A leithéid. Bhí séidire sneachta nua le bheith seachadta chugainn inniu agus tá mé ag ceapadh nach féidir le carr an chomhlachta an fána suas ár sráid a shárú. Tine, bia agus deoch, iad uilig againn agus tuilleadh. Mé ag ceapadh nach baol dúinn, agus le titim na hoíche, seans go suífidh An Cosantóir liom go ndéanfaimid Yuki mi Zake; deoch a bhlaiseadh agus tú ag féachaint ar sneachta ag titim.

Sunday, October 23, 2011

Eadarlúid Ghearr



Tagairt Dennis do ‘bhallaí cloiche’ New England, spreag sí mé chun cúpla focal a scríobh fúthu, focail nach mbaineann le mo streachailt féin le hithir na háite seo. An tráth ar tháinig na hEorpaigh, Sasanaigh den chuid is mó, isteach sa taobh seo tíre, ba é a fuair siad rompu coillte, coillte agus a thuilleadh coillte. Go deimhin, thugtaí ‘Woodland Indians’ ar na bundúchasaigh. Níor shaothraigh siadsan an talamh ach amháin i dtuilemhánna ar nós gleann an Connecticut River, mar a fhástar tobac den scoth go fiú inniu. Pé ar bith é, cheannaigh nó ghoid na heachtrannaigh an talamh, leag na crainn, réab na stumpaí agus chrom ar threabhadh.

Glún anonn, bhíodar marbh leis an ocras nó bailithe leo to Pennsylvania. An corrdhuine a d’fhan sna bólaí seo, chuir sé crainn san áit a raibh crainn cheana, ach an uair seo cuireadh crainn úll, piorra agus silín. Tá a n-iarsmaí siúd le feiceáil fós ar an sráid seo ‘gainne, ceann díobh a bhásaigh in ár ngairdín féin thart ar chúig bliana ó shin in aois breis is dhá chéad bliain. Féadtar crainn a chur gan na carraigeacha agus na clocha uilig a dhíbirt as an talamh. Na carraigeacha a baineadh as an talamh, caitheadh ar leataobh iad agus sa deireadh tógadh ballaí astu chun teorainneacha a mharcáil agus an corrstoc a shrianadh. Tá na ballaí sin le feiceáil i ngach baile beag ar fud New England agus ar gach taobh de na fobhóithre suimiúla a shíneann anseo agus ansiúd ó cheann ceann an réigiúin.
In ár gcás féin tá iarsma de bhalla mór cloiche ag bun an ghairdín agus bhaineamar a leithéid chéanna de bhalla ón ár ngairdín ar thaobh an bhóthair. Comharsa linn, d’atóg sé cuid mhaith de sheanbhalla agus sin atá sna pictiúir thuas. Féach, áfach, gur gá na ballaí céanna a dheisiú go rialta nó thiteann siad as a chéile le himeacht ama.

Friday, October 21, 2011

Ré Nua sa Ghairdín


Ba é ba chúis dúinn cloí le ceapacha ardaithe, boichte na talún mar aon le heaspa ama, eolais agus taithí. Cuimhnigh go raibh an bheirt againn ag obair i bhfad ó bhaile agus na páistí fásta scaipthe. Creid é nó na creid, ach tá sé i bhfad níos éasca ceapach ardaithe a thógáil agus a líonadh le múirín ná a chóimhéid de thalamh aimrid clochach a thabhairt chun míntíreachais.

Seans gur cuimhin libh go ndúirt mé tamall ó shin go raibh seasamh An Chosantóra i gcoinne fál ag dul i léig. Tharla go raibh sí ag caint le comharsa linn agus d’inis an bhean chéanna di go raibh a céile sise tar éis fál leictreach a chur timpeall ar a phaiste beag glasraí chun iad a chosaint ar na fianna.

Ba leor sin chun seasamh mo chéile a athrú. Thóg mé an fál mí ó shin agus mise ag rá libh gurbh achrannach an jab é. Beagán thar 6 throigh ar airde agus mogall dubh plaisteach crochta ceangailte leis na cuaillí alúmanaim . Thart ar 2,300 troigh cearnach iata istigh agus geata breá so-ghluaiste ag gabháil leis. “An-jab,” dar léi.

Á, sea, an ré nua sin? Cheannaigh mé ‘burro’ agus chrom ar an talamh a threabhadh, na clocha a bhaint as agus gach pioc múirín a bhí againn a shaothrú/ionchorprú isteach sa phúdar a bhí fágtha tar éis clocha agus carraige a thabhairt chun siúil. Clocha agus carraige!! Seo figiúr daoibh: tonna díobh bainte as paiste talún de 150 troigh cearnach. An tonna céanna, is meastachán é, ach, mar is dual dom, is cuibheasach cruinn mar mheastachán é.

Sin mise agus an burro sa phictiúr agus íomhá de Naomh Fiacra ag crochadh ar an ngeata. Beidh mapa an ghairdín agus a bhfuil pleanáilte agam a dhéanamh ann agam daoibh i gceann seachtaine nó mar sin.

Wednesday, October 19, 2011

Cá dTéanna na Cuiteoga sa Gheimhreadh? (a chríoch san)

In Oirthuaisceart na Stát Aontaithe mar a bhfuil cónaí ormsa, siad na cuiteoga is tábhachtaí Eisenia foetida agus Lumbricus terrestris. Gan an scéal a dhéanamh ró-chasta is Múiríneadóir é Eisenia agus is Tochaltóir é Lumbricus agus oibríonn siad as lámh a chéile; an múirineadóir ar a dhícheall ag déanamh múirín as giotaí glasa is donna de phlandaí, agus a leathbhádóir, an tochaltóir, ag breith an múirín anuas ón dromchla. Caitheann ár gcara Eisenia a shaol ar dhromchla an domhain agus bíonn Lumbricus ag síorthaisteal síos suas.

(Aisteach an rud é, ach dealraíonn nach cuiteoga dúchasacha iad ceachtar den dá oibreoir seo.) Pé ar bith é is dual do 90+% d’Eisenia bás a fháil leis an gcéad dhúshioc tar éis dó/di (iad hermeafróiditheach) cistí fuachtdhíonacha lán uibheacha a fhágáil san ithir. Meastar go n-éalaíonn roinnt de na tochaltóirí ón bhfuacht trí thochailt síos faoi bhun na síoclíne (méadar sna bólaí seo). Mura gcoimeádtar coibhneas réasúnta idir an dá shórt cuiteog, teipeann ar an gcóras agus b’in a tharla i mo cheapach, an chéad cheann le faibric fúithi. Níor fhéad Lumbricus tochailt tríd an bhfaibric agus dá bharr sin, bhí Eisenia bocht ar maos i múirín a bhí ag dul ó rath.

An fhuascailt? Well, ní thógfaidh mé aon cheapacha ardaithe as seo amach. Maidir leis an dá cheann a bhfuil faibric fúthu, bainfidh mé an faibric as ceann díobh agus déanfaidh mé iarracht meascán de cuiteoga úra a choimeád leis an gceann eile. Ach, a deir tú,
“Nach bhfuil do gharraíodóireacht uilig bunaithe ar cheapacha ardaithe?”
“Tá.”
“Mar sin an bhfuil fút tabhairt suas de bheith ag fás stuif?”
“Níl, ar chor ar bith, ach tá deireadh ré sroichte agam maidir le ceapacha ardaithe agus sa chéad nóta eile nósfaidh mé daoibh cad é an treo nua atá fúm.”

Monday, October 17, 2011

Cá dTéann na Cuiteoga sa Gheimhreadh (Cuid a Dó)

An té atá gafa leis an ngarraíodóireacht bíonn an-suim aige san ithir agus taithí agus eolas aige dá réir; a dath, a lámh-mhothú, a cuma/dreach, a brisce agus a comhghreamaitheacht, agus go fiú a boladh.

Tharla, tar éis dom na piseanna a bhaint an t-earrach seo caite gur iniúch mé an ithir sa cheapach ardaithe a raibh siad ag fás inti. (B’in an chéad cheapach le faibric fúithi a thóg mé breis agus dhá bliain ó shin.) Agus ní sásta a bhí mé leis an ithir. Deacair an ‘cén fáth’ a mhíniú. Mé cosúil le sean-lia clainne a mbíonn a fhios aige ó gcéad amharc, agus gan oiread is focal a bheith eatarthu, go bhfuil ‘rud éigin’ ag cur as d’othar dá chuid. I gcás na hithreach sin, bhí imir d’easláinte ag baint léi. Imir de léithe agus méadú ar a comhghreamaitheacht maille le boladh neamh-friseáilte, mheas mé. Is ‘oll-alpairí’ (gross feeders) iad piseanna, ach níor chreid mé gurbh in ba chúis le staid na hithreach.

An lá dár gcionn, rinne mé samplú le súpchanna folamh ar thrí cheapach; an ceann thuas (1), an ceann den déanamh céanna a tógadh bliain ó shin (2) agus sean-cheapach nach raibh faibric fúithi (3). Ba iad na cuiteoga a chomhaireamh mé agus seo an coibhneas a bhí eatarthu.

(1) 20, (2) 40, (3) 120

Saturday, October 15, 2011

Cá dTéann na Cuiteoga sa Gheimhreadh? (Cuid a hAon)

Seans maith ann nár rith an cheist sin leat riamh. Agus níor rith sí liomsa go dtí le déanaí. Fanaigí liom, mar sin, a chairde, mar measaim gur suimiúil an scéal atá agam daoibh. (An focal sin ‘cuiteog’, ionann é agus ‘péist talún’).

Toisc a shuaraí is atá an ithir in ár ngabháltas, ba ar cheapacha ardaithe a dhírigh muid agus muid ag dul ag fás bláthanna, torthaí agus glasraí. Thóg mise na ceapacha as bíomaí adhmaid agus líon iad le múirín a rinneadh as duilleoga an fhómhair agus scothanna féir na faiche.

Bhí go maith agus ní raibh go holc ach bhí fadhb amháin leis na ceapacha ardaithe: méithe na hithreach iontu a mheall fréamhacha crann chun tochailt faoi na bíomaí isteach sna ceapacha agus mar is eol daoibh, tá muid teanntaithe le crainn. Well, d’fhulaing muid na fréamhacha céanna, ní hamháin sna ceapacha, ach san dá chró múirín freisin agus bí ag caint faoi thranglam sa chás sin.

Ansin, dhá bhliain ó shin thóg mé ceapach nua agus faibric talún feadh an urláir agus faoi bhun na mbíomaí. An faibric sin, ligeann sí gáis agus uisce tríthi, ach coscán sí chuile rud eile. Rinne mé an rud céanna bliain ó shin. Bhí buaite agam ar na fréamhacha, nach raibh? Gan aon agó, bhí.
Ach ní mar a shí…………………

Friday, October 7, 2011

Nótaí Garraíodóireachta

Is den nádúr é go bhfásann crainn agus go dtagann airde orthu. Na crainn is túisce síneadh chun spéir, siad is túisce a éagann; conbhaiscní agus céadair mar shampla. Le fás na gcrann malla tagann leathnú ar a scáth agus i ndeireadh na dála dúnann ceannbhrat an duilliúir (the canopy) agus b’in ba chúis liom scaradh inné le sraith plandaí a raibh gaol agus meas eadrainn ar feadh suas le scór bliain. Na giolcaigh sú craoibhe atá i gceist agam. Le tamall de bhlianta bhí an dtairge ag dul i laghad agus chuir Irene an caidhp-báis ag an scéal. Inné, tar éis dom suíomh nua a ullmhú dóibh, suíomh glanta de chlocha agus méith le dea-ithir agus múirín, réab mé na sean-ghiolcaigh as an talamh, roghnaigh na fréamhacha ab fhearr, fiche díobh, agus chuir ceann ar cheann sa suíomh nua iad. An fuílleach, dhá bharr-rotha de, d’iompair mé go dtí an dumpa é agus d’fhág slán leis.

As seo go dtí deireadh na bliana, is faoin ngairdín nua a bheidh mé ag blagáil agus súil agam go gcuirfidh sibh suim agus go mbainfidh sibh taitneamh as a mbeidh le rá agam.

Thursday, September 15, 2011

Féasta Fataí

Ráth Chairn, Satharn 17 Meán Fómhair 2011
Fáilte Romhat bheith linn


rathcairn@eircom.net

Monday, September 12, 2011

Tomhais agus Meáigh agus Comhair



Tráth dá raibh, b’ionadh le Dennis go raibh a fhios agam go dtí an punt is giorra cá mhéad súnna craoibhe a bhí bainte agam an bhliain sin. Ach sin is nádúr dom; tomhais, meáigh agus comhair. Ar ndóigh, is féidir dul thar fóir lena leithéid, ach ó uair go chéile, nochtar iontas beag duit.

I mbliana bhain mé 80 punt prátaí as an dá cheapach bheaga ardaithe ina raibh siad ag fás. Iad breá mar phrátaí, mar a fheiceann sibh sa phictiúr. Agus mé ag fáiltiú rompu, rith ceist liom. Ar mhaith mar bharr é? Conas ar sheas sé i gcomparáid leis an bhfeirmeoireacht phroifisiúnta? Ní túisce ceist ná meáigh, tomhais agus ríomh.

80 punt/64 troigh chearnach = 27.3 tonna/acra.
Gnátairgeacht prátaí in Idaho: 19.5 tonna/acra. (tonna Meiriceánach: 2000 punt = tonna)

Ar ndóigh, ba mhéithe m’ithir ná a n-ithir siadsan, doimhne 2.5 troigh d’ithir mhéith dhubh agus mar a dúirt mé i gcás turgnamh eile, is do-dhéanta tátal a bhaint as turgnamh le N=1.

Sunday, September 11, 2011

An Lá Atá Inniu Ann

Deich mbliana, agus gan smacht agam fós ar na deora ar chuimhneamh dom an lá úd. An fhearg tráite roinnt, ach an cumha agus an dólás ina mbeo ionam i gcónaí.

“Níl cara ag cumha ach cuimhne”, a deirtear, agus um an taca seo bliana tagann an bhrionglóid chéanna chugam istoíche; daoine ag léim as na túir.

Cuí an chéad léamh ag an Aifreann inniu.

“Fearg agus fraoch, is duáilcí déistineacha iad sin.” (Síorach, 27, 30) agus nach dó sin a bhí Áine ag tagairt le déanaí agus nárbh in b’ábhar do sheanmóir an tsagairt ar maidin? Ach ba é a bhí mar cheirín ar m’intinn shuaite ná an t-iomann le linn Comaoineach.

‘And I will raise them up, and I w ill raise them up, and I will raise them up on the Last Last Day.’ (I Am The Bread of Life, le Suzanna Toolan.)

Saturday, September 3, 2011

Spuds


Seans gur cuimhin libh go raibh an dúchan ar gach práta sa ghairdín trí bliana ó shin. In Éirinn, chun a leithéid a sheachaint, caitear cúig bliain a bheith caite roimh chur do phrátaí san ithir chéanna. Dea-comhairle, ach chuaigh mé sa seans gur leor trí bliana anseo cionn id gur théamh mé na ceapacha ionfhabhtaithe trí plaisteach dubh a chur orthu feadh gach samhraidh.

Chuaigh mé ar thóir póiríní a luaithe is a bhláthaigh na plandaí (agus ba bhlasta iad) Anois agus na duilleoga orthu ag tosú ag feo, bhí sé in am dom féachaint cén príomhbharr a bheadh agam. Níor bharr go dtí é. Caith súil orthu. Seo an barr in éagmais na bpóiríní a raibh 4 cinn ann. Chuile rud eile lota ach ‘the lowly spud’ i mbarr réime.

Friday, September 2, 2011

Slad Irene



Agus mé im dhéagóir, mé i bhfeirg arís le m’athair, chuaigh mé ag snámh liom féin (rud a bhí glan i gcoinne rialacha na clainne) ar chladaigh sna Clocha Liatha mar a rabhamar ar saoire. Dóbair dom bá agus ach gur chaith tonn mhór suas ar an gcladach mé, bhí mo phort seinnte. Ón lá sin i leith, ní theannaim leis an uisce; ní sa mhuir, ní i linn snámha, agus is cúis imní dom é má bhíonn orm oíche a chaitheamh in óstán i ngar d’uisce.

Ó d’fhill muid ar an gcósta thoir breis is fiche bliain ó shin, tairgeadh cábáin agus tithe beaga cois cladaigh dúinn ar phraghas an-réasúnta, ach ainneoin lé leis an bhfarraige a bheith ag an gCosantóir, ní raibh mé sásta glacadh le margadh ar bith, cuma cé chomh mealltach is a bhí sé.

Níl teacht ar oiread is ceann amháin de chábáin chois fharraige ár ngaolta, ár gcomharsana agus ár gcairde i ndiaidh ruathar Irene ar an gcósta. Ní fhaca slad go dtí é. Go fiú an dúshraith réabtha as an talamh, agus na bailte beaga agus na sráidbhailte ar an gcósta, tá siad uilig in éagmais cumhachta leictreachais fós agus beidh go ceann cúpla lá eile, ar a laghad.

OK, sin scéal na ndaoine cois farraige. Cad faoi ár mbaile atá 15 míle ón gcósta? Well, tá an leictreachas arís ag chuile theach, ach inné féin bhí cúpla céad teach ina éagmais. Sa stát ina iomlán tá breis is 300,000 custaiméir in éagmais cumhachta go fóill agus iad ag éirí teasaí, dar leis na ‘talking heads’ ar an teilifís. Muidne, ar bharr an chnoic, níor baineadh leis an teach, a bheag nó a mhór, ainneoin neart na gaoithe, ach leagadh 5 chrann ag bun an ghairdín, fáibhile (Fagus grandifolia ) 50 bliain ina measc, maille le conbhaiscne amháin de chuid an Chosantóra. Rinneadh slad ar ghiolcaigh na súnna craoibhe agus treascraíodh na trátaí. Dé réir mo mhéadar báistí thit 6 orlach orainn i rith 14 uaire, ach ní thomhaiseann mo mhéadar ach go dtí 6 orlach.

Ach mo ghraidhin iad na prátaí. Chuaigh mé á iniúchadh inniu agus mé ag cur críoch le néatú mo ghlasra-ghairdín. Iad réidh chun bhainte, 4-5 práta i ngach fréamh, 8 n-unsa ar a laghad i ngach práta. Sólás don gharraíodóir.

Tuesday, August 30, 2011

Deireadh le Bus a 19


Ar éigean ar chreid mé é. Deireadh á fhógairt le céadbhus mo chroí; an bus a thóg muid ó Rialto go Kelly’s Corner gach re sheachtain (cf. An Pram Ualaithe) chun cuairt a thabhairt ar mhuintir mo mháthar; an bus a thóg mé ar maidin chun freastal ar Choláiste Mhuire agus a rug abhaile mé san iarnóin; an bus ar thaistil mé go Colún Nelson tráth a raibh mé ag suirí leis an leathchúpla Bernadette. Deireadh leis?

Scéalta agam faoin 19. Geimhreadh 1947, geimhreadh a shín ó Mhí na Samhna go dtí deireadh Aibreáin agus sneachta buan ar an talamh i rith Mí Mhárta agus Aibreáin. Cuimhin liom go raibh an mhóin a seachadadh go dtí scoil Náisiúnta Rialto fliuch go leor agus é ag dul rite ar an mbean bhocht a bhí ina feighil an foirnéis a lasadh. Ár gcótaí móra orainn feadh an lae, an chuid dínn a raibh cóta mór againn.

Cuimhin liom mo mháthair ag cur mála luaithrigh isteach im lámha agus mé ar tí dul ar an scoil. Sea, luaithreach.
“Give it to the poor busman,” ar sí. Agus ní mise amháin a bhí ag déanamh amhlaidh. Chaití an luaithreach faoi rothaí an bhus (bus a 19, ar ndóigh) chun tarraingt bhreise a thabhairt dóibh agus iad sáite sa bhogoighear. Ba ag an Rialto Market a bhí ceann aistir an 19 agus ar chúis éigin bhí fána síos ag an mbóthar sa áit sin. Ó Rialto go Glas Naíon ba bhealach don 19 ag an am agus cad a bhí i nGlas Naíon? Bhí an reilig mhór, ar ndóigh, ach thairis sin bhí “The Bots”. Ní hamháin go raibh na Bots fíorshuimiúil ach b’iontach an áit í agus déagóir ag iarraidh cluain bheag a imirt ar ghirseach. Á, mo ghraidhin é an 19.

Monday, August 29, 2011

Irene

Cairde linn, le déanaí d’aistrigh siad ó New Haven go baile i bhfad níos lú na é, baile nach bhfuil chuile theach ann ceangailte leis an gcóras séarachais ná leis an gcóras dáileadh uisce. Ionann sin is a rá go bhfuil tobar agus dabhach seipteach acu. Agus Irene ag déanamh orainn, chuir mé glaoch chucu féachaint ar thuig siad cad a bhí i ndán dóibh; teip leictreachais = teip solais; teip leictreachais = teip tobair = teip uisce = teip séarachais. Ina theannta sin mura bhfuil an leictreachas agat ní oibríonn an sumpchaidéal agus tá baol ann go n-éireodh an t-uisce san íoslach.

D’fhoghlaim mise an cheacht seo agus mé im chónaí i mbruachbhaile de chuid Indianapolis tráth a bhí mé fostaithe ag Eli Lilly. Tornadónna a bhíodh ár gciapadh sa ‘Midwest’ ach is ionann toradh orthu siúd agus Hurracháin anseo i ngar don chósta thoir. Níor theip ar leictreachas ár gcairde ach bhain méid na réamhchúramaí a bhí orthu a ghlacadh stangadh astu; uisce (an folcadh a líonadh maille le roinnt buicéad), raidió cadhrach a ullmhú, bia a cheannach maille le málaí móra oighir agus breosla adhmaid a bhailiú isteach ar eagla go mbeadh orthu uisce a théamh nó dul ag cócaireacht, fiú, ar an tine. Amárach beidh cur síos agam maille le pictiúir ar Shlad Irene ar chúram Chosantóir na mBilí.

Saturday, August 27, 2011

Leigheas ar Ghealtacht-II

Well, táimse ag rá libh, a chairde, b’in an stuif dearfa, an stuif ar thagair Dennis dó agus ar chinn mé triail a bhaint as. Ag féachaint dom anois ar mo réamh-nótaí, feicim go raibh fúinn coicís a chaitheamh leis an turgnamh. Agus níor choicís go dtí í.

Dealraíonn go raibh an fíor-stuif agamsa agus an placebo ag mo chomhpháirtí. Bhfuil a fhios agaibh, ón gcéad lá ar shlog mé an cógas, mheas mé go raibh mé in Éirinn; mé ag bualadh le clann, gaolta agus cairde, ag ithe nua gach bia agus sean gach dí, gan scamall sa spéir ná braon báistí san aer. Chuile dhuine fial flaithiúil, an saol mór gnóthach saothrach, murab ionann agus áiteanna eile san Eoraip.

Dá mbeadh teacht ag an daoscarslua ar an stuif seo, dhéanfaí an-dochar do thionscal na turasóireachta. Samhlaigh é; daoine ag luí siar sa leaba agus cuairt shamhalta á thabhairt acu ar a rogha áite agus gan de chostas orthu ach an méid a bheadh ar an gcógas.

Tar éis comhairle a ghlacadh le daoine a bhfuil muinín agam astu, tá beartaithe againn gan torthaí an turgnaimh a fhoilsiú agus guím oraibhse, a chairde, gan an rún a bhriseadh.

An t-aon rud amháin nach dtuigim ná go bhfuil laghdú suntasach ar mo chuntas bainc. Ní foláir go raibh teacht ag bradaí ar mo chuntas agus mé i lár na brionglóide. Ach, ní mór an chaill í, mar de réir dlí, ní bheidh mé i bhfiacha ach ar $50. B’fhiú an t-aistear an chaill.

Monday, July 25, 2011

Téarmaíocht

Agus mé ag scríobh píosa faoi staid na dtrátaí, thugas faoi deara nach raibh an téarma do ‘determinate’‘indeterminate’ agam. Baineann an dá focal seo le planda a aibíonn a toradh go léir ag an am céanna (go comhuaineach; determinate), nó thar tréimhse áirithe, (go neamhchomhuaineach; indeterminate).

Sheol mé amach an cheist agus seo thíos an freagra a fuair mé ó Julie O’Farrell ag Foras na Gaeilge.

“Más rud é go bhfuil tú ag iarraidh ‘gnáth-Ghaeilge’ a úsáid ar an mblag, moltar an méid seo a leanas:

Tá 'go comhuaineach', an rud a bhí ag an bhfiosraitheoir, go maith i gcás 'determinate' sa chomhthéacs seo, agus d'fheilfeadh 'go leanúnach' i gcás 'indeterminate'. 'Aibíonn speicis áirithe trátaí i gceann tréimhse cinnte/ ag tráth cinnte, agus aibíonn siad go léir le chéile; aibíonn an speiceas eile trátaí go leanúnach ar feadh an tsamhraidh/ ar feadh na tréimhse fáis/ó Mheitheamh go Deireadh Fómhair' mar shampla.

Ach más rud é gur saintéarma teicniúil atá uait, moltar:

Speicis trátaí a mbíonn tréimhse aibiúcháin chinnte (determinate) acu, agus speiceas trátaí a mbíonn tréimhse aibiúcháin neamhchinnte aige, agus a rá go mbíonn na trátaí sin ag aibiú go leanúnach ar feadh an tsamhraidh."

Dar liomsa, a chomhbhlagalaithe, cé gur sothuigthe na téarmaí thuasluaite, is amscaí iad. So, a chairde na mblag, moltaí blasta fileata gonta agaibh?

Wednesday, July 20, 2011

An Práta Íseal?

Agus mé ag caitheamh súil ar alt san Irish Times le déanaí, tháinig mé ar chur síos aineolach easnamhach ar an taighde atá déanta ag lear mór saotharlanna ar ghéineacha an phráta. Tharla go raibh saotharlann le TEAGASC bainteach leis an taighde, ach féach ar a raibh mar cheannlíne ag an Times:

Teagasc helps map DNA of humble spud

Tabhair faoi deara gur ‘humble spud’ a thugtar ar cheann de na barra is tábhachtaí ar domhan. Ar chuala tú éinne, an Irish Times, an NOTW fiú, ag tabhairt ‘humble wheat’ ar chruithneacht, nó ar eorna, nó coirce, nó seagal, nó go fiú ar rís nó ar an ngrán buí? Beag an seans, ach toisc an bhaint i smaointe cineál áirithe duine idir an práta agus Na Paddies, ní haon ionadh go mbeadh ‘the humble spud’ ag roinnt de na nuachtáin Shasanacha, agus dá bharr sin, mo léan, ag an Irish Times.

Trua sin, mar tá na cineálacha prátaí a fhástar go forleathan thar a bheith ionphóraithe agus dá bharr sin arís, soghabhálach do lear mór galair. Tá thart ar 1,500 cineál práta ar fáil i Meiriceá Theas. Is oidhreacht na mbundúchasach iad, barr a d’fhorbair siad leis na mílte bliain agus saibhreas dothomhaiste feirmeoireachta ceilte iontu. Humble? Uasal, a mhic, UASAL, a deirimse.

Monday, July 18, 2011

Barr Nua


Agus mé ag cur bailchríoch ar mo lusghairdín, bhíos ag póirseáil i dteach gloine “Farmer Joe” a bhfuil ionad taobh bóthair aige i bhfogas leathmhíle óm ghairdín féin. Ionann ‘ionad taobh bóthair’ agus roadside stand, rud a cheadaítear sa bhaile beag seo fad is a thagann formhór an táirge ó thailte an úinéara. Ar thóir Dragan Francach a bhí mé agus rug mé ar dhá phlanda bhreátha. Agus mé ag díol astu, leagas súil ar phlanda nár áitheann mé.

“Sin Stevia,” arsa bean an úinéara. “Na duilleoga thar a bheith milis agus breá le cogaint.” Cheannaigh mé péire agus táid ag fás leo féin i gceapach thrialach féachaint conas mar a éiríonn leo. Go nuige seo tá an-fhás fúthu agus is fíormhilis na duilleoga, dar liomsa agus dar leis an mbeirt gharmhac a bhí anseo le déanaí. Mé chun duilleoga fásta a bhaint uair sa tseachtain agus iad a chur ag triomú ar an lusbhalla atá tógtha agam.

Ar ndóigh, ní túisce nua ná ceist. Más spéis leat a bhfuair mé ar Wikipedia, déan cuardach ar Stevia rebaudiana. Má tá éinne a léann m’fhocail ina cheimiceoir/bhithcheimiceoir nó a leithéidí, ionadh liom cobhsaíocht na gliocóiside (Stevioside). Deir tuarascáil a léigh mé ar Wiki gurb amhlaidh dó.

Monday, July 11, 2011

Nótaí ón nGairdín 3

Agus na trátaí ag at, cé glas fós iad, chuaigh mé féachaint inné cá mhéad próca a bhí agam ar na seilfeanna san íoslach. Go dtí le déanaí bhí na prócaí scaipthe in áiteanna éagsúla thíos, ach tar éis gur bhuail taom néatú An Cosantóir, tá chuile cheann díobh in ord agus in eagar de réir méid agus cineáil ar na seilfeanna nua a cheannaigh sí dóibh. Iad bailithe agus seiceáilte agam, bhí lán ár miasniteora de phrócaí glana agam faoi dheireadh an lae. N’fheadar an bhfuil a leithéid agaibh in Éirinn, ach is iad ‘Mason Jars’ na prócaí a mbainim úsáid astu agus mé ag ‘cannú’ trátaí, piorraí, anlann de chuile shórt agus subh is glóthach milis. Is féidir na prócaí a ath-úsáid le claibíní nua a fhad is nach mbíonn máchail ar an ngloine.

Sea, tá na trátaí ag at, an méid díobh nach bhfuil ite ag na fianna. Cuimhin libh gur luaigh mé anuraidh go raibh ‘Taibhse Préachán’ ceannaithe agam chun barra a chosaint? Well, i mbliana, tá na fianna bradacha chomh líonmhar agus chomh hamplach sin gur gá dhá thaibhse chun ceapach amháin trátaí a chosaint. (Mé ag caint anois faoi fál slabhrach a chur thart timpeall ar thrian dár ngairdín, agus creid é nó ná creid, ach tá An Cosantóir ag éisteacht liom an tráth seo!!!)

Tá na biatais agus na cairéid bainte agam; na biatais, iad álainn úr agus gan thar méid liathróid gailf i gceann ar bith díobh, táid bruite ite agus an farasbarr i bprócaí le fínéagar caolaithe. Na cairéid bhriosca, an méid díobh nár ith muid, bronnadh ar na comharsana iad. Beidh barr mór biatas agus cairéad agam sna fhómhar, iad curtha sna ceapacha a bhfuil na trátaí agus na prátaí iontu faoi láthair.

Tá an luibh-ghairdín ag dul ó neart go neart, an feachtas triomaithe ag dul ar aghaidh de shíor. Muid chun pesto basal a dhéanamh an tseachtain seo chugainn. (‘peisteo’ atá ag focal.ie, ach ní maith liom an cruth atá ar an bhfocal sin.)

Saturday, July 2, 2011

Molta ag Titley!!

Is annamh, dar liomsa, a bhíonn an focal moltach ag Alan Mór Fionn Titley, údar arbh fhearr leis bheith ag feannadh agus ag sciolladh ná ag moladh, ach le fíordhéanaí leath sé moladh agus tuilleadh ar shaothair Bhreandáin Ó Doibhlin as na sé faisiscil de ‘Manuail de Litríocht na Gaeilge’ a bhfuil an ceann deireanach foilsithe le fíor déanaí. Caith súil ar alt dar theideal ‘Doras Feasa’ le Titley san Irish Times.

Is fada Ó Doibhlin ar mo ghearrliosta de scothúdair Gaeilge, ní hamháin as na Manuail ach as na haistriúcháin a rinne sé go Gaeilge ar shamplaí de litríocht na Fraince agus as na nua-uirlisí critice a dhíriú ar an nGaeilge. Tá Fraincis measartha maith agam, nó sin a mheas mé, ach nuair a cheannaigh mé aistriúchán Ui Dhoibhlin ar Fabhalscéalta La Fontaine cuireadh ar mo shúile dom go raibh mo ghreim ar an teanga sin fabhtach go leor. Agus thairis sin nuair a léigh mé Néal Maidine agus Tine Oíche agus Aistí Critice agus Cultúir thuig mé den chéad uair cé chomh haineolach is a bhí mé i réimse litríocht na Gaeilge.

Mar a deir Titley sa alt úd, más spéis duit stair na hÉireann agus litríocht na Gaeilge agus mura bhfuil na Manuail ar do leabhragán níl ionat ach soidéalach.

Friday, July 1, 2011

Ó Bhéalaibh Ár Sleachta

Seans go bhfuil a fhios agaibh faoi seo go bhfuil beirt d’ár gceathrar i bhfórsaí armtha na tíre seo; duine díobh ina chomadóir sa chabhlach, and duine eile ina lia leis an gcabhlach céanna. Díreach mar nach ndearna mé iarracht ar leith éinne dem chlann a dhíriú ar an eolaíocht, ná ar an gCeimic ach go háirithe, ní dhearna mé, ach an oiread, iad a sheoladh isteach sna fórsaí cosanta. Conas a tharla, mar sin, gur roghnaigh siad bheirt an ghairm bheatha chéanna? Sin ceist a chuir mé orm féin go mion minic. Ní hé nach raibh siad gan an dara suí sa bhuaile a bheith acu. Bhí, agus raidhse proifisiún ann a bhféadfaidís tabhairt fúthu cionn is go raibh ardchéim bainte amach acu mar fochéimithe.

Sa deireadh chuir mé an cheist orthu, duine ar dhuine, agus b’ionadh liom go bhfuair mé geall le bheith an freagra céanna uathu beirt. Agus an freagra sin? An t-ardmheas a bhí agam riamh agus atá agam fós ar an tír seo. Meas é, an dtuigeann sibh, nach gceileann orm lochtanna an tsochaí seo, meatacht roinnt mhaith de cheannairí na tíre, íseal-chaighdeán (nó a easpa, fiú) cuid mhaith den chóras oideachais, aineolas coitianta na cosmhuintire agus thar gach ní eile an deilt uafásach eacnamaíoch atá ann anois idir lucht an rachmais (ar a bhfuil mé féin) agus an daoscar slua.

Ar a shon sin is uile, ní raibh riamh tír ar domhan in arbh fhearr liom bheith mar bhall di, agus dealraíonn go bhfuil séala na barúla sin ar mo chlann mac is iníne. Mar a dúirt mé, is cúis ionadh dom a bhfuil de thoradh ar an seasamh atá agam i leith na Stát Aontaithe. Ach ní míshásta ar fad atá mé dá bharr.

“Lóchrann Ar Bharr Sléibhe” a dúirt an fear a dúirt, agus measaim go raibh an ceart aige.

Tuesday, June 28, 2011

Nótaí Ón nGairdín 2

Bhí tréimhse fionnuar oíche againn ar feadh seachtaine, rud a chuidigh le haibiú na bpiseanna. Inné, áfach, chuir mé deireadh leo agus ghlan mé an cheapach toisc nach raibh na faighneoga ag at a thuilleadh. (Cuimhin liom agus mé ag obair ar channú piseanna i Sasana nach mbíodh rath ar an séasúr ach amháin nuair a bhíodh aimsir fionnuar thirim ann.) Só, cad ba thoradh don bharr céanna? Ceapach de 32 troigh cearnach agus gan ach punt amháin de phiseanna agam. Piseanna scilligthe atá i gceist agam, iad tar éis a mbaint as na faighneoga. Agus cá fhad? 100 lá. Agus duine ag iarraidh cinneadh a dhéanamh an fiú an rud seo nó an rud siúd, is fiú nithe a thomhas. I gcás na bpiseanna ní fiú an toradh an saothar. Leitís, cairéid agus biatais a bheidh san cheapach sin as seo amach.

Sunday, June 26, 2011

Na Prátaí faoi Bhláth

Ionann sin agus tráth cuardach na bpóiríní. Agus mé fillte ó Aifreann an Domhnaigh inniu bhailigh mé cúpla punt díobh agus, ar m’anam, bhí oideas suimiúil sa NY Times inniu; póiríní rósta i bpáipéar le luibheanna agus ola olóige. Bainfidh mé triail as.

Wednesday, June 22, 2011

Impriúlachas Teanga?

Tá alt gur fiú a léamh ag Gabriel Rosenstock in Irish Times an lae inniu (6/22/11). É ag gearán gur namhaid do gach teanga eile é an Béarla. Seo aige sampla den dochair a dhéanann an Béarla don Ghearmáinis.

“Ich musste den Computer rebooten, weil die Software gecrasht ist.” (B’éigean dom an ríomhaire a athbhútáil toisc gur thuairteáil na bogearraí.)

Ní raibh riamh thar caoga focal Gearmáinise agam, ach tá greim níos daingne agam ar an bhFraincis agus tá roinnt mhaith den ‘Frainclis’ cloiste agam agus muid ar an mór roinn. Ar a shon san is uile, nílim ar aon intinn le Gabriel. Im thuairimse, is ceann de bhuanna móra an Bhéarla go bhfuil ar a chumas focail ó theangacha eile a shú isteach agus an teanga a shaibhriú dá bharr. Leagfainn an locht faoin sampla thuas ar lucht na Gearmáinise, ní ar an mBéarla.

Thursday, June 16, 2011

Nótaí Ón nGairdín 1

Agus mé im fochéimí chaithinn an samhradh i Sasana i mbun oibre nach raibh na micléinn Shasanacha sásta a dhéanamh. Go hiondúil ba i mhonarcha bia a bhínn, ag cannú piseanna nó súnna talún. B’fhéidir gur de bharr an taithí sin a bhfuil dúil agam sna piseanna agus mé ag iarraidh barr a bhaint astu beagnach gach bliain. Déanta na fírinne, áfach, ní oireann an aeráid seo do phiseanna; ró-the ró-luath sa bhliain. I mbliana bainfidh mé barr beag díobh, ach seo an bhliain deiridh dom iad a chur.
“Cad tá scríofa agat?”, arsan Cosantóir. An t-aistriúchán faighte aici, lig sí scig aisti. “Sin a deir tú chuile bhliain,” ar sí. Fíor di.
Rud éigin faoi sheanmhadra agus cleasanna nua?

Saturday, June 11, 2011

An Focal Neamhspleách

Ó am go chéile bíonn ceist ag duine dem lucht aitheantais faoin úrscéal atá in ainm a bheith idir lámha agam. An tríú scéal sa tsraith “Seán Ruiséal agus…………” atá i gceist agam. Go hiondúil, seachnaím freagra díreach a thabhairt, ach measaim go bhfuil sé in am dom an scéal a leagadh os bhur gcomhair.

Go nuige seo ba é a tharlaíodh go dtagadh smaoineamh suimiúil nó idé chugam agus tar éis breathnú air ar feadh scaithimh agus teacht den bharúil go raibh mianach scéil ann, thosaínn ag sníomh plota mórthimpeall air. Ba le linn dom bheith díreach dulta im luí istoíche a dhéanainn an sníomh agus ní thosaínn ar an scríobh go mbeadh geall le bheith chuile ghné den scéal leagtha amach agam.

OK, bhí go maith agus ní raibh go holc, ach agus mé sáite go domhain i scríobh an tríú scéal, tharla rud nach raibh coinne agam leis; thosaigh na focail ag dul i dtreo nach raibh mé sásta a leanúint. Chuir sin stop leis an scríobh agus sin cuid den fáth go bhfuil mé an oiread sin gafa leis an ngarraíodóireacht faoi láthair, óir caithim mo chuid fuinnimh a chaitheamh in áit éigin.

Mheas mé gurbh ait an rud é an scaradh sin idir mé féin is focail/plota an scéil agus chuir mé ceist ar dhuine dem lucht aitheantais, duine ar sár-údar é, ar tharla a leithéid agus é i mbun scríofa. “Go rialta,” ar sé, ach nílimse sásta fós mo cheannas ar an bplota a ligean le sruth. Agus sin daoibh, a chairde, staid mo chuid úrscéalaíochta faoi láthair.

Thursday, June 9, 2011

Ní Raibh Rath Riamh……

Ní raibh rath riamh ar an bhfeirmeoireacht, nó sin an tátal a bhaintear tar éis dreas comhrá le feirmeoir ar bith, cuma cén tír ina bhfuil tú. Ó dheartháir liom féin a d’fhoghlaim mise an fhírinne sin. Agus inné agus inniu agam mar fhianaise, tuigim dó.

Ag 3 a chlog sa iarnóin inné, bhí teocht de 42°C againn anseo. An dtuigeann tú go bhfuil piseanna i ngar seachtain don bhaint agam? Nó cad faoi na trátaí? Go deimhin is breá leo teocht, ach teocht de 27°C a bheadh i gceist, ní an oigheann-teocht seo. Agus cad faoi inniu? a deir sibh. Faoiseamh ar bith. Fan nóiméad go bhfeic mé. Leath i ndiaidh a haon anseo agus 41°C leasmuigh.

Is ónár dtobar féin a fhaighimid uisce agus tá caidéal an tobair ar ragobair le cúpla lá anuas. Ocht ngalún in aghaidh an nóiméid an t-uas-sholáthar uisce agus an t-ádh linn nach ceangailte le córas uisce an bhaile atá muid. Den chuid is mó is tríd maos-osáin (soaker hoses) a dháilim uisce ar na plandaí.

Ós rud é nach bhfuil fúm bualadh amach go maolóidh an teocht beagán, tapóidh mé an deis anois chun a insint daoibh a bhfuil ar fás agam faoi láthair. (Fágaim ar lár a bhfuil de bhláthanna i gceapacha An Chosantóra. Í as baile faoi láthair, ach mé ag coimeád uisce lena ceapachasa.)

Piseanna, prátaí, raidis (críochnaithe), cairéid, biatais, súnna craoibhe (barr fómhair), asparagas (ach a seal beag gearr críochnaithe.) Tá pónairí seoighe curtha agam, ach níl siad ag péacadh fós. Iad siúd uilig ag fás faoi lánghrian ag bun an ghairdín mar ar ceadaíodh dom na crainn a leagadh. Ina dteannta-siúd tá na raithneacha a dhearna mé trácht dóibh cheana, ach iad faoi leathscáth. Ar thaobh an tí tá dhá chrann piorra agus dhá chrann silín. An dealramh ar an scéal go mbeidh barr sásúil piorra againn um Mheán Fómhair agus dornán silín an mhí seo chugainn.

Ar aghaidh an tí, i ngar don bhóthar, tá luibh-ghairdín agam. Faoi láthair tá piobair, (idir the agus mhilis), basal (agus leas bainte as cheana féin), peirsil (dhá chineál), lus mín (dill), oragán, marós (rosemary), sáiste, tím agus dragan (tarragon). Tá an marós i bpota mór sáite sa talamh agam chun go mbeidh ar mo chumas é a aistriú isteach ag deireadh an fhómhair. Na luibheanna, beidh siad OK más féidir liom uisce a choinneáil leo. Agus na glasraí? N’fheadar, ach seans go mairfidh siad mura leanann an teas seo thar seachtain eile.

An teocht tite go dtí 39°. Amach liom, mo spéaclaí nua orm, iad san a dhorchaíonn faoi sholas na gréine, agus hata mór tuí ar mo cheann. Bíonn an corr-dhuine agus é ag gabháil thart in amhras an mídhleathach mé nó nach ea.

Wednesday, June 1, 2011

Fadhb

Measaim go bhfuil an fadhb chéanna agamsa is atá ag ár gcara Áine. Cé gur féidir liom nóta nua a sheoladh chugaibh, níl ar mo chumas aiseolas ar a bhfuil scríofa agaibhse a sheoladh. Trua sin mar tá postanna thar a bheith suimiúil léite agam le lá nó dhó anuas.

Monday, May 30, 2011

An Lá Atá Ann Inniu

Inniu Lá an Chuimhneacháin sa tír seo, agus is ócáid é chun aire ar leith a dhíriú orthu siúd a chaith seal sna fórsaí cosanta, ar an méid díobh a d’éag nó a gortaíodh agus iad faoi airm agus, inár gcás féin, ar an mbeirt linn atá faoi airm i láthair na huaire: duine díobh ‘áit éigin ar an Meánmhuir’ agus é ag cur cóir leighis ar 3,000 duine, an mac eile gona chéile is a chlann mac ar an taobh eile den domhan agus séasúr na dTyphoon buailte leo. Ní Meiriceánaigh antoiscigh ceachtar díobh. Seo an ghairm bheatha a thogh siad agus iad ar aon proifisiúnta is sár-oilte. Muid uilig thar a bheith bródúil astu.

Sunday, May 22, 2011

Carr Nua

Bhí an sean-Audi agam le breis agus deich mbliana. Roimhe sin bhí Ford Taurus-SHO agam ar feadh an achair chéanna. B’in an chéad charr nua a bhí agam ó shroich mé an tOileán Úr. Agus sin uilig mar stair agam, níorbh aon ionadh é go raibh muc ar mhallaí mo chéile nuair a luaigh mé léi go raibh mé ag iniúchadh carranna d’fhonn teacht ar cheann nua.
“Tuige sin?” ar sí, “nó an bhfuil ag teip ar an Audi?”
“Dheara níl,” a deirimse, “ach tá an-chostas ag baint le cibé seirbhís a bhíonn uaidh. Cuma cé chomh bídeach is atá an jab, uair a chloig a chaitear leis agus breis agus $100 in aghaidh na huaire mar chostas air.”
“Sin a bhfuil ag cur as duit?”
“Rud amháin eile; ba mhaith liom carr a bhféadfainn labhairt leis.”
D’fhéach an dea-bhean orm, imir de thrua le feiceáil ar a ceannaithe ar chloisteáil di go raibh a céile ag dul i leanbaíocht.
“Carr a bhféadfainn a rá leis ‘Glaoigh ar Maris’ agus dhéanfadh sé amhlaidh.”
“Beidh smart-phone de dhíth ort más é sin do mhian agus féach nach bhfuil go fiú fón póca agat faoi láthair.”
“Sin a mhínigh an fear dom agus mé ar chuairt ar an díoltóir ó chianaibh.”
“Tú sásta leis sin? Athrú mór é agus féach go mbeidh teacht ag an saol mór ort chuile uair den lá.”
“Tá’s agam, ach ar an lámh eile de ní chosnóidh an carr pingin rua.”
“Oh, yeah,” ar sí, “iad chun an car a bhronnadh ort i ngeall ar d’oibreacha carthanachta, an ea?”
“Olc liom na focail sin uait, a bhean,” a deirimse. “Sé a tharla ná gur cheannaigh mé scaranna de chomhlacht Ford ó chianaibh, tráth a raibh siad thar a bheith saor. I láthair na huaire tá a luach méadaithe faoi chúig. Iad uilig díolta agam inné agus is leor an brabús chun díol as Focus nua.”
“Ós mar sin atá an scéal agat, ceannaigh carr dea-labhartha duit féin ach fainic nach ró-mhealltach a bheidh a guth.”
“Féach gur ‘a guth’ a dúirt tú seachas ‘a ghuth’.”
“Nach é rogha na bhfear i gcónaí guth baineann a bheith ag an gcarr.”
An ceart aici, mar is gnáth.

Thursday, April 28, 2011

I gCoim Oíche?


Ar fhéachaint amach dom ar maidin bhí an saol faoi cheo, ach ní raibh an ceo céanna chomh tiubh sin nach bhfaca mé an ropaire seo i gceann de cheapacha mo chéile. Ní blatóg choiteann (Blata orientalis) é ná Ciaróg rua (Periplaneta americana). Caitheann gur ceann den dream é a fhaightear sa Bhrasaíl. Deirtear go mbíonn siadsan iontach mór. Gach gíog as faoi láthair. N’fheadar cad tá ite aige.

Sunday, April 24, 2011

Oideas Nach Iondúil

Ar na leabhair cócaireachta atá ar an seilf againn tá ‘ The Secrets of Jesuit Breadmaking’ leis an mBráthair Rick Curry, C.Í. Is leabhar é atá ceadaithe agam go mion minic, ach le déanaí tháinig mé ar oideas ann a chuir ionadh orm agus a spreag m’fhiosracht sa chaoi go raibh orm tabhairt faoi. Sé is gné neamhiondúil don oideas seo ná go gcuirtear an taos isteach in oigheann fuar. Sin déanta agat castar an lasc go dtí 400° F agus fanann tú ansin ar feadh 40 nóiméad. Agus, ar m’anam, sár-bhullán ba thoradh don turgnamh. An bhfuil aon chur amach ag éinne agaibh ar an modh seo?

Tá Sé Éirithe

Sin an fíric is tábhachtaí againne, Críostaithe.

Ag cur athleagan dom ar ráiteas Phóil:

‘Má tá Sé éirithe, is cuma faoi rud ar bith eile
Agus mura bhfuil Sé éirithe, is cuma faoi rud ar bith eile.’

Sunday, April 17, 2011

Tsunami i nGleann Caol

Cathal, an mac is aosta linn, tá sé fillte anois ón obair tarrthála a bhí ar siúl ag Cabhlach Mheiriceá sa tSeapáin. Is oifigeach sa chabhlach é agus go dtí le fíordhéanaí bhí sé lonnaithe in Okinawa, ach é anois in Sasebo ar Honshu. Muid ag caint leis inné agus d’inis sé dúinn faoi ghnéithe den tragóid a chuir as dó go mór.

Sráidbhaile de 1000 duine suite leathmhíle ón bhfarraige i ngleann cúng. Bhí airde 10 méadar sa tsunami ar shroicheadh an chósta agus béal an ghleanna dó. Ach an gleann cúng, theanntaigh sé an t-uisce sa chaoi go raibh airde 30 méadar ann ar shroicheadh an bhaile dó. Níor tháinig slán go fiú duine amháin dá raibh sa sráidbhaile an lá sin. Sea, an t-iomlán caillte.

Saturday, April 2, 2011

Al Jazeera

Más mian leat foinse dhifriúil eolais a bheith agat, faoin Meánoirthear ach go háirithe, caith súil ar Al Jazeera/Béarla.

http://english.aljazeera.net/

Monday, March 21, 2011

Eadarlúid Bheag


Ar m’éirí dom ar maidin, seo a bhí romham.
“Na fionna damanta sin arís,” a deirimse.
Breá an rud é go mbeidh deireadh leo go luath.

Friday, March 18, 2011

An tEarrach Tagtha

Cá bhfios dom?
Ní hansa:
Tá na piseanna i dtalamh.
Na crainn thorthaí scoite.
Giolcaigh na sú craoibhe gearrtha go talamh.
Na ceapacha glanta agus a gciondáil múirín leata orthu.
Prátaí i dtalamh amárach.

Mo chroí ag canadh amhail an t-ógfhear i Laoi na Laoi.

Seo anois, tá an geimhreadh thart
Tá an bháisteach glanta feasta
Tá an tír seo ‘gainne faoi bhláth.


(Laoi na Laoi, 2,11)

Tuesday, March 8, 2011

Na Pancóga

I dtír i bhfad i gcéin, na blianta cairbreacha siar ó shin, bhí Cháisc thar a bheith luath ann an bhliain sin. Lánúin nuaphósta agus a gcéadghin ag teacht ar an saol ar lá ar leith; Máirt na bPancóg. Pancóga mar bhricfeasta cothrom an lae sin ag an leaidín ó shin i leith. Iad aige ar maidin, le him, siúcra agus sú líomóide. Aoibh ar a aghaidh.

Sunday, March 6, 2011

Faire Tuile

Inniu an lá. Chéad bháisteach bhog leanúnach an Earraigh. É ag cur ó mheánoíche i leith. Orlach againn cheana féin. Orlach eile le teacht, deirtear. An sneachta smálaithe ag cúlú go drogallach, ithir fhornocht le feiceáil anois, gan go fiú balcaisí an Fhómhair á ceilt. Dhá throigh de dhoimhne sa talamh reoite fós, ach féar glas le feiceáil os cionn an dabhach shéarachais. An sumpa san íoslach go breá tirim fós. É mar mhoch-fairtheoir againn. Le breis agus fiche bliain níor caitheadh amach oiread is péint-channa amháin. Iad anois suite faoi chosa táblaí, cathaoireacha, leapacha agus boscaí de chuile shórt, á n-ardú ón urlár, ar eagla na heagla. An Cosantóir agus mé féin ag déanamh uainíocht ar a chéile feadh an lae, feadh na hoíche. Briseadh uisce agus tosú breith-phianta an Earraigh, nó sin mar a shamhlaítear dom é. Gan le déanamh againn ach fanacht go foighneach, go haireach.

Wednesday, March 2, 2011

Mo Bheacha Saor-Láibe.

Osmia lignaria



Bealtaine na bliana 2009 agus mé ag tosú ar an mblagáil am-íditheach seo, scríobh mé cur síos ar na beacha fiáine agus an teach a bhí agam dóibh (bronntanas ón gCosantóir). Arís an bhliain seo caite bhí an teach céanna in úsáid agam, ach thugas faoi deara go raibh doicheall ar na beacha (Osmia lignaria) leas a bhaint as na sean-bhambúnna ón mbliain roimhe. Ba ghairid gur tháinig mé, ar an idirlíon, ar mhíniú ar an doicheall sin. I mbeagán focal, is fearr leis na beacha baininscneacha gan áit ionfhabhtaithe a bheith acu mar ghoradán dá sliocht. Agus an ionfhabhtú sin? Baictéir, fungais agus fíneog.

Ar ndóigh, ní bheidh aon ró-dheacracht romhat agus tú ag steiriliú an teach agus na bambúnna le huisce te agus fochlóirít sóidiam (tuarthóir, Clorox). Ar an drochuair tá an teach (adhmaid) agus na bambúnna ar aon póiriúil, sa chaoi go súnn siad isteach an tuarthóir agus go bhfanann a bholadh siúd orthu. Ní maith leis na beacha an boladh. “Isn’t it a pity about them,” arsa mo chéile. (Í tagtha isteach anois ar Bhéarla na hÉireann.)

Só, seift eile de dhíth. Ráithe ar ghor, ach seo daoibh é.

Riachtanais: Neamh-phóiriúil; Éasca a chur le chéile/a bhaint as a chéile; Comhábhair sho-fhaighte agus neamhchostasach; Fíor-éasca a steiriliú.

Píopa PVC, trastomhas inmheánach 3”, seachtrach 3.5”; caipín 3” plaisteach; le fail ó Lowes
Criathar meala plaisteach 6”x2”x3”; le fáil ó Masonbee Homes, BC, Ceanada.

Gearr píosaí 7” ar fhad ón bpíosa píopa PVC (sabre-sábh leictreach); gearr na cúinní ón gcriathar (siosúr) agus brúigh isteach sa phíopa é. Neadaigh an caipín isteach i bhfoirceann amháin den phíopa agus brúigh an criathar síos go mbeidh siad ag teagmháil le chéile. Sin a bhfuil le déanamh agat. Tá teach beach nua déanta agat!!

Scéala Chugam Aniar ó Gurney’s.

Tháinig scéala chugam inniu ó Gurney’s. Tá na síolta ar a slí chugam agus le cúnamh Dé beidh na piseanna agus na biatais i dtalamh roimh Lá ‘le Pádraig, rud nár éirigh liom a dhéanamh le cúpla bliain anuas. An deireadh seachtaine seo caite d’éirigh liom, faoi dheireadh, na crainn torthaí a sciotadh, rud is dual dom a dhéanamh le linn coscairt Eanáir. Ar ndóigh, ní raibh leá againn i mbliana ó Lá Nollag go dtí i ngar do dheireadh mhí Feabhra. Anois, agus an sneachta ag leá le seachtain anuas, níl ach dhá throigh de fágtha ar an talamh. Cuma, mar bheidh mé amuigh an deireadh seachtaine seo chugainn agus fiú má bhíonn an ithir reoite fós, scríobfaidh mé clais inti agus isteach leis na síolta.

Tuesday, March 1, 2011

Bhur dToghchán

Bhí an-bhá ag mo mhuintir riamh le Fiann Fáil. Sin ráite, áfach, measaim go raibh siad ró-fhada i gcumhacht agus gur maith an rud é réabhlóid a bheith ann ó uair go chéile. Ón taobh seo den aigéan bhí an dealramh ar an scéal, de réir mar a thuig mise é, go rabhadar (FF) dulta i dtaithí ar bheith i réim agus gur cuma leo faoi na comhghuaillithe (PD-anna agus Glasaigh) a bhí acu. Caidhp a’ Bháis chruthanta a bhí sa chomhrialtas don dá dream sin.

Thairis sin, bhí an cineál ionracais agus calmachta ba dhual do pháirtí Dev caite ar leataobh acu agus b’olc liom sin. D’admhaigh Brian Cowen go raibh a fhios ag a chomhairleoirí sa Státseirbhís agus aige féin go raibh an tír ro-mhór i dtuilleamaí lucht na tógála agus na forbartha agus na cánacha agus an fhostaíocht ba thoradh ar an gcuid gníomhaíochta siúd, ach gur leasc leis srian a chur leo (tuige sin, meas sibh?). Pé ar bith é, tá a ré caite, go fóillín ar chaoi ar bith, ach táid ann a mheasann nach n-éireoidh ‘The Men of Destiny’ go deo arís. N’fheadar féin.

Feicfimid anois cad is féidir le foireann nua a dhéanamh agus guím rath orthu. Beidh ionadh orm má éiríonn leo aon fheabhas tobann a bhaint amach. Mar sin féin, tá mo dheaghuí leo.

Monday, February 28, 2011

Sóid-Arán Caiscín



Seo an iarracht is déanaí liom dlúth-aithris a dhéanamh ar an arán a chonaic mé á dhéanamh le linn dom samhradh na bliana 1950 a chaitheamh i nGaeltacht na Gaillimhe. Ní raibh leictreachas ar bith sa cheantar agus dhéantaí an chócaireacht uilig ar an tine mhóna sa chistin. Mar oigheann bhí bácús ag bean a’ tí agus faoi dhó sa tseachtain dhéanadh sí dhá bhullán mór sóid-arán: ceann de phlúr bán, an ceann eile de chaiscín. Ionann ‘bácus’ agus soitheach d’iarann teilgthe a raibh barr/clúdach ag dul leis. Trastomhas de16 orlach a bhí sa bhácús agus é 8 n-orlach ar airde. (Dutch oven atá air a leithéid de shoitheach sna bólaí seo.) Mar leacht taois, d’úsáidtí an bhláthach a fágadh tar éis im a dhéanamh. Go hiondúil bhíodh blúiríní ime sa bhláthach. I ngar do dheireadh na bácála chuirtí smeachóidí móna ar bharr an bhácúis. OK, is leor sin mar réamhrá, ach a chur ar bhur súile daoibh gur aistriúchán é seo ar an oideas a scríobh mé le déanaí dom chlann mac is iníne agus dá gclanna siúd. An bhfuil a fhios agaibh go bhfuil beirt iarua againn anois?

Mar bhácús tá mias casaróil 5 phionta de dhéantús Corningware le barr/clár gloine air.

Mar thine mhóna tá oigheann leictreach, réamh-théite go dtí 400 ° F agus an mhias chasaróil ann.

Mar bhláthach tá bainne beagmhéathrais (1%) maille le fínéagar bán agus ola canola. Más ghnáth-bhainne a bheidh á úsáid agat, fág an t-ola ar lár.

Comhábhair

Gnáth-phlúr bán 1 chupán
Caiscín garbh (Odlums) 2 chupán
Púdar bácála 2 thaespúnóg
Sóid bácála 2 thaespúnóg
Salann 1 taespúnóg
Siúcra 1 taespúnóg
Bainne (1%) 12 unsa
Ola canola 1 bhord spúnóg
Fínéagar 1 bhord spúnóg

Modh

Cuir an bainne, an fínéagar agus an t-ola le chéile agus measc iad.
Réamh-théigh an t-oigheann go dtí 400 ° F agus an mhias casaróil maille leis an mbarr san oigheann le linn an téite.
Measc na comhábhair thirime le chéile agus nuair a bheidh an t-oigheann ag 400 F doirt an leacht isteach d’aon gheábh amháin. Measc le spúnóg adhmaid go mbeidh an taos aonfhoirmeach. Iompaigh amach ar losaid phlúrtha é agus le lámha plúrtha fuin an taos a laghad agus is féidir ach go mbeidh sé ina chiorcal thart ar 8 n-orlach ar leithead. Tóg an mias chasaróil as an oigheann, bain an barr di agus sleamhnaigh an taos isteach sa mhias. Gearr cros ar bharr an taois, spréigh le huisce é, cuir an barr gloine ar an mias agus ar ais san oigheann leis an iomlán.

Tar éis 10, 20 agus 30 nóiméad spréigh barr an taois arís. Bain an barr den mias agus bácáil ar feadh 15 nóiméad breise. Bain an t-arán as an mias agus cuir ag fuaradh é ar raic. Is féidir an t-arán fionnuar a roinnt agus cuid de a reo má filltear i scragall alúmanaim é agus an beart sin a shéalú i Ziploc. Chun an t-arán a atéamh, bain as an Ziploc é agus téigh in oigheann ag 300 F ar feadh 40 nóiméad é.

Tá’s agam go bhfuil na treoracha seo roinnt mhaith iomadúil, ach is cineál “Baking For Dummies” atá ar siúl agam. Níl imir de tharcaisne i gceist.

Saturday, February 26, 2011

An tÉanáireamh, Geimhreadh, 2010

Faoi mar a bheifeá ag súil, ní hamháin go mbíonn An Beathaitheoir ag cur bia ar fáil do na héin áitiúla, (saghsanna ar leith ar uaire), ach tá sé de chúram uirthi féachaint an bhfuilid ag dul i líon nó i laghad. Chuige sin, tógtar Éanáireamh faoi dhó i rith na bliana; uair sa Gheimhreadh, uair sa Samhradh. Níl fúm anseo ach liosta na n-éan atá feicthe agus comhairthe go nuige seo i mbliana. Cur amach ar bith níl agam ar na hainmneacha Gaeilge seachas préachán, gealbhan, fiach/seabhac agus dreoilín, colm agus cnagaire.

Cardinal (cairdinéal); Cardinalis cardinalis
Chickadee (sicidí??); Poecile atricapillus
Cowbird (??); Molothrus ater
Crow (préchán); Corvus brachyrhynchos
Dove, morning (colúr de chineál éigin); Zenaida macroura
Finch, gold (lasair choille); Spinus tristis
Finch, house (glasán?) Carpodacus mexicanus
Grackle (?); Quiscalus quiscula
Hawk, sharp shinned (spioróg, ruán aille); Accipiter striatus
Jay, Blue (?); Cyanocitta cristata
Junco (?); Junco hyemalis
Mockingbird (?); Mimus polyglottos
Nuthatch, white breasted (cnóshnag); Sitta carolinensis
Robin, American (Spideog Mheiriceánach); Turdus migratorius
Sparrow, white throated (gealbhan); Zonotrichia albicollis
Starling (druid); Sturnus vulgaris
Titmouse (meantán); Baeolophus atricristatus
Woodpecker, downy (cnagaire); Picoides pubescens
Woodpecker, flicker (cnagaire); Colaptes auratus
Woodpecker, hairy (cnagaire); Picoides villosus
Woodpecker, redbellied (cnagaire); Melanerpes carolinus

Friday, February 18, 2011

Watson, Jeopardy agus Talamh Glas

Is fada mé ag breathnú ar an gclár Jeopardy a chraoltar ar cheann de na cainéil teilifíse anseo in Connecticut ach is fíor-fíor-annamh an bua agam ar dhuine ar bith de na hiomaitheoirí a bhíonn ar thóir an airgid agus an cháil. Is cuimhin go glé liom éacht Ken Jennings agus an t-iliomad babhta a bhuaigh sé sular ar cloíodh é. Níor chreid mé go bhféadfadh ríomhaire, cuma cé chomh mór, chomh tapa agus chomh lán sonraí a bhí sé, an bua a sciobadh ó Ken agus ón gcuradh eile nach cuimhin liom a ainm. By Dad, ach nach ormsa a bhí an t-ionadh agus an bua glan amach ag Watson.

Bhí mé ag súil go mbeadh focal nó dhó againn um an taca seo ó Aonghus faoin éacht atá déanta ag IBM, mar tá mé ag ceapadh go mbeadh tuiscint aige ar na deacrachtaí a bhí le sárú ag na hinnealtóirí agus na scríobhaí cóid.

Talamh? Sea. Den chéad uair ó Lá Nollag i leith tá cré agus an corr-ribe féir le feiceáil anseo ar thailte O’Connor agus Fiondella. Hip hip………..

Saturday, February 12, 2011

Achaidh Aislinge

Tá an novella thuas i bhfoirm r-leabhar ar fáil saor in aisce ó Litriocht.com. Mar is eol daoibh, foilsíodh a chéad leath den scéal, trí mhíthuiscint, in Feasta an bhliain seo caite. Ní hamháin go bhfuil an saothar sin liomsa ar fáil, ach tá na cúig scéal eile ar tugadh aitheantas dóibh i gcomórtas an Oireachtais ar fáil freisin. Is fiú súil a chaitheamh orthu uilig.

Monday, January 31, 2011

An tEarrach?


In Éirinn ceaptar gurb é an chéad lá de Feabhra tosach an earraigh. Is léir nach mar sin atá an scéal abhus sna Stáit Aontaithe. Ón Nollaig i leith tá cúig throigh sneachta tite agus gan coscairt ar bith againn ar an sneachta céanna. Tar éis an stoirm is déanaí, arsa fear an chéachta liom “Cá gcuirfidh mé an sneachta treafa?” agus go deimhin b’fhíor dó, mar tá múr sneachta tógtha aige ar thaobh an chabhsa, múr atá 8 dtroigh ar airde faoi láthair agus gan ar chumas an chéachta dul níos airde. “Áit ar bith a bhfuil teacht agat uirthi,” a deirimse leis.

Anocht beidh suas le troigh eile againn agus tá mo chéile foighneach ag bagairt orm éalú go hóstán go mbeidh na cromchinn faoi bhláth agus ní tógtha uirthi é.

Ar dheis sa phictiúr feicfidh sibh luascshuíochán. Féach go bhfuil an sneachta ar aon leibhéal leis an suíochán féin. Seans nach mbeidh an suíochán le feiceáil ar maidin.

Thursday, January 27, 2011

Tomás A’ Phinn

Beidh sibh i dtaithí faoi seo ar bheith ag cloisteáil faoin meas atá agam ar an sár-údar Tomás Mac Síomóin. Táid ann atá eolach ar na hEolaíochtaí agus dream eile atá eolach ar an bPolaitíocht. Ar an drochuair, is iondúil nach bhfuil imir de chumas úrscéalaiochta ag ceachtar den dá dhream sin. Ach, mirabile dictu, seo chugainn Mac Síomóin agus sé shaothar leis ar fáil mar r-leabhartha ó Litríocht.com.

Níl mé féin cleachtach ar bhreis is leathanach a léamh ar scáileán, ach feicim nach amhlaidh do m’ál féin. Caithigí súil ar láthair Litríocht.com. Ceannródaí i ndáileadh leabhar Gaeilge.

Saturday, January 1, 2011

Mianach na Leitean


Ceist ag Dennis orm le déanaí faoi ‘snáithín inleáite’ (soluble fiber) coirce agus cá mhéad de a d’eastóscfaí (would be extracted) le huisce fuar. Cuireadh an cheist sin i gcomhthéacs comhfhreagras idirlín faoi ‘Sowen’ (‘Cáfraith’ an focal Gaeilge air). Chuir an cheist i gcuimhne dom nach raibh leite ite agam le breis agus leathchéad bliain. Tuige sin, deir tú. Well, sé fírinne an scéil nach raibh ar chumas mo mháthar leite inite a ullmhú riamh. Agus b’ait sin, mar bhí geall le bheith chuile eile a réitigh sí blasta so-ite. An leite, áfach, bhí sí i gcónaí stolptha cnapánach agus ghoill sé go mór orm go raibh orm í a ithe ó Luan go Satharn. A thúisce a thosaigh mé ar an ollscoil, bhíos in ann an bricfeasta a sheachaint agus ba mhór an faoiseamh dom dul in éagmais na leitean.

Agus mé ag lorg freagra ar cheist Dennis, rith sé liom go raibh scéilín leath-cheilte im’ cheann faoin leite chéanna. Sibhse a léigh an scéilín ‘Maud agus an Turcaí’ aithneoidh sibh an t-ainm ‘Ina Horgan’ a bhí mar chomharsa béal dorais againn agus mé ag fás aníos. B’as contae Luimnigh d’Ina agus cúigear de chlann ag a tuistí. Gach maidin agus í ag freastal ar an meánscoil sa chlochar ba é a bhí os a comhair ar bord an tseomra bia ná leite stolptha chnapánach. A luaithe a d’fhill a máthair ar an gcistin, chaitheadh Ina an leite isteach sa spás idir an drisiúir agus balla an tseomra. Lean an scéal amhlaidh ar feadh na sé bliana a chaith Ina ar an meánscoil.

D’éirigh thar barr léi san Ard-Teist agus fuair sí post sa státseirbhís san ardchathair. Pósadh le garda í, d’éag a hathair agus go gairid ina dhiaidh sin bhí an duine deireanach de chlann a máthar scaipthe ar fud na tíre. Agus an mháthair ag déanamh ar an seasca, chinn an chlann ar chistin nua a bhronnadh uirthi, mar bhí an seanchistin an-bheag agus seanfhaiseanta chomh maith.

An chéad chéim ná an balla idir an seomra bia agus an chistin a leagan. Chuige sin b’éigean an drisiúir a bhogadh. Thug fear amháin faoi, thug beirt faoi agus ansin triúr, ach oiread is orlach ní bhogfadh sé. Cupán tae ag an triúr. Tugadh faoin drisiúir le hord, le dhá ord, le trí ord. De phrap thit an drisiúir agus an balla laistiar de maille leis. Great stuff that old country porridge.