Saturday, December 25, 2010

Tá Sé Tagtha


An cnuasach beag seo, tá sé agam anois le breis agus daichead bliain. Ar ndóigh, bhain timpiste do bhall nó dhó i rith na mblianta, ach d’éirigh liom an damáiste a leigheas. An bhliain seo caite d‘athnuaigh mé an phéint orthu, ach seachas sin táid mar a bhí siad tráth a gceannaithe. Ionann sin is a rá go bhfuil siad ar chomhaois le m’iníon, Emer.

1 comment:

  1. Go hálainn ar fad. Is breá liom an leanbh a bheith ina baclainn ag Muire.

    ReplyDelete