Sunday, December 26, 2010

Ollstoirm Sneachta?

Táthar ag tuar breis agus troigh (30 cm) dúinn inniu agus cá bhfios cá mhéad thar oíche. Feicfimid! (Maidin Luain: Troigh sneachta, gaoth ard, mo dhroim, mo dhroim!)

Saturday, December 25, 2010

Tá Sé Tagtha


An cnuasach beag seo, tá sé agam anois le breis agus daichead bliain. Ar ndóigh, bhain timpiste do bhall nó dhó i rith na mblianta, ach d’éirigh liom an damáiste a leigheas. An bhliain seo caite d‘athnuaigh mé an phéint orthu, ach seachas sin táid mar a bhí siad tráth a gceannaithe. Ionann sin is a rá go bhfuil siad ar chomhaois le m’iníon, Emer.

Wednesday, December 22, 2010

Cúpla Punt

Níl sa scéilín seo ach an fhírinne. Mar sin féin nílimse ag maíomh go bhfuil iomlán na fírinne ann. Mar shampla tá mo chéile ionúin de bharúil gur tháinig an ‘cúpla punt’ ó na daoine a bhí ag obair sa seomra sórtála. An t-aon fhadhb a bheadh agam leis an aguisín sin ná conas a tharla go raibh stampa Sasanach ar an gclúdach, nó an raibh? Táim féin dall bodhar i gcás na ceiste sin. Seo dhaoibh, mar sin, píosa atá léite cheana ag bhur bhformhór ach a bhfuil áit ar leith im chuimhní cinn aige.

Nollaig Shona faoi mhaise agaibh uilig. Go mbeannaí an Leanbh is Dia sibh, cuma an n-aithníonn nó nach n-aithníonn sibh É.

Cúpla Punt um Nollaig

Im iarchéimí le Cheimic mé, bhí mé de shíor ar ghannchuid airgid. Agus an Nollaig ag teannadh liom, ghlacainn post sealadach in Oifig an Phoist, Sráid an Phiarsaigh. Níorbh éasca an dá thrá a fhreastail, idir shaotharlann agus Phost, mar bhíodh mo chomhairleoir taighde amhrasach fúm an tráth sin bliana agus é de shíor am lorg sa tsaotharlann agus mo chomhthaighdeoirí ag cur mí-threoir air chun nach mbeadh teacht aige orm.
“Cá’l Seán?”
“Sa leabharlann, measaim.”
“Chuardaigh mé ansin é.”
“Dulta go leabharlann Trinity?”

I moch na maidine, i bhfad roimh éirí na gréine, síos liom ar mo shean-Vespa go Sráid an Phiarsaigh, agus an mála poist arna líonadh agam, amach liom ag seachadadh litreacha ó bhun barr Shráid Grafton agus sna foshráideanna a ghabhann aisti.

I ngar do dheireadh mo “shiúil”, mar a thugtar ar raon seachadta, thagainn uirthi, lá i ndiaidh lae, ag seasamh sa doras, gan focal aisti, ag feitheamh liom, an dóchas ag lonrú ina súile is mé ag teannadh léi, ag múchadh nuair ba léir nach raibh rud ar bith agam di. Lá i ndiaidh lae, maidin is iarnóin, b’in romham í. Faoi dheireadh, i ngar cúpla lá don Nollaig, labhair sí.
“A dhath agat dom ó Shasana?”
“Ar an drochuair, níl.”
“Tú cinnte? A haghaidhse i gcónaí ar an stampa.”
“Faic duit inniu. Amárach, b’fhéidir.”
“Sea, amárach. Amárach go cinnte.”
Leag sí lámh ar mo mhála.
“Níl ar a chumas filleadh abhaile, tá’s agat. Iad iontach cruachroíoch thall. Gan sos nó staonadh ag dul do na Paddies, deir sé, ach go seolann sé cúpla punt dom um Nollaig.”
Lá i ndiaidh lae, ach faic na fríde agam di.

Agus mé ar mo shiúl deiridh roimh Nollaig, bheannaigh sí dom, ag guí “Nollaig Shona” orm is ar mo mhuintir agus rith deor léi ó shúile gan dóchas síos gona smig chrón ghuaireach.
“Moill ar an bpost i Sasana, is dócha,” a deirimse. “Seans go mbeidh litir agam duit tar éis Lá ‘le Stiabhna”
“Moill i Sasana, a deir tú? Nach mheasfá go ndéanfaidís sár-iarracht agus an Nollaig buailte linn?”

Cúpla lá faoisimh agam sa bhaile agus ansin ar ais liomsa agus le cúpla leaideanna eile ón ollscoil chun fuílleach na Nollag a ghlanadh agus an oifig sórtála a chur ina gnáthriocht arís. Agus, ar m’anam, bhí litir ó Shasana agam di. Ach ar theacht fad lena doras dom, ní raibh sí romham. Suas staighre liom, suas go barr an tí. Chnag mé ach freagra ní bhfuaireas. Ghob ceann amach ó dhoras trasna an léibhinn uaim.
“Tú ag lorg Maggie, Maggie Flynn? Bhuail taom í maidin Nollag agus iompraíodh de ruathar go dtí an Mater í.”
Chuireas an litir im phóca agus ag deireadh mo shiúil, dhírigh mé ar an Mater agus ligeadh isteach chuici mé ar feadh bomaite.
“Go díreach mar ar thuar tú é,” ar sí de ghuth lag. “Moill air i Sasana. Nach deas uait dua a chur ort féin mo litir a bhreith chugam. A fhios agam nach ndearmadfadh sé mé. Mo chúpla punt um Nollaig.”
Agus d’fháisc sí an litir lena hucht agus thit ina codladh.

Ar mo shlí amach dom, sméid an bhanaltra orm.
“Gaol agat léi?”
“Níl, is mé a fear an phoist. Í ag tnúth le litir. Cá fhad a bheidh sí istigh anseo?”
“Á, sin is bun lena clamhsán faoi ‘moill ar an litir i Sasana, na scraistí’. Áthas orm gur rug tú trasna chuici í, nó b’fhéidir go suaimhneoidh sí anois agus go bhfaighidh sí dreas beag codlata. Ach maidir léi féin, míorúilt é má fheiceann sí an athbhliain.”

Cúpla punt um Nollaig, cúpla domsa agus cúpla eile dise, agus suaimhneas croí di maille leo.