Sunday, November 14, 2010

Tionól 2010

Beidh mé in Éirinn ag feadh seachtaine. Cúrsaí gnó den chuid is mó a bheidh ar siúl agam, ach Dé hAoine agus Dé Sathairn beidh mé ag freastal ar Tionól 2010 de chuid Scoil an Léinn Cheiltigh. Sé Damian McManus a thabharfaidh an Léacht Reachtúil agus ina dhiaidh sin beidh a shaothar ‘A Bardic Miscellany’ á sheoladh. Thart ar 500 dán agus 700 leathanach atá ann, an díolaim is mó den Dán Díreach a cuireadh ar
fáil go nuige seo.

2 comments:

  1. Fiú más 'cúrsaí gnó' féin atá romhat, bain sult as do chuairt, a chara.

    ReplyDelete