Monday, November 8, 2010

Maróga



Is iomaí duine nach gcreideann gurb i mbuicéad suite sa doirteal a mheasctar comhábhair na maróg Nollag. Well, tháinig An Cosantóir aniar aduaidh orm agus seo mé ag meascadh liom oiread agus a dhéanfaidh dosaen maróg.

2 comments:

  1. Níl an taos ró-neamúil ag breathnú anois díreach. Ach tá's agam gur ailceimiceoir cruthanta sa chistin thusa!

    ReplyDelete
  2. Tháinig comharsa isteach sa chistin bliain amháin agus mé i mbun na maróg. Ar ndóigh, ní mar a léirítear sna grianghrafanna, le spúnóg adhmaid, a mheasctar an taos, ach le do dhá lámh agus iad sáite go huilleann sa phraiseach. Pé ar bith, arsa an chomharsa ar fheiceáil di cad a bhí sa bhuicéad agam “Ní raibh a fhios agam go gceadaítear muca a bheathú sna bólaí seo.”

    ReplyDelete