Friday, October 15, 2010

Praiseach Cruthanta

An scéal ina iomlán. Ag deireadh na bliana seo caite, sheol mé luath-leagan de ‘Achaidh Aislinge’ chuig m’eagarthóir ag iarraidh air súil a chaitheamh ar an scéal. Mhol sé cúpla athrú agus mhol sé freisin go seolfainn é chuig Feasta féachaint an mbeadh suim ag Pádraig Mac Fhearghusa é a fhoilsiú sa mhóreagrán liteartha den iris. Dúirt Pádraig go raibh an scéal ró-fhada (6,500 focal) agus gur leasc leis é a bhriseadh ina dhá leath. B’ionann sin domsa agus diúltú. Ba ansin a chinn mé ar é a sheoladh isteach ar chomórtas an Oireachtais. Mar is eol daoibh, bhuaigh sé an dara háit sa chomórtas do ghearrscéal, comórtas a bhí maoinithe ag Litríocht.com agus é ar intinn acu roinnt de na scéalta a cuireadh isteach ar an gcomórtas sin a fhoilsiú mar ‘e-leabhar’. Bhí go maith agus ní raibh go holc agus lóisteáladh an seic a bhí ag dul leis an duais.

Inné fuair mé nóta lámhscríofa sa phost ó eagarthóir Feasta agus seic leis an nóta. Dealraíonn sé go bhfuair sé ‘briseadh nádúrtha’ sa scríbhinn agus tá an chéad leath den scéal foilsithe in Feasta Dheireadh Fómhair. Inniu fuair mé dhá chóip de Feasta sa phost. Tá nóta eagarthóra ag deireadh an phíosa ag míniú gur ‘leagan ciorraithe’ é den scéal a ghnóthaigh duais i gcomórtas an Oireachtais. Ní leagan ciorraithe é. Níl ann ach an chéad leath den scéal. Anois caithimse aghaidh a thabhairt ar mhuintir Litríocht.com ag míniú an scéil dóibh agus ag rá leo go bhfuil mé lánsásta an duais a aisíoc más sin atá uathu agus mé ag gabháil mo leithscéil leo as an bpraiseach seo. Só, sibhse a bhí ag fiafraí díom cá mbeadh teacht ar an scéal, ceannaigh Feasta chun blas a fháil ar fhantaisíocht an údair seo.

5 comments:

  1. Muise. Is mise an t-aon eagarthóir atá i saol na Gaeilge, sílim, a fhreagraíonn údair agus a insíonn dóibh cad a fhoilseofar roimh ré, sílim. Níos proifisiúnta na na daoine proifisiúnta?

    ReplyDelete
  2. Níl a leithéid ann agus eagarthóir gairmiúil i saol na Gaeilge, ó thaobh tuarastail pé scéal é. Tá Pádraig á dhéanamh ina chuid ama saor chomh maith le haon duine eile.

    Tá Feasta ar síntiús agam: an mbeidh cuid a dó in eagrán na míosa seo chugainn?

    ReplyDelete
  3. Aonghus: Ní bheidh. Tá a leithéid coiscthe agam air. Is liomsa fós an cóipcheart.

    ReplyDelete
  4. Ní maith liom do phraiseach, a chara.

    ReplyDelete
  5. Bhuel, ó thaitin an chéad leath liom beidh orm an r-leabhar a fháil!

    ReplyDelete