Tuesday, October 19, 2010

Múirín


Daoibhse nach ndearna múirín riamh, seo míniú gairid ar a bhfuil i gceist. Sa phictiúr feiceann sibh dhá chró. Na bíomaí adhmaid, táid 8 dtroigh ar fhad. An cró chun tosaigh is i mbliana a líonadh é agus sé atá ann ná duilleoga ó fhómhar na bliana seo caite agus scotháin féir a gearradh i mbliana. Sa chúlra tá a bhfuil fágtha de dhuilleoga na bliana seo caite. Is mar cheapaire a líontar an cró: sraith féir, sraith duilleoga, sraith féir…….. Bíonn a dhá oiread duilleoga is a bhíonn féar agus caitear a bhfuil sa chró a choimeád tais: báisteach nó uisce ón osán. Tá a tharlaíonn dá bhfuil sa chró thar a bheith casta, ach is féidir seo a rá go siúráilte: mura ngintear teas, ní bhfaighidh tú múirín. Líonadh an cró ar dheis an fómhar seo caite agus tá crapadh de 75% ar thoirt a raibh ann. An t-earrach seo chugainn, tráth nach mbeidh an múirín sa dara cró reoite a thuilleadh, bainfear an múirín as agus cuirfear i gceapacha é. Thart ar leatonna beagán tais a bheidh ann.

2 comments:

  1. 'reoite fós', recte, reoite aq thuilleadh. Tuirse, agus aois.

    'Tá a tharlaíonn' recte 'Tá a gach tharlaíonn'

    ReplyDelete
  2. Tig leat an bhlagmhír féin a cheartú nó a athrú am ar bith, mar is tusa an t-úinéir. An bhfeiceann tú peann luaidhe beag ag bun na blagmhíre? Cliceáil air agus beidh tú in ann eagar a chur ar gach a bhfuil inti.

    ReplyDelete