Monday, October 4, 2010

An Mhóin

An samhradh a chaith mé i nGaeltacht na Gaillimhe sa bhliain 1950, b’in an chéad uair, agus an uair dheireanach, a d’oibrigh mé sa phortach ag baint móna. Ba é a bhí le déanamh agamsa na fódanna a ghróigeadh. Cuimhin liom an phian droma a bhí orm ag deireadh an chéad lae agus is cuimhin liom, freisin, a shuaraí a bhí toradh mo chuid oibre féin i gcomparáid leis an méid a rinne an leaid ab óige sa chlann agus muid geall le bheith ar chomhaois. “Tiocfaidh tú i dtaithí ar an obair,” arsa fear a’ tí agus muid ag filleadh abhaile. B’in taithí nach raibh uaim ach cionn is go raibh mé ag maireachtáil leo amhail ball den teaghlach, ní raibh dul as agam ach leanúint leis an obair sa phortach. Lá sa tseachtain a chaithimis le baint na móna agus nach mé a bhí sásta tráth a thosaíomar ar an mhóin a iompar abhaile agus an chruach cois tí a thógáil. Más buan dom chuimhne, bhí níos mó bainte ná ba ghá agus díoladh an farasbarr le muintir na háite. Inniu agus mé ag póirseáil trí chomhaid TG4, tháinig mé ar chlár faoin móin agus láithreach bhraith mé pian im dhroim.

5 comments:

  1. Pian a bheidh ceilte ar an gcéad ghlúin eile. Tá deireadh na móna ar lár...(nó caomhnaithe, ar a laghad!)

    ReplyDelete
  2. Ar dtús mheas mé gurbh in a bhí á phlé sa dá chuid den chlár. Ach ní raibh i gceist ach dhá rud: caomhnú roinnt portach (agus caoineadh dá réir ag lucht baint móna na bportach sin) agus deireadh a bheith tagtha le ré an tsleánadóra. Cinnte, ba scil nár bheag an tsleándóireacht chéanna, ach tá slite níos éasca chun móin a bhaint anois agus fiú tar éis an chaomhnaithe beidh raidhse portach fós ar fáil d’éinne ar mhaith leis dul leis an sleán.

    ReplyDelete
  3. Mo chraiceann bhocht agus í dóite, an chuimhne atá agam féin ar an lá nó dhó úd a chaith mé ar an bportach agus mé i mo dhéagóir!

    Go deimhin, más buan mo chuimhne, is ar thóir dhathú na gréine a bhí mé ag an am, seachas fonn oibre a bheith orm, an dtuigeann tú...:-)

    ReplyDelete
  4. ASG! Ní dóigh liom go raibh, mar chuirfeadh a leithéid isteach ar obair na bhfear...;-)

    ReplyDelete