Thursday, October 28, 2010

Ilteangachas Abú

De réir alt in ‘Science’, 15 Deireadh Fómhair, l. 332-333, 2010, táthar tar éis a fháil amach go bhfuil buanna ar leith ag baint le bheith ilteangach. Ar na buanna sin tá cumas níos fearr beag is fiú a dhéanamh de nithe atá ag tarlú thart timpeall orainn ach nach bhfuil suim againn iontu. Ina theannta sin de réir taighde ó Cheanada, tarlaíonn Alzheimer’s cúig bliana níos déanaí i ndaoine a bhfuil an Fhraincis agus an Béarla acu go líofa ón gcliabhán. Níl freagra fós ar an gceist “Cad faoi daoine a bhfuil 3 nó 4 nó 5 teangacha acu.”

Duilleoga




An tráth seo bliana agus mé am’ ghléasadh féin, féachaim amach ar an ngairdín cúil agus is éard a fheicim ná saibhreas, go díreach mar atá an scéal san dá phictiúr thuas. Baileoidh mé na duilleoga faoi thrí sula mbeidh deireadh leo. Uair a chloig go leith a thógfaidh gach iarracht agus carnfaidh mé ag bun an ghairdín iad. Mo chomharsana béal dorais, tá nós ar leith ag gach duine daoibh. An chomharsa ó thuaidh, séidfidh sé go bun a ghairdín iad, mar a bhfuil ‘terra incognita’ aige, fásra chomh tiubh sin nach féidir siúl tríd. An chomharsa eile, is baintreach í agus conradh aici le comhlacht garraíodóireachta a bhearrann an féar ó earrach go Samhain agus a bhaileoidh na duilleoga nuair a bheidh siad go léir tite. Ar ndóigh, tá nósanna eile ann chun fáil réidh leis na duilleoga céanna, ar a bhfuil iad a shá i málaí móra agus a iompar go dtí ionad athchúrsáil an bhaile. Ionann sin is a rá gur saibhreas domsa iad ach gur núis iad dá lán. Trua sin, mar ainneoin gach a léann tú i leabhartha garraíodóireachta, ní gá mórán stró a chur ort féin chun múirín a dhéanamh. In ionad bheith ag tiontú agus ag meascadh a bhfuil agat sa chró múirín, fad is a thógtar i gceart an carn, sé sin le sraitheanna caola d’fhéar agus duilleoga agus dóthain uisce lena choimeád tais, beidh múirín agat i gceann dhá bhliain agus ní bheidh ort ‘potting soil’ nó ‘top soil’ a cheannach le teacht an earraigh.

Tuesday, October 19, 2010

Múirín


Daoibhse nach ndearna múirín riamh, seo míniú gairid ar a bhfuil i gceist. Sa phictiúr feiceann sibh dhá chró. Na bíomaí adhmaid, táid 8 dtroigh ar fhad. An cró chun tosaigh is i mbliana a líonadh é agus sé atá ann ná duilleoga ó fhómhar na bliana seo caite agus scotháin féir a gearradh i mbliana. Sa chúlra tá a bhfuil fágtha de dhuilleoga na bliana seo caite. Is mar cheapaire a líontar an cró: sraith féir, sraith duilleoga, sraith féir…….. Bíonn a dhá oiread duilleoga is a bhíonn féar agus caitear a bhfuil sa chró a choimeád tais: báisteach nó uisce ón osán. Tá a tharlaíonn dá bhfuil sa chró thar a bheith casta, ach is féidir seo a rá go siúráilte: mura ngintear teas, ní bhfaighidh tú múirín. Líonadh an cró ar dheis an fómhar seo caite agus tá crapadh de 75% ar thoirt a raibh ann. An t-earrach seo chugainn, tráth nach mbeidh an múirín sa dara cró reoite a thuilleadh, bainfear an múirín as agus cuirfear i gceapacha é. Thart ar leatonna beagán tais a bheidh ann.

Friday, October 15, 2010

Praiseach Cruthanta

An scéal ina iomlán. Ag deireadh na bliana seo caite, sheol mé luath-leagan de ‘Achaidh Aislinge’ chuig m’eagarthóir ag iarraidh air súil a chaitheamh ar an scéal. Mhol sé cúpla athrú agus mhol sé freisin go seolfainn é chuig Feasta féachaint an mbeadh suim ag Pádraig Mac Fhearghusa é a fhoilsiú sa mhóreagrán liteartha den iris. Dúirt Pádraig go raibh an scéal ró-fhada (6,500 focal) agus gur leasc leis é a bhriseadh ina dhá leath. B’ionann sin domsa agus diúltú. Ba ansin a chinn mé ar é a sheoladh isteach ar chomórtas an Oireachtais. Mar is eol daoibh, bhuaigh sé an dara háit sa chomórtas do ghearrscéal, comórtas a bhí maoinithe ag Litríocht.com agus é ar intinn acu roinnt de na scéalta a cuireadh isteach ar an gcomórtas sin a fhoilsiú mar ‘e-leabhar’. Bhí go maith agus ní raibh go holc agus lóisteáladh an seic a bhí ag dul leis an duais.

Inné fuair mé nóta lámhscríofa sa phost ó eagarthóir Feasta agus seic leis an nóta. Dealraíonn sé go bhfuair sé ‘briseadh nádúrtha’ sa scríbhinn agus tá an chéad leath den scéal foilsithe in Feasta Dheireadh Fómhair. Inniu fuair mé dhá chóip de Feasta sa phost. Tá nóta eagarthóra ag deireadh an phíosa ag míniú gur ‘leagan ciorraithe’ é den scéal a ghnóthaigh duais i gcomórtas an Oireachtais. Ní leagan ciorraithe é. Níl ann ach an chéad leath den scéal. Anois caithimse aghaidh a thabhairt ar mhuintir Litríocht.com ag míniú an scéil dóibh agus ag rá leo go bhfuil mé lánsásta an duais a aisíoc más sin atá uathu agus mé ag gabháil mo leithscéil leo as an bpraiseach seo. Só, sibhse a bhí ag fiafraí díom cá mbeadh teacht ar an scéal, ceannaigh Feasta chun blas a fháil ar fhantaisíocht an údair seo.

Monday, October 4, 2010

An Mhóin

An samhradh a chaith mé i nGaeltacht na Gaillimhe sa bhliain 1950, b’in an chéad uair, agus an uair dheireanach, a d’oibrigh mé sa phortach ag baint móna. Ba é a bhí le déanamh agamsa na fódanna a ghróigeadh. Cuimhin liom an phian droma a bhí orm ag deireadh an chéad lae agus is cuimhin liom, freisin, a shuaraí a bhí toradh mo chuid oibre féin i gcomparáid leis an méid a rinne an leaid ab óige sa chlann agus muid geall le bheith ar chomhaois. “Tiocfaidh tú i dtaithí ar an obair,” arsa fear a’ tí agus muid ag filleadh abhaile. B’in taithí nach raibh uaim ach cionn is go raibh mé ag maireachtáil leo amhail ball den teaghlach, ní raibh dul as agam ach leanúint leis an obair sa phortach. Lá sa tseachtain a chaithimis le baint na móna agus nach mé a bhí sásta tráth a thosaíomar ar an mhóin a iompar abhaile agus an chruach cois tí a thógáil. Más buan dom chuimhne, bhí níos mó bainte ná ba ghá agus díoladh an farasbarr le muintir na háite. Inniu agus mé ag póirseáil trí chomhaid TG4, tháinig mé ar chlár faoin móin agus láithreach bhraith mé pian im dhroim.