Monday, September 27, 2010

Garleanbh Nua

Beimid ag tiomáint ó dheas an mhí seo chugainn chun bheith i láthair ag baisteadh an gharlinbh is déanaí againn: Claire Elizabeth O’Connor. Ós oifigeach cabhlaigh a hathair, baistfear ar bord loinge í le huisce coisricthe as clog na loinge. Greanfar a hainm agus dáta a baiste ar an gclog amach anseo.

Deir mo chéile liom gurb í seo an garleanbh deireanach. Seo an cineál eolais a bhíonn ag mná ach nach bhfuil teacht riamh ag fir air. N’fheadar cén fáth. Cibé ar bith é, seo ár liosta:

Megan, Thomas, Jack, Michael

Leah, Jessie, Elizabeth, Abigail

Shannon

Fiona, Ian, Maeve, Claire

4 comments:

  1. Fáilte roimh Chlaire!

    Dála an scéil, ní féidir liom gan suim a chur sna hainmneacha: an ceathrar a bhfuil ainmneacha Gaelacha nó quasi-Ghaelacha orthu; an ceathrar deirfiúracha a bhfuil ainmneacha traidisiúnta orthu (ainmneacha a thaitníonn go mór liom, dála an scéil), agus mar sin de.

    ReplyDelete
  2. Sliocht sleachta ar sliocht bhur sleachta!

    Comhghairdeas libh go léir.

    ReplyDelete
  3. Sea, Dennis, gan trácht ar ainmneacha ár sleachta féin: Cathal, Dónal, Emer, Cormac.

    ReplyDelete