Tuesday, September 28, 2010

Comórtas an Oireachtais

Cuimhin libh gur luaigh mé i gcomhthéacs an mhír a scríobh Mise Áine faoi ‘Cré’ go raibh scéal scríofa agam dar theideal ‘Achaidh Aislinge’? Luaigh mé, freisin, gur chreid mé nach raibh sé infhoilsithe de bharr laige na Gaeilge ann agus do-chreidteacht an phlota. B’in an chéad phíosa fada a chríochnaigh mé agus mé ag athshealbhú mo chuid Gaeilge. Thart ar an mbliain 2000 a scríobhadh é. Well, agus sin scríofa agam ar an mblag, chuaigh mé ag léamh an scéal arís, agus dar m’anam, thaitin sé liom. Chuaigh mé ag féachaint ar liosta na gcomórtas liteartha de chuid an Oireachtais agus tháinig mé ar chomórtas A8, gearrscéal de níos mó ná 2,500 focal. Mhaoinigh Litríocht.com an comórtas sin agus é ar intinn acu an deich scéal is fearr a fhoilsiú mar e-leabhar. Cinnte bhí níos mó na 2,500 focal ann, mar 6,500 a líon focal, novella seachas ghearrscéal, déarfainn. Cuma, sheol mé isteach é. An dara háit sa chomórtas buaite aige. Ionadh an domhain orm. Mo dheartháir, Rory, tar éis an seic a ghlacadh ar mo shon.

9 comments:

  1. Wow, comhgairdeas leat. Ba chóir go mbeadh léacht mhór agat ag an Oireachtas fhéin. An raibh comórtas do scríbhneoireacht idirlíne ar an liosta sin? Measaim fhéin gur chóir dóibh a leithéid a chur chun cinn.

    ReplyDelete
  2. Maith thú! Chuir mé isteach leabhar filíochta, ach ní bhfuair mé dada. :-(

    ReplyDelete
  3. Comhghairdeachas, a chara! Faraor nach raibh a fhios agam go raibh do dheartháir ann, chuirfinn mé féin in aithne dó...:-)

    Coinnigh ort ag scríobh, agus beidh an chéad áit agat an bhliain seo chugainn!

    ReplyDelete
  4. Nár lagaí do mhéara ar an méarchlár!

    ReplyDelete
  5. Bullaí Fir.

    Bí cinnte muid a chuir ar an eolas nuair a bhíonn an r-leabhar ar fáil.

    ReplyDelete
  6. Go raibh maith agaibh as bhur gcomhghairdeas. Mar a dúrt, ní raibh aon choinne agam leis an duais. Maidir le ceist John, má théann duine chuig www.antoireachtas.ie > imeachtaí > comórtas liteartha > comórtas liteartha 2010 > tuilleadh, feicfidh tú go raibh 47 comórtas ann i mbliana. Barraíocht díobh, im thuairimse. Sé a deirtear faoi chomórtas A 29 ná ‘Blagáil’, ach níl na mionsonraí agam.

    ReplyDelete
  7. Comhghairdeachas uaimse freisin.

    Nár lagaí do lámh.

    Cá bhfuil teacht ar an scéal?

    ReplyDelete
  8. Arsa Ormondo: Conas teacht ar an scéal? N’fheadar go beacht. Tá faoi Litríocht.com deich gcinn de na scéalta a cuireadh isteach ar an gcomórtas sin a fhoilsiú i bhfoirm e-leabhar. Is dócha go mbeidh orthu dul i dteagmháil leis na húdair, mar cibé faoi na daoine eile, is liomsa amháin an cóipcheart ar ‘Achaidh Aislinge’. Is dócha go mbeidh siad a sciobtha agus is féidir, ach ní bheinn ag súil leis an e-leabhar roimh Nollaig. Seans, áfach, go mbeidh breall orm.

    ReplyDelete
  9. Maith thú a Sheáin!

    An raibh Gaelscéal ann le hagallamh a chur oraibh? Nó ar do dheartháir sa chás seo?

    ReplyDelete