Thursday, August 5, 2010

Salann

Chuir scéal Áine faoi na Fataí Goirte scéal eile faoi shalann i gcuimhne dom. Le blianta beaga anuas tá saoire caite againn faoi thrí sa Tuscáin. Is breá linn na daoine, an ealaín, an ailtireacht , an tírdhreach agus, ar ndóigh, an fíon agus an bia. Bia iontach agus gan ach gearán amháin agam faoi: níl aon bhlas ar an arán. Tuige sin? Mar níl oiread is gráinne amháin salainn in arán na Tuscáine!! Míniú ar an aiteas seo ní bhfuair mé ó éinne seachas ‘Sin is nós dúinn’. N’fheadar faoi na fataí bruite brúite mar ní raibh siad riamh ar an menu.

3 comments:

  1. Is fearr sin ná arán na Sualainne, atá milis go minic.

    ReplyDelete
  2. Ní chuireann na Seapánaigh aon salann ina gcuid ríse ach oiread, mura bhfuil dul amú orm. Is san anlann a bhíonn an salann.

    ReplyDelete
  3. Bhí mé i mbialann le déanaí, a Sheáin, agus tháinig na sceallóga a d'ordaigh mé agus iad clúdaithe le blastán a bhí an-chosúil, shíl mé féin, le salann.

    D'iarr mé sceallóga úra ar an bhfreastalaí agus mhínigh mé di nár thaitin salann liom.

    'You didn't order them without salt...' ar sí, 'and, anyway, it's seasoning'.

    Osna uaimse...

    ReplyDelete