Sunday, August 29, 2010

An Garraíodóir Eile (II)

Mar a scríobh mé cheana, cheadaigh Cosantóir na mBilí dom an chearnóg thoir-thuaidh den ghairdín a bhánú de chrainn agus d’éirigh liom ceapach ardaithe amháin a thógáil ansin um earrach. Só, a deir sibh, “An raibh rath ar an obair sin?” Cinnte, bhí, ach deacrachtaí freisin. Le breis is mí anuas tá an mheánteocht anseo ag barr an chnoic 10°F níos airde ná mar is gnáth. Dá bharr sin is bocht an pailniú atá ar na plandaí tráta agus tá claonadh ar na torthaí titim go talamh agus iad gan a bheith lán-aibithe fós. Ar an lámh eile de, tá muid ag baint punt súnna craoibhe in aghaidh an lae le deich lá anuas agus tá an dealramh ar an scéal go leanfaidh an scéal amhlaidh go ceann coicíse. Subh, pióga agus ‘coulis’ (le cur ar uachtar reoite) a dhéanfaidh mé nuair a bheidh an obair sa ghairdín críochnaithe againn. Ag deireadh na seachtaine seo chugainn cuirfidh mé síol biatais i dtalamh mar aon le síol cairéid.

An bhliain seo caite sa ghairdín cois bóthair san áit ar chuir mé planda beag de Matteuccia struthiopteris (Ostrich Fern) an bhliain roimhe, bhí suas le dosaen raithneach ag iomaíocht lena chéile. Bhain mé deich gcinn díobh, chuir i bpotaí iad agus chuir fógra lámhscríofa in airde ag rá go raibh na plandaí ar fáil saor in aisce. Laistigh de lá ní raibh ach dhá cheann fágtha agus an lá dár gcionn bhíodar go léir imithe. Le teacht an fhómhair d’fhill roinnt de na daoine a fuair na raithnigh le torthaí a bhronnadh orainn. I mbliana agus muid ag obair ar an ngairdín sin, is minic a thagann duine chugainn ag iarraidh raithneach eile, nó comhairle faoi phlanda éigin agus stopann carranna ar uaire le fótó a thógáil. “Féach anois gur ‘local attraction’ muid,” arsa An Cosantóir. Agus is dócha go bhfuil an ceart aici mar tá rud éigin faoi bhláth sa ghairdín sin ó thús Mhárta go dtí lár Dheireadh Fómhair.

Sunday, August 22, 2010

Mar a Cailleadh an Iolaire

Mar is eol daoibh, is beag mo mheas ar an iris Comhar ón am a briseadh Aindrias Ó Cathasaigh as a phost mar eagarthóir agus is ionadh liom go bhfuil an iris chéanna ag teacht chugam mí i ndiaidh míosa ainneoin nár athnuaigh mé mo shíntiús. Sin ráite, áfach, má tharlaíonn gur féidir leat do lámh a leagadh ar eagrán Lúnasa, beidh alt thar a bheith spéisiúil le léamh agat. Agus an chéad chogadh domhanda críochnaithe, bhí an luamh aimireálachta HMY Iolaire ar a shlí ó Chaol Loch Ailse go Leodhas. Bhí 280 duine ar bord agus mairnéalaigh de bhunadh an oileáin a bhformhór, iad ag filleadh abhaile ón Eoraip. Briseadh an luamh ar charraigeacha i bhfogas do chaladh Steornabhaigh agus níor tháinig slán ach 75 duine. Sé atá san alt le Natalie Nic Shim ná cur síos agus anailís ar cheithre dán a cumadh i nGàidhlig faoin tragóid. Is fíorbheag mo thaithí ar an teanga sin ach bhí ar mo chumas brí a bhaint as cuid mhaith de na sleachta a chuireann an t-údar os ár gcomhair. Chuir an fhilíocht Anach gCuan i gcuimhne dom sa tslí gur cheadaigh mé mo chóip de ‘Filíocht na nGael’ gur léigh mé an dán sin ina iomlán arís. Is fiú an € 4 an chóip sin den iris.

Thursday, August 5, 2010

Salann

Chuir scéal Áine faoi na Fataí Goirte scéal eile faoi shalann i gcuimhne dom. Le blianta beaga anuas tá saoire caite againn faoi thrí sa Tuscáin. Is breá linn na daoine, an ealaín, an ailtireacht , an tírdhreach agus, ar ndóigh, an fíon agus an bia. Bia iontach agus gan ach gearán amháin agam faoi: níl aon bhlas ar an arán. Tuige sin? Mar níl oiread is gráinne amháin salainn in arán na Tuscáine!! Míniú ar an aiteas seo ní bhfuair mé ó éinne seachas ‘Sin is nós dúinn’. N’fheadar faoi na fataí bruite brúite mar ní raibh siad riamh ar an menu.