Friday, May 14, 2010

Raithneacha



Mar is eol daoibh tá muid teanntaithe, timpeallaithe agus iata isteach le crainn sa chaoi go bhfuil an chuid is mó den ghairdín faoi scáth. B’in ba chúis dom suim a chur sna raithneacha mar tá lear mór díobh siúd ann a fhásann faoi scáth. Ar ndóigh, ní leor sin mar cháilíocht mar caitheann siad teas an tsamhraidh agus fuacht an gheimhridh a sheasamh chomh maith. Chuige sin is ball mé den Hardy Fern Foundation (www.hardyferns.org) agus is tríd an eagraíocht sin a fhaighim formhór na raithneacha atá agam.
Déarfainn go bhfuil triail bainte agam as tríocha cineál raithneach agus go bhfuil teipthe, ar chúis amháin nó ar chúis eile, ar a dtrian díobh siúd. Caitheann gach raithneach nua dhá bhliain i gceapach thrialach agus má thagann sé slán aistrítear é go láthair bhuan. Na raithneacha sa phictiúr, tá an dá bhliain sáraithe acu agus níor theip ach ar chineál amháin.

7 comments:

  1. Ba chóir daoibh sa Hardy Fern Foundation seacéidí leathair a fháíl agus an comhartha sin ar a gcúl, mar chlub gluaisrothar. Ná bactar le ball na Hard Ferns, muise!

    ReplyDelete
  2. Tá an raithneach ar a sáimhín só abhus anseo i Seattle, i mo chlós tosaigh go háirithe. Faigheann na spóir dídean agus tosach maith sa chaonach a fhásann go flúirseach ar na brící ansin. Bhain mé trí sword fern arú inné agus chuir mé i bpotaí iad, le go mbeidh mé in ann iad a úsáid sa chlós deiridh amach anseo. Bhíodh deic choincréite ansin, ach bhain mé amach í ag deireadh an tsamhraidh seo caite. Tá an paiste sin bán anois, ach ní bheidh go ceann i bhfad. An bhfuil sword fern ~ Polystichum munitum in ann maireactáil thall ansin?

    ReplyDelete
  3. Ráth na raithní ort agus ar do ghairdín!

    ReplyDelete
  4. re Polystichum munitum: De réir ‘Encyclopedia of Ferns’ le David L. Jones tá an raithneach sin ‘quite cold tolerant’, ach dealraíonn sé nach leor sin do zón a 6 mar a bhfuil muidne. Tá sé fásta agam faoi thrí ach níor mhair sé riamh thar trí bliana. Maidir le ceist na zón aeráide, tá muidne meáite de, bunaithe ar breis agus fiche bliain de gharraíodóireachta anseo, gur i zón a 5 ½ atáimid. Is minic muidne faoi shneachta ach gan ach flichshneachta acu i lár an bhaile.

    ReplyDelete
  5. Rath ar ráth na raithneacha a bhí i gceist agat, Aonghus? Is dócha go bhféadfaí ‘ráth’ a thabhairt ar cheapach ardaithe.

    ReplyDelete
  6. Sciorradh méire.

    Rath na raithní ort agus raithneach do rátha!

    ReplyDelete