Sunday, May 30, 2010

Giorriacha



Tamall de bhlianta ó shin thugas cnuasach d’fhionnadh faoi deara i gceann de na ceapacha ag bun an ghairdín. Nuair a dhruid mé leis chorraigh rud éigin i lár an fhionnaidh. “Nead” ghiorria a bhí fionnta agam. Bhí ceithre ainmhí bídeacha ann, iad fionnaithe agus a súile ar oscailt. An lá dar gcionn ba léir go raibh ceann díobh marbh agus i rith na hoíche bhog an mháthair as an nead é. Cúpla lá eile agus bhíodar imithe. Tharla an rud ceannann céanna san áit cheannann chéanna an bhliain dar gcionn.
I mbliana, ar na jabanna a bhí ar mo liosta bhí cuas beag san fhaiche ar aghaidh an tí a líonadh agus síol a chur san ithir. Well, ní raibh tosaíocht ard ag an jab sin agus rinne mé dearmad de. Inné bhí mo chéile agus céile a dearthár ag déanamh timthriall ar an ngairdín gur thug siad faoi deara go raibh an cuas lán d’fhéar tirim agus go raibh ainmhithe beaga ann. Maidin inniu agus í ag dul i dtreo bosca na nuachtán thug Maris faoi deara go raibh an mháthair ag beathú a clainne agus nach raibh scáth uirthi roimh mo chéile. Anois díreach chuaigh mé féin féachaint cad tá againn sna fhaiche. Ag bun an cuais tá mám maith d’fhionnadh bán-liath agus sin mar a bhfuil na hainmhithe nua-bheirthe, iad ina gcodladh. Anuas orthu tá suas le ceithre orlaí d’fhéar tirim. N’fheadar cad a thug ar an mháthair a nead a dhéanamh i lár na faiche. Seans go raibh an cuas tarraingteach, gur thug sí faoi deara go bhfágaim airde de 3.5 orlaí san fhéar tráth a bhearrtha agus nach bhfuil cat ná cú againn. Pé ar bith é, murab ionann agus coiníní óga, beidh na giorriacha óga réidh chun taistil roimh dheireadh na seachtaine. Sa phictiúr tá cluas agus lapa le feiceáil ach zúmáil isteach.

4 comments:

  1. Is ionadh liom nach bhfuair cat éigin an ghnáthóg. Nó an bhfuil giorria in ann an ruaig a chur ar chat?

    ReplyDelete
  2. Ionadh ormsa, freisin, Dennis. Ní dóigh liom go mbeadh giorria in inmhe do chat. Ar an lámh eile de, cuimhnigh go bhfuil an-srian ar pheataí tí sna bólaí seo, ní hamháin de bharr dlí ach toisc go bhfuil coyote-anna againn freisin agus gur breá leosan cat breá ramhar.

    ReplyDelete
  3. Tuigim na coyote-anna. Tá dhá chat againn agus ní ligtear amach as an teach iad, ach amháin ar an deic ar an dara hurlár. Tig leo bolg le gréin 7c. a dhéanamh faoin aer ansin, gan chontúirt dóibh féin ná do héin.

    ReplyDelete
  4. Ní fheicim an lapa, ach is maith liom an scéal...:-)

    ReplyDelete