Wednesday, April 7, 2010

Na Cromchinn



Lus an Chromchinn a thugtar orthu, ach is fearr liomsa an giorrúchán. Iad faoi bhláth anois ins chuile áit sa ghairdín seo ‘gainne. Níl a fhios agam a thuilleadh ca mhéad cineál atá againn, suas le fiche, measaim: cinn a bhláthaíonn go luath, cinn le cumhracht agus cinn ina héagmais, cinn a thagann i mbláth coicís ar aghaidh agus cinn bhídeacha bhuí a mheastar gurbh as Anatolia dóibh, ceantar dúchais an bhlátha seo, nach mbláthaíonn go dtí tús Bhealtaine.

2 comments:

  1. Táid faoi bhláth abhus freisin, sraitheanna fada acu fán sráid. Iadsan agus na sabhaircíní, teachtairí an Earraigh.

    ReplyDelete