Monday, April 12, 2010

Na Cluasa

Agus mé ag breathnú ar nuacht TG4 inniu, bhí sagart ó dheoise BhÁC faoi agallamh faoi ghéarchéim na hEaglaise in Éirinn. Baineadh stangadh asam mar cheap mé gur aithin mé an sagart, An tAthair Colm Ó Siochrú. Bhí leaid den ainm sin ag freastal ar Choláiste Mhuire le mo linn féin, breis agus caoga bliain ó shin. Agus conas mar a d’aithin tú é, a deir tú. Ar a chluasa. Cuimhin go glé liom an leaid céanna, duine de chlann a tógadh le Gaeilge agus a bhí ina shár-imreoir fichille. Níor bhuaigh mé oiread agus cluiche amháin agus muid i gcoimhlint le chéile agus nach aige a bhí na cluasa an tráth sin agus gan pioc difir orthu go dtí an lá ata inniu ann.

2 comments:

  1. Feicim go mbeadh sé inaitheanta fós! An é Dumbo an leasainm a bhí air ar scoil?

    ReplyDelete
  2. Well, Dennis, dá mba leaid beag é is cinnte go mbeadh ‘Dumbo’ againn air. Tharla, áfach, go raibh Colm ard téagartha agus sciobtha sna cosa agus dá bharr sin ba rí-annamh a chualathas an leasainm sin.

    ReplyDelete