Thursday, April 22, 2010

Lá an Domhain

Mar is eol daoibh, a chairde, ní ceartchreidmhí amach is amach mé faoi cheist seo an Téimh Dhomhanda. Sin ráite, áfach, seo hiad na nithe atá déanta againn chun ár n-éileamh ar chumhacht (agus a chostas) a laghdú. Geall le gach solas sa teach, is solas fluaraiseach é. Tá foirnéis tíosach ar fhuinneamh againn le tamall de bhlianta. Tá sár-insliú againn sna ballaí agus san áiléar agus tá córas téimh de cheithre zón againn, rud a chuireann ar ár gcumas gan ach codanna áirithe den teach a théamh de réir mar is gá. I gcionn mí nó dhó beidh an chuid is mó de na fuinneoga (atá ann ó tógadh an teach sa bhliain 1973) á athfhuinneogú (???). Déanaimid athchúrsáil ar gach pioc páipéir, gloine agus miotail agus, ar ndóigh, déanaim múirín as gach ribe féir agus gach duilleog tite. Maidir leis an athchúrsáil, tá ag an mbaile beag seo stáisiún ginte leictreachais a dhónn an méid sin den ábhar athchúrsáilte atá indóite, ní hamháin ón mbaile seo, ach ó cheithre bhaile eile sa chearn seo den stát agus díolann na bailte sin as an áis seo. An bhfuil a thuilleadh a d’fhéadfaimis a dhéanamh? Tá, cinnte, ach tá céim mhaith chun tosaigh tógtha againn. Lá an Domhain faoi mhaise agaibh uilig.

5 comments:

  1. Ní dóigh liom gurbh ionann dó agus athchúrsáil, nó an sciorradh pinn atá ansin? Sin cuid den raic maidir leis an loiscneoir abhus - nuair atáthar ag dó bruscar, ní bhíonn sé chomh héasca cur ina luí ar dhaoine é athchúrsáil. Is cuimhin liom deacrachtaí a bheith acu i mBeirlín nuair a thosaigh siad ag athchúrsáil plaisteach. Thit indóiteachas an bhruscair, agus b'éigin artola a chuir tríd!

    ReplyDelete
  2. Maidir leis na fuinneoga nua (go maire sibh iad!), is gloineadóir a chuirfidh isteach iad, mar sin is “athghloineadóireacht” a bheas ann. Is dócha gur féidir é seo a rá: “athghloineofar an chuid is mó de na fuinneoga”.

    Maidir leis na loisceoirí, bhí alt ar an NYTimes seachtain ó shin a d'oscail mo shúile. Tá tuaisceart na hEorpa i bhfad chun tosaigh orainn sa teicneolaíocht seo. Is cosúil go bhfuil a gcuid loisceoirí glan agus “lán fuinnimh”.

    ReplyDelete
  3. Is naomh thú, a Sheáin...

    Léigh mé alt inné a dúirt nach mbíonn sé go maith rudaí a athchúrsáil i gcónaí. Is iomaí rud mar sin, a cheaptar go bhfuil sé go maith don domhan, ach a dhéanann níos mó dochair uaireanta. Ábhar do bhlagmhír eile, b'fhéidir.

    ReplyDelete
  4. OK, tá sé in am dom cúpla rud a shoiléiriú. Is annamh nach nglacaim le moladh ó Dennis, ach sa chás seo faoi na fuinneoga measaim go bhfuil breall air. Tráth a bhí na garleanaí ag imirt sa ghairdín ar chúl an tí, briseadh fuinneog. Bhain mé an gloine briste as an bhfráma agus rinne mé ‘athghloineadóireacht’ (reglazing) ar an bhfuinneog. Ní sin atá i gceist againn anois. Ní an gloine amháin a athchuirfear , ach aonad ina mbeidh an fráma, insliú agus dhá phána gloine a mbeidh Argón eatarthu: ‘athfhuinneogú’, mar sin.

    Maidir leis an athchúrsáil, maith dom nár mhínigh mé go hiomlán modh a dhéanta. Scagtar an bruscar: gloine, miotal, plaisteach, páipéar/adhmad/cairtchlár. Ní dhóitear ach an páipéar etc. Tá srian daingean ar astú de-ocsán (2 ppb).

    ReplyDelete
  5. Naomh? Is peacach mé dála gach neach dhaonna eile ar an saol seo. Tá doineann tuartha don oíche anocht, ach faoi láthair tá an ghrian ag taitneamh agus an t-aer fionnuar. Amach liom, mar sin, mar tá raidhse jabanna le déanamh fós.

    ReplyDelete