Thursday, April 1, 2010

Cré

Tá úrscéal ar mo ríomhaire a bhfuil ‘Achaidh Aislinge’ mar theideal air. Déanta na fírinne is ‘novella’ é seachas úrscéal. Ní dóigh liom go bhfoilseofar choíche é toisc an plota a bheith do-chreidte agus an Ghaeilge lag. Deich mbliana ó shin a scríobh mé é agus cé gur fhéach mé air arís ó chianaibh, chuaigh sé rite liom aon ró-fheabhsú a dhéanamh air. An blag ó Mise Áine, Ó Chré go Cré, a chuir i gcuimhne dom arís é. Seo thíos blúirín as an scéal.

Ba é a bhí á mhaíomh ag Niamh sa leabhar sin ná go raibh fianaise le fáil i mbéaloideas iliomad tíortha faoi áiteanna ar leith a raibh an oiread sin baint acu le saoil, cruatain, íobairtí agus anbhás daoine go raibh spioraid na muintire sin bainteach fós le gach áit díobh. Tá i ngach neach daonna, a dúirt sí, géarghá go mbeadh cuimhne air i ndiaidh a shaoil. Féach, a dúirt sí, ar nósanna cuimhneachán na marbh sa tSeapáin, sa tSín agus i dtíortha eile nach iad. Féach mar a théann daoine ar chuairt chuig uaigheanna a muintire, cuma an gcreideann siad sa bheatha shíoraí nó nach gcreideann, agus gach súil acu go mbeadh cuimhne orthu féin agus iad dulta faoin bhfód. Sé atá in Achadh Aislinge ná scoilt bheag sa spás-am a ligeann do na mairbh a scéalta féin a athinsint dúinne i dtreo nach ndéanfaí dearmad buan orthu.

2 comments:

  1. Ba bhreá liom an scéal taibhse a scríobh tú blianta ó shin. Ní fheadar nach mbeadh an scéal seo suimiúil freisin?

    ReplyDelete
  2. An ag tagairt do “An Ciarraíoch Mallaithe” atá tú? Ar chúis ar leith, tá tábhacht nach beag leis an scéal sin i mo shaol pearsanta, mar tá sé bunaithe ar eachtra a tharla dom tar éis gur dhíbir mo ghrá geal óna doras mé. Ar ndóigh, níor tháinig taibhse chugam istoíche agus mé im phuball taobh bóthair, ach bhí cineál tromluí agam a bhí thar a bheith aisteach agus b’ar an tromluí sin a bhunaigh mé an scéal. Tá novella eile agam ar an ríomhaire, athinsint ar scéal an mhaighdean mhara, agus seans ann amach anseo go gcuirfidh mé an dá cheann faoi bhráid an tSnodaigh féachaint an mbeidh suim aige iontu. Mura mbeidh, cuirfidh mé ar fáil ar shlí éigin iad.

    ReplyDelete