Thursday, April 22, 2010

Lá an Domhain

Mar is eol daoibh, a chairde, ní ceartchreidmhí amach is amach mé faoi cheist seo an Téimh Dhomhanda. Sin ráite, áfach, seo hiad na nithe atá déanta againn chun ár n-éileamh ar chumhacht (agus a chostas) a laghdú. Geall le gach solas sa teach, is solas fluaraiseach é. Tá foirnéis tíosach ar fhuinneamh againn le tamall de bhlianta. Tá sár-insliú againn sna ballaí agus san áiléar agus tá córas téimh de cheithre zón againn, rud a chuireann ar ár gcumas gan ach codanna áirithe den teach a théamh de réir mar is gá. I gcionn mí nó dhó beidh an chuid is mó de na fuinneoga (atá ann ó tógadh an teach sa bhliain 1973) á athfhuinneogú (???). Déanaimid athchúrsáil ar gach pioc páipéir, gloine agus miotail agus, ar ndóigh, déanaim múirín as gach ribe féir agus gach duilleog tite. Maidir leis an athchúrsáil, tá ag an mbaile beag seo stáisiún ginte leictreachais a dhónn an méid sin den ábhar athchúrsáilte atá indóite, ní hamháin ón mbaile seo, ach ó cheithre bhaile eile sa chearn seo den stát agus díolann na bailte sin as an áis seo. An bhfuil a thuilleadh a d’fhéadfaimis a dhéanamh? Tá, cinnte, ach tá céim mhaith chun tosaigh tógtha againn. Lá an Domhain faoi mhaise agaibh uilig.

Tuesday, April 20, 2010

An Dabhach Ola



Nuair a d’aistrigh an comhlacht a raibh mé fostaithe ann na saotharlanna taighde ó Syracuse (NY) go Connecticut b’éigean dúinn dul ar thóir teach nua. Bhí an t-ádh linn gur thángamar ar theach i bhfogas leathmhíle do na saotharlanna. Rainse a bhí ann agus é suite ar acra talún, tobar sa ghairdín ar aghaidh an tí, córas séarachais sa ghairdín ar chúl an tí. 2200 troigh cearnach sa teach agus íoslach de 2000 troigh cearnach ag dul leis.

Bhí drochbhail ar an teach, ach bhí an comhlacht flaithiúil go leor sa mhéid gur bronnadh suim mhaith airgid orainn chun cibé costais breise a bhí againn a ghlanadh. Bhí go maith agus ní raibh go holc agus laistigh de bhliain bhí an teach cóirithe go sásúil againn; péint nua ar gach balla agus síleáil, urlár nua dara sa seomra suí agus na gairdíní fiáine á dtabhairt chun míntíreachais againn.

Go nuige sin ní raibh againn mar bhreosla téimh againn ach meatán, ach anois bhí ola mar bhreosla againn. Áit éigin faoi thalamh bhí dabhach ola a raibh toilleadh 2000 galún ann. B’iontach an rud é a bheith in ann fanacht go dtí lár an tsamhraidh chun ola a cheannach.

B’in ceithre bliana is daichead ó shin. San idirlinn tháinig athrú ar na dlíthe agus cé go rabhamar marthanaithe (grandfathered) fad ár saoil féin, ní bheadh an teach indíolta agus an dabhach fós sa talamh. Inniu lá na cinniúna. Tá an seandabhach ar siúl, dhá dhabhach nua san íoslach (660 galún: bhí 700 galún fágtha agam sa cheann faoi thalamh) agus an jab geall le bheith críochnaithe. Cinnte, beidh orm síol féir a scaipeadh ar an bhfód nocht, ach thairis sin is faoiseamh mór dúinn nach raibh sileadh ar bith ón seandabhach a bhí faoi thalamh le breis agus 37 bliain. Seo na fir ag gearradh poill sa dabhach chun ligean don fhear ó Sheirbhís Dóiteáin an bhaile gach rud a sheiceáil, rud a rinne.

Saturday, April 17, 2010

“Taibhse Préachán”

Le blianta beaga anuas tá muid sna bólaí seo faoi léigear ag fianna. Tá méadú as cuimse tagtha ar a líon agus ós rud é nach bhfuil sé PC iad a mharú ach faoi choinníollacha thar a bheith srianta, tá cead a gcinn acu dul cibé áit is maith leo. Luaigh mé le déanaí go bhfuil ceapach lán de Trillium agam i mo scáthghairdín agus mé ag iarraidh iad a chrosphailniú féachaint an mbeadh teacht agam ar chineál nua. Well, dhá bhliain ó shin rinne na fianna scrios aon oíche ar na Trillium (Trillia??) sa chaoi nach raibh bláth ar bith fágtha. Ní raibh mé sásta fál d’ocht dtroigh a chur thart ar an gceapach, ach cheap mé nach raibh an dara suí sa bhuaile agam go dtí go bhfaca mé fógra i iris garraíodóireachta. Fearas thar a bheith cliste é a bhfuil trí chinn ceannaithe agam anois. Ceanglaítear osán uisce le spréire a bhfuil brathadóir neasachta (proximity detector) mar cuid de. A luaithe a thagann neach beo, go fiú siopmonc, i bhfogas 30 troigh den bhrathadóir, spréitear rois uisce ina threo. Stua de thart ar 120° atá ag an mbrathadóir agus an spréire ar aon. Ainneoin gur loiteadh ceapacha eile, níor baineadh leis na Trillium, ní anuraidh, ní i mbliana. Ceann eile suite agam anois chun na piseanna, na biatais agus na súnna talún a chosaint. Is gá cadhnra naoi volta a chur sa bhrathadóir ach maireann ceann amháin díobh siúd feadh an tséasúir. Aoibhinn an teicneolaíocht ar uaire.

Wednesday, April 14, 2010

An Aeráid, Arís

Tamall ó sin, thagair mé do alt taighde a foilsíodh in Science. San alt sin bhí mionphlé ar an tionchar atá ag tiús an ghal uisce san strataisféir ar ráta athraithe an téimh dhomhanda. Ón mbliain 2000 i leith tá eolas cruinn bailithe faoi thiús an ghal uisce strataisféirigh agus níl dabht ar bith ann ach gur ísligh an tiús sin de 10% i rith na tréimhse 2000-2010, rud a laghdaigh an t-ardú teochta ar dhromchla an domhain de 25% thar mar a bheifí ag súil leis dá mba rud é nár tharla aon athrú ar thiús an ghal uisce strataisféirigh.

OK, a deir sibh, ach nach bhfuil an méid sin ráite agat cheana féin? Tá, ach seo aguisín ar mhaith liom a chur leis. Roimh an mbliain 2000, níl figiúirí cruinne againn ar thiús an ghal uisce strataisféirigh, ach tá fianaise starógach againn go raibh borradh ar thiús an ghal uisce san strataisféir idir na blianta 1980 agus 2000. Maítear san alt taighde chéanna gur dóichí ná a mhalairt gurbh é an toradh ar an mborradh sin ardú breise de 30% ar ráta ardú teochta dromchla an domhain.

Anois, níl fúm anseo an lasóg a chur sa bharrach, ach is léir go gcreideann eolaithe ‘ceartchreidmheacha’ áirithe go bhfuil tiús an ghal uisce strataisféirigh thar a bheith guagach agus an-tionchar aige ar theocht dromchla an domhain, agus thairis sin, nach dtuigtear fós cad is cúis leis an nguagacht chéanna. Scéal casta, gan dabht, scéal nach mbeidh freagra simplí air go ceann tamaill.

Monday, April 12, 2010

Na Cluasa

Agus mé ag breathnú ar nuacht TG4 inniu, bhí sagart ó dheoise BhÁC faoi agallamh faoi ghéarchéim na hEaglaise in Éirinn. Baineadh stangadh asam mar cheap mé gur aithin mé an sagart, An tAthair Colm Ó Siochrú. Bhí leaid den ainm sin ag freastal ar Choláiste Mhuire le mo linn féin, breis agus caoga bliain ó shin. Agus conas mar a d’aithin tú é, a deir tú. Ar a chluasa. Cuimhin go glé liom an leaid céanna, duine de chlann a tógadh le Gaeilge agus a bhí ina shár-imreoir fichille. Níor bhuaigh mé oiread agus cluiche amháin agus muid i gcoimhlint le chéile agus nach aige a bhí na cluasa an tráth sin agus gan pioc difir orthu go dtí an lá ata inniu ann.

Friday, April 9, 2010

An Garraíodóir Eile

Sé céile ‘Mise Áine’ ‘An Garraíodóir’. Fágann sin gur mise ‘an garraíodóir eile’ agus seo mar atá an scéal agam go nuige seo. Tá piseanna ag péacadh sa cheapach ardaithe nua agus nuair a bheidh mé réidh leosan, beidh trátaí á gcur ina n-áit. Thart ar sheasca lá ó chur na síol go baint an bhairr, sin a bheidh ó na piseanna. Beidh dhá shaghas tráta agam: ceann len ithe láithreach agus ceann de shaghas ‘Roma’ a ndéanfaidh mé anlann astu. Cuimhnígí gur pósta le hIodálach-Mheiriceánach atá mé. Tá ceapach nua sú talún curtha agam agus an-bhorradh fúthu, ainneoin nach bhfuil ann ach seachtain ó chuir mé i dtalamh na 25 plandaí. Líne amháin de bhiatas rua ag imeall na ceapaí sin. Leis an mbreis solas gréine atá ann de bharr baint na gcrann, a bhuí do Chosantóir na mBilí, tá giolcaigh na súnna craoibhe ag léim as an talamh agus beidh ár gcéad béile asparagais againn amárach. Na ceapacha ina raibh na prátaí ag fás anuraidh, táid clúdaithe anois le plaisteach dubh agus beidh siad á mbácáil agam feadh an tsamhraidh, mé ag súil go scriosfar an Phytophthera infestans roimh theacht an fhómhair. Ar an taobh eile den ghairdín tá scáthghairdín de cheithre cheapach agam, na cinn is sine agam. Raithnigh iomadúla i gceann amháin, Trillium de shaghsanna éagsúla i gceann eile, Helleborus (earrach) agus Tricyrtis miyazaki (fómhar) sa tríú ceann agus Arisaema agus Geranium fiáine sa cheann deiridh. Tugtar ‘Jack in The Pulpit’ ar Arisaema sna bólaí seo, ach ar na hainmneacha atá ag na Gaeil ar an bplanda seo tá “Bod Madra”, ainm nach bhfeicfidh tú ar an stampa poist Éireannach. Agus sin agaibh é, a chairde. Ach fan nóiméad. Píosa eile nuachta agam daoibh. Tá na beacha fiáine fillte le cúpla lá agus an crann piorra ar tí bláthú.

Aoibhinn beatha an gharraíodóra!!

Wednesday, April 7, 2010

Na Cromchinn



Lus an Chromchinn a thugtar orthu, ach is fearr liomsa an giorrúchán. Iad faoi bhláth anois ins chuile áit sa ghairdín seo ‘gainne. Níl a fhios agam a thuilleadh ca mhéad cineál atá againn, suas le fiche, measaim: cinn a bhláthaíonn go luath, cinn le cumhracht agus cinn ina héagmais, cinn a thagann i mbláth coicís ar aghaidh agus cinn bhídeacha bhuí a mheastar gurbh as Anatolia dóibh, ceantar dúchais an bhlátha seo, nach mbláthaíonn go dtí tús Bhealtaine.

Sunday, April 4, 2010

Béarlagair

I ngach proifisiún bíonn a bhéarlagair féin le fáil. Mar shampla, agus mé i bhfeighil saotharlainne agus fostaí agam a bhíodh de shíor ag clamhsán agus ag cur i gcoinne gach iarracht feabhsaithe a dhéanainn, thugaimis ‘high maintenance employee’ air a leithéid, ach, agus muid ag tagairt dó ba é ‘HME’ a bhí againn air. Agus mé ag scríobh faoi bheirt a dúnmharaíodh agus iad ag spaisteoireacht le chéile, bhí ceist le freagairt ag na gardaí: an raibh ar intinn an bheirt a mharú, nó duine díobh, sé sin le rá cérbh é an ‘intended victim’. Agus a fhios agam go mbeadh téarma ar leith ag na póilíní ar a leithéid, chum mé an béarlagair ‘sprioc-íobartach’ agus sin atá á úsáid go sealadach agam i rith an úrscéil. Chuir mé faoi bhráid na dtéarmaíochtóirí é, ach ba é a moladh nach raibh gá le téarma ar leith agus gurbh fhearr dom ‘cé acu díobh a bhí i gceist a mharú’ a úsáid. Níl mé sásta leis sin mar tugann sé le fios dom nach dtuigeann siad cad is béarlagair ann agus an gá atá leis má tá faoi údar cuma na réaltachta a bheith ar a chuid ficsin.
Só, a chomhbhlagadóirí, bhur mbarúil?

Thursday, April 1, 2010

Cré

Tá úrscéal ar mo ríomhaire a bhfuil ‘Achaidh Aislinge’ mar theideal air. Déanta na fírinne is ‘novella’ é seachas úrscéal. Ní dóigh liom go bhfoilseofar choíche é toisc an plota a bheith do-chreidte agus an Ghaeilge lag. Deich mbliana ó shin a scríobh mé é agus cé gur fhéach mé air arís ó chianaibh, chuaigh sé rite liom aon ró-fheabhsú a dhéanamh air. An blag ó Mise Áine, Ó Chré go Cré, a chuir i gcuimhne dom arís é. Seo thíos blúirín as an scéal.

Ba é a bhí á mhaíomh ag Niamh sa leabhar sin ná go raibh fianaise le fáil i mbéaloideas iliomad tíortha faoi áiteanna ar leith a raibh an oiread sin baint acu le saoil, cruatain, íobairtí agus anbhás daoine go raibh spioraid na muintire sin bainteach fós le gach áit díobh. Tá i ngach neach daonna, a dúirt sí, géarghá go mbeadh cuimhne air i ndiaidh a shaoil. Féach, a dúirt sí, ar nósanna cuimhneachán na marbh sa tSeapáin, sa tSín agus i dtíortha eile nach iad. Féach mar a théann daoine ar chuairt chuig uaigheanna a muintire, cuma an gcreideann siad sa bheatha shíoraí nó nach gcreideann, agus gach súil acu go mbeadh cuimhne orthu féin agus iad dulta faoin bhfód. Sé atá in Achadh Aislinge ná scoilt bheag sa spás-am a ligeann do na mairbh a scéalta féin a athinsint dúinne i dtreo nach ndéanfaí dearmad buan orthu.