Sunday, March 7, 2010

“Tá gá le caighdeán – ar mhaithe leis an bhfoghlaimeoir.”

Sin agaibh thuas, blúirín as phost Áine agus í ag cur síos ar na deacrachtaí a bhíonn ag daltaí agus gan a fhios acu cén chanúint a bheidh á labhairt ag an scrúdaitheoir agus iad ag dul faoi scrúdú béil. Agus mise ar scoil in Éirinn, (Ré an Chré-umha, ar ndóigh) ní raibh trácht ar scrúdú béil. Ar an lámh eile de, bhí sé, agus tá sé fós de bhuntáiste agam go raibh agam ó thosaigh mé ar an mbunscoil, ‘low babies’ mar a thugtaí air, múinteoirí ó gach ceann de na Gaeltachtaí.

Bean Uí Léidin: Maigh Eo
Miss Sweeney: Baile Bhúirne
Mister Cunningham: Gaillimh
Máistir Ó hÉigeartaigh: Teileann na nIasc, Dún na nGall
Na Bráithre agus na Múinteoirí i gColáiste Mhuire: Gaeilge na Mumhan den chuid is mó, agus ‘ná’ seachas ‘nach’ ag beirt díobh.

Táid ann a cheapfadh go gcuirfeadh an réimse leathan sin canúintí as dom. Níor chuir. Déanta na fírinne, níor thugas suntas go comhfhiosach do na hathruithe, amhail is nár thugas suntas do Bhéarla duine dem sheanaithreacha, arbh as Yorkshire dó.

OK, sin mo stair féin. Fillim anois ar cheist Áine. Chun tús a chur leis an díospóireacht a bhfuil mé ag súil lena spreagadh, tugaim aghaidh ar an Iodáil. Ar chúiseanna stairiúla, tá iliomad canúintí Iodáilise ann, sa chaoi go dtéann sé rite ar dhuine ó Venezia teanga duine ó Salerno a thuiscint, más ina gcanúintí féin a labhraíonn siad. Ach, agus daltaí ar scoil san Iodáil, is trí Thuscáinis a mhúintear iad. Raidhse canúintí bríomhar, Caighdeán Oifigiúil. An scéal ceanna sa tSín.

An mbeadh a leithéid sodhéanta in Éirinn? Seo giota as ‘Howl is Abhus’ le Gabriel Rosenstock in Comhar Mhárta i mbliana.

‘Sa bhliain 1952 a foilsíodh Nuascéalaíócht in eagar ag Tomás de Bhaldraithe, canúneolaí. Sliocht as an réamhrá uaidh: “De bharr míchiall a bhaint as teagasc úd an Athar Peadar agus a cheapadh gurb ionann ’caint na ndaoine’ agus gnáthchaint aon bhaile amháin, thosaigh daoine ag iarraidh minghéithe canúnachais a léiriú ina gcuid saothair, agus shíl siad iallach a chur ar an uile scríbhneoir leanacht dá sampla. Ach d’imigh sin agus tháinig seo. Dar leis na scríbhneoirí óga ba ghobán plúchta ina mbéal é ceangal seo na canúna. Bheadh caint bheo an phobail ina meán marbh acu dá mba nach ligfí dóibh í a shaothrú de réir a n-éirime féin, agus tarraing as iltoibreacha na teanga le smaointe a chur i bhfocal ar chaoi nár rinneadh ariamh cheana…”

Sé an tátal a bhainim as ráiteas sin de Bhaldraithe gur chóir droim láimhe a thabhairt don chanúnachas, rud nach ionann agus caighdeán liteartha a mholadh. “Let a million blossoms bloom,” mar a dúirt an té a dúirt. Tá gá le caighdeán, idir scríofa agus labhartha sa Ghaeilge, ach tá an Caighdeán Oifigiúil ró-chasta. Le déanaí chaith mé súil ar ‘Stíl Tí’ an Gúm. Bhí go maith ag ní raibh go holc go dtí gur shroich mé leathanach a 12. ‘Séimhiú agus Loime’, gan trácht ar an ‘Séimhiú Idirdhealaitheach’. Bí ag caint ar chastacht. Bí ag caint ar shuantraí. Bí ag caint ar dheachtóireacht na mionphointí gramadaí. Bí ag caint ar bhac ar fhoghlaim.

Agus mé im iarchéimí, léigh mé caibidil i leabhar ag cur síos ar conas ar tháinig Einstein ar an gcothromóid E = mc². Thuig mé é. An lá dár gcionn, bhí sé dearmadta agam. Sin díreach a tharla le déanaí i gcás ‘Séimhiú, Loime agus An Séimhiú Idirdhealaitheach.” Tá gá le caighdeán sa Ghaeilge, caighdeán atá i bhfad níos gaire don teanga labhartha. Ach ní fheicim áit ar bith é faoi láthair.

3 comments:

  1. ‘Bhí go maith agus ní raibh go holc’ ar ndóigh.

    ReplyDelete
  2. Baineann castacht le gach aon teanga, agus is iomaí riail chasta ag an mBéarla, freisin. Is maith le daoine áirithe a leithéid!
    Tá sé amhlaidh sa Ghearmáin - ian iliomad canúint agus caighdeán scríofa (agus sílim labhartha, freisin). Scríobhtar an Ghearmánais sa tslí chéanna san Eilvéis mar a dhéantar sa Ghearmán, ach ní thuigeann siad a chéile.
    Seancheist gan freagra sásúil é seo. Dá mbeadh an teanga láidir, ní bheadh aon cheist ann ach go mbeadh caighdeán labahrtha ann (mar Béarla lár na tíre anseo) agus canúintí éagsúla chomh maith, gan bhaol.
    (Sa tsín, is teangacha éagsúla a bhíonn i gceist den chuid is mó - níos mó ná atá san Eoraip!).

    ReplyDelete
  3. Ní fheicimse, ach an oiread, a SheáinO. Agus, ó tharla gur mar sin atá, tá trua agam don dalta agus don teanga.

    ReplyDelete