Friday, March 19, 2010

Idir Dhá Chomhairle

Is fada ó cuireadh bréag i mo leith ach sin a rinne Dubhaltach sa mhír thíos. Ina theannta sin, maslaíonn sé mé as na foinsí eolaíochta a ndéanaim tagairt dóibh. Níl mé cleachtach ar etiquette na mblaganna. Ar chóir dom neamhshuim a dhéanamh den mhí-iompar seo, nó fogha a thabhairt faoi agus mugadh magadh a charnadh air. N’fheadar. Bhur gcomhairle uaim. San idirlinn, táim chun filleadh ar an ngairdín mar a bhfuil an cheapach nua tógtha agam, agus is gleoite mar cheapach í. Trátaí a bheidh inti i mbliana.

Seo duit sliocht as páipéar a foilsíodh le fíordhéanaí in Science (Science, vol 327, 5 March, 2010, pp 1219-1223). Tá na húdair bainteach le NOAA, le hOllscoil Colorado agus le hOllscoil Bern.

“However, the trend in global surface temperatures has been nearly flat since the late 1990s….”

Arsa Dubhaltach

Bréag lom atá ann, ní admhaítear a leithéid ar chor ar bith! A mhalairt.
Níl a fhios agam cá bhfaigheann tú do chuid eolais ach is léir nach bhfaigheann tú ó fhoinsí eolaíochta é.

4 comments:

  1. B'fhéidir gur leor an méid thuas a phostáil.

    Maidir leis na deich mbliana a chuaigh thart, is dóigh liom go bhfuil míniú maith tomhaiste ag Cliff Mass, ollamh san ollscoil anseo, i mblagmhír dá chuid, ina ndeir sé:

    Since the late 1990s, temperatures, albeit high, have shown little trend. [...]

    During the past several years, global warming has undoubtedly lessened due to a combination of natural variability and a slight weakening of solar radiation, but you can bet that this will turn around very soon.

    Tá an bhlagmhír ar fad ar fáil anseo.

    Bain sult as an gceapach nua agus ádh mór ort leis na trátaí!

    ReplyDelete
  2. Bí dílis duit féin, a SheáinO. Más mian leat seasamh siar ar feadh tamaill agus am a chaitheamh ag machnamh, nó ar an gceapach, déan sin, a chara, agus bain sult as.

    Bainim taitneamh as do chomhluadar in earnáil na blagála, a SheáinO, agus bainim sult as gach ábhar a roinntear eadrainn. Bíodh mé d'aon tuairim leat nó ná bíodh, bím de shíor ag foghlaim...:-)

    ReplyDelete
  3. Tost

    Im thost a fhanfad
    Seal beag gearr
    Coimhlint a sheachaint
    Sin is fearr

    ReplyDelete
  4. Cheap tú nach mbeadh gach duine thíos ort agus tú amhrasach faoin gcreideamh ceart nua? Ní raibh a fhios agam go raibh tú chomh saonta sin!

    ReplyDelete