Tuesday, March 16, 2010

An Doscéal

Tá an léirmheas a scríobh mé ar shaothar Matt Hussey foilsithe in eagrán Mhárta Feasta. Ar eagla nach bhfuil síntiús do Feasta ag duine nó beirt daoibh, seo chugaibh é.

An Doiscéal de Réir Mhatt.

An Forthéamh Domhanda le Matt Hussey (Coiscéim 2009, l. 136, € 7.50)

Léirmheas le Seán O’Connor

De réir leathanach cúil an leabhair seo, tá suas le fiche leabhar le Marr Hussey i gcló cheana féin. Cé nach bhfuil a bhformhór léite agam, bhain mé féin an-taitneamh, agus d’fhoghlaim mé a lán as dhá leabhar leis, An Gasaitéar Eolaíochta, Nod do Eolach, (An Gúm, 1999) agus An Cosmas, An Chosmeolaíocht agus an Duine (Coiscéim 2003). Ní haon dóithín é Matt Hussey i réimsí leathana eolaíochta, arae tá céimeanna bainte amach aige san Innealtóireacht, sa Bhithfisic agus sa Bhithinnealtóireacht, gan trácht ar é a bheith mar Stiúrthóir, tráth, ar Dhámh na hEolaíochta in Institiúid Teicneolaíocht Bhaile Átha Cliath. Tugaimis aird, dá bhrí sin, ar a bhfuil le rá aige sa leabhar atá idir camáin agam anseo.

Ach focal rabhaidh agam daoibh i dtosach. Más ag súil le plé neamhchlaon ar na barúlacha éagsúla atá ann faoi láthair i dtaobh an téimh dhomhanda féin, sé sin an ann dó, agus más ann dó, cad go cruinn is méid dó agus cad is cúis/cúiseanna/ leis, ní bhfaighidh tú sa leabhar seo é. Cuireann an t-údar a sheasamh féin i iúl dúinn leis an teideal a cheap sé don leabhar: Forthéamh (over/extreme heating) aige in áit Téamh (warming). Is Soiscéalaí é Hussey a bhfuil An Doiscéal á chraoladh aige. Is cineál Irimia é agus go deimhin cloisim macalla sa leabhar seo ar “Crioslaigh tú féin mar sin chun comhraic.” (Irimia 1:17)

Sin ráite agam, is geall le ciclipéid bheag an leabhar ar na cúiseanna, idir nádúrtha agus antraipigéineach (sea, beidh ort lear mór focal nua a fhoghlaim agus tú ag treabhadh tríd an leabhar seo, ach tá foclóir cuimsitheach ag cúl an leabhair), a cheaptar a bheith leis an ardú teochta atá tagtha ar an domhan ó thús an Réabhlóid Thionsclaíochta. Tá an oiread sin eolais agus tuairimí nochta ag Hussey sa leabhar seo nach bhfuil fúm sa léirmheas seo ach tagairt a dhéanamh do chuid díobh.

Ó 1970 i leith, dar le móramh na n-eolaithe, tá ardú teochta de thart ar 1°C tagtha ar mheánteocht an domhain agus de réir Hussey, tá na heolaithe meáite de go mbeidh an ráta ardú teochta ag géarú as seo amach, cé gur eol dúinn anois, agus go n-admhaítear nach bhfuil ardú teochta tagtha ar an meánteocht le deich mbliana anuas. Cé go measfaí gur beag é 1°C, déanann an t-údar tréaniarracht a chur ina luí orainn gur ábhalmhór an t-athrú é agus gur sinne, an cine daonna, is cúis leis, cuid mhaith. Well, tagraítear, freisin, do ‘ghaofairecht’ (bromanna?) na mbilliún ainmhithe agus don astaíocht a thagann ó sheangáin agus teirmítí.

Ar na hiarmhairtí a eascraíonn ón ardú teochta, más fíor gur ann dó, tá Leá na nOighearchaidhpeanna, Éirí Leibhéal na Farraige agus Leá an Bhuanreo (permafrost). Ach cad is cúis leis an ardú teochta? Na gáis cheaptha teasa, deirtear, ar a bhfuil Déocsaíd Charbóin, Meatán, Gal Uisce, Ocsaíd Níotrúil agus gáis shaorga de leithéid trífluairíd nítrigine. Tá cur síos cúramach so-thuigthe ag an údar ar an slí a chuireann na gáis seo bac ar éalú teasa ó dhromchla agus atmaisféar an phláinéid. I gcaibidil eile tá cur síos ar conas mar a shúnn an fótaisintéis an déocsaíd charbóin as an atmaisféar agus an drochthionchar atá ag an dífhoraoisiú ar leibhéal an gáis sin. Agus, ar ndóigh, is cúis imní don údar an borradh atá ag teacht ar ár ndaonra.

Leagtar an milleán, nó 55% de, ar an mborradh atá tagtha ar thiúchan Déocsaíd Charbóin ó ghiniúint cumhachta leictrí le gual, gás nádúrtha agus ola agus ó bhreoslaí taistil agus déantúsaíochta. Tá an tiúchan sin dulta ó 280 csm/ppm) thart ar an mbliain 1800 to dtí 385 csm/ppm i láthair na huaire agus is fíorbheag líon na ndaoine nach gcreideann an fhíric sin. Níl aon phlé sa leabhar seo go bhfios dom, ar aon bhuntáiste a bheadh mar thoradh ar ardú meánteocht an domhain, athrú chun feabhais, b’fhéidir, ar thalmhaíocht na hÉireann.

Ach an féidir rud ar bith a dhéanamh chun astaíocht Déocsaíd Charbóin a laghdú? Mar fhreagra air sin, tar éis dó an gá le barréifeacht i bpróisis tionsclaíochta agus baile a phlé, tugann Hussey aghaidh ar fhoinsí eile cumhachta. Ina measc siúd tá Fuinneamh Geoteirmeach, Gaothfhuinneamh, Grianfhuinneamh, Fuinneamh Taoide agus Tonnta, Fuinneamh Núicléach agus na Bithbhreoslaí. Den chuid is mó, is sásúil, réasúnta, eolach an anailís a dhéantar ar na bhfoinsí sin, idir bhuntáistí agus mhíbhuntáistí, cé nach léir dom go bhféadfaidís siúd áit an ghuail, na hola agus an gháis nádúrtha (meatán) a líonadh ar chor ar bith.

Is caibidil fíorshuimiúil í an cur síos atá ag Hussey ar an tionchar atá ag ardú beag teochta ar an dúlra agus cé chomh leochaileach is atá cuid mhaith créatúr de leithéid débheathaigh (amphibians).

Sna caibidlí ag deireadh an leabhair, cuirtear síos ar Chruinniú Rio de Janeiro (1992), Dréachtchonradh Kyoto (1997) agus ar Chopanhágan (2009), cé gur foilsíodh an leabhar roimh an gceann is déanaí díobh siúd. Ní dóchasach a bhí an t-údar go n-aontófaí in Copanhágan le laghdú de 20% faoi bhun leibhéal na bliana 1990 ar astaíocht gás teascheaptha faoin mbliain 2020, gan trácht ar an laghdú de 30% atá molta ag an gCeannaireacht Dhomhanda um Athrú Aeráide.

Don ghnáthléitheoir Gaeilge nach bhfuil aon ró-chur amach aige ar an bhfoclóireacht theicniúil, ní léamh éasca, ar uaire, é an leabhar seo, ach b’fhiú do gach duine a bhfuil spéis aige sa phlé atá ar siúl ag eolaithe, polaiteoirí, bolscairí agus ‘fáidhithe deireadh an domhain’ iarracht dhúthrachtach a dhéanamh treabhadh tríd, mar tá an t-uafás eolais le fáil ann. Cé nach mbacann Hussey ar chor ar bith le tuairimí daoine agus eolaithe nach nglacann leis an ‘seasamh oifigiúil’, tá a chás pléadáilte go paiteanta aige, cuma an nglactar nó nach nglactar lena bhfuil le rá aige.

4 comments:

  1. Léirmheas breá tomhaiste agus thaitin sé liom gur chuir tú do thuairim féin os ár gcomhair (bíodh is gur ar thaobh Hussey atá mé féin). Is iontach go bhfuil na léirmheasanna ag filleadh ar Feasta.

    ReplyDelete
  2. Cá háit eile a bheidís? Ní mian liom rud ar bith a sheoladh chuig Comhar agus an scéal mar atá sé i gcás na hirise sin. Seans go bhfoilseofaí ceann nó dhó san Irish Times, ach níor bhain mé triail as sin go nuige seo. Dála an scéil, níor iarradh orm an léirmheas a scríobh. Sheol mé chuig Feasta é ar sheans go nglacfaí leis. Maidir le saothar Hussey de, sé is mó a chuir as dom gur sheachain sé aon phlé faoi roinnt mhór de na héiginnteachtaí a admhaítear a bheith bainteach leis an athrú aeráide. Oscailteacht agus cuimsitheacht, sin a bhí mé ag súil leis. Ar a shon san is uile, mhol mé an leabhar.

    ReplyDelete
  3. Grma as an léirmheas a SeanO.

    Ach dhá rud:
    1)
    "cé gur eol dúinn anois, agus go n-admhaítear nach bhfuil ardú teochta tagtha ar an meánteocht le deich mbliana anuas"

    Bréag lom atá ann, ní admhaítear a leithéid ar chor ar bith! A mhalairt.
    Níl a fhios agam cá bhfaigheann tú do chuid eolais ach is léir nach bhfaigheann tú ó fhoinsí eolaíochta é. Taispeánann na taifid fadtréimhseacha go léir go bhfuil ardú ar teocht san aeráid ag tarlú fós.
    Féach sonraí ó NASA, NCDC, Hadley Centre etc.
    Fiú i ndiaidh El Nino 1998 tá an teocht ag ardú.

    2)
    "Níl aon phlé sa leabhar seo go bhfios dom, ar aon bhuntáiste a bheadh mar thoradh ar ardú meánteocht an domhain, athrú chun feabhais, b’fhéidir, ar thalmhaíocht na hÉireann."

    Níl aon "b'fhéidir" faoi, arís creidtear anseo in Éirinn go mbeidh tionchar an-diúltach ag athrú aeráide ar fheirmeoireacht in Éirinn. Féach An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus gach uile thuairisc a tháinig as aon ollscoil sa tír ina leith.

    Ba mhór an trua nach raibh tú in ann an léirmheas a scríobh gan do thuairim féin a chur chun cinn.

    ReplyDelete
  4. Ní hionann léirmheas agus achoimre, ach is léir nach mar sin a thuigeann Dubhaltach an scéal. Sé is aidhm dom agus mé i mbun léirmheastóireachta ná an leabhar a bheith léite go cúramach agam, a bhfuil ann a mheas agus a anailísiú, agus an chodarsnacht a aithint idir a raibh le rá ag an údar agus méid m’eolais féin ar an scéal. Sin a rinne mé i gcás leabhar Hussey. Seo duit sliocht as páipéar a foilsíodh le fíordhéanaí in Science (Science, vol 327, 5 March, 2010, pp 1219-1223). Tá na húdair bainteach le NOAA, le hOllscoil Colorado agus le hOllscoil Bern.

    ‘Over the past century, global surface temperatures have warmed by about 0.75°C. Much of the warming occurred in the past half century, over which the average decadal rate of change was about 0.13°C, largely due to anthropogenic increases in well-mixed greenhouse gases. However, the trend in global surface temperatures has been nearly flat since the late 1990s….’

    Déanaim m’obair bhaile go cúramach agus fáil agam ar shaothair a ndearnadh moltóireacht phroifisiúnta orthu agus é ar mo chumas an eolaíocht iontu a thuiscint. Níl mé i muinín tátail a bhaineann daoine eile astu.

    Maidir lena raibh le rá agam faoi ‘feirmeoireacht na hÉireann’, ní ag tagairt do thionchar athrú aeráide ag an gcomhshaol a bhí mé, ach ar an réimse barr a d’fhéadfaí a fhás le hardú teochta de chéim nó dhó.

    ReplyDelete