Monday, March 22, 2010

Cúram Sláinte II

Sea, Dennis, is céim mhór chun tosaigh í. Trua, áfach, nár glacadh leis an ‘public option’. Tá mise agus mo chéile ar Medicare, scéim árachas sláinte do sheanóirí ar dhíolamar aisti feadh ár saol oibre, ach nach raibh ar fáil dúinn gur shroich muid an 65. Ina theannta sin, díolaimid breis agus $300 sa mhí chun fairsinge a chur leis an árachas agus rud éigin eile sa bhreis le haghaidh árachas drugaí. Táimid breá sásta leis an gcóras seo, córas atá éifeachtach agus a bhfuil forchostais measartha íseal ag dul leis.

Agus an díospóireacht faoi ‘Cúram Sláinte’ ar siúl le breis is bliain, tuige ar mé liom féin nach bhfuil an cineál seo árachais sláinte ag chuile dhuine. Anois, tá a fhios agaibh go bhfuil lé agamsa leis an gCoimeádachas, ach tá córas Medicare simplí go leor agus tá sé trédhearcach. Tosaíonn tú ag díol as a luaithe a thosaíonn tú i do chéad jab. Agus tú id óige, is ag díol as cúram sláinte na sean atá tú. Agus tú id sheanóir, siad na daoine óga atá ag díol ar do chúram sláinte. Tá sean-taithí againn ar an gcineál seo cánach. Tá ár gclann tógtha agus scaipthe le fada an lá, ach gach bliain díolaimid cáin sealúchais leis an mbaile beag seo a bhfuil 65% di dlite do na scoileanna poiblí. Breá simplí mar chóras é agus ó thalamh an domhain ní thuigim cad ina thaobh nárbh in an córas a reáchtáladh mar chóras árachas sláinte.

2 comments:

  1. Baineann sé leis an airgead, a chara.
    http://www.independent.org/newsroom/article.asp?id=1294

    ReplyDelete
  2. Bhíos féin go mór i bhfách leis an bpublic option. Tá a fhios agat go raibh sé sa phacáiste a chuir an tUachtarán faoinár mbráid i dtús báire ... agus go raibh cuid de bhallra a pháirtí féin ró-choimeádach (na "moderates", mar ea) dá leithéid, faraor. Ach creidim gur tús maith é seo, mar sin féin.

    ReplyDelete