Saturday, March 27, 2010

An Cheapach Nua

Go nuige seo, ba é ba nós dom agus ceapach nua á tógáil agam alt leathrádail (half lap joint) a bheith agam idir na bíomaí adhmaid. Ansin, le béalmhír an-fhada druileála dhéanainn poll go talamh tríd na n-altanna agus dhaingnínn iad le rebar buailte síos tríd na poill isteach sa talamh. Mór an saothar é. Chinn mé ar mhodh nua a thriail leis an gceapach nua: bunalt (butt joint) in áit alt leathrádail agus Gorilla Glue in áit rebar. Agus, dar m’anam, d’oibrigh an plean go seoigh. Buntáiste eile leis an modh seo ná go bhfuil an cheapach so-aistrithe dá mba ghá. Tá piseanna curtha agam sa cheapach agus beidh siad siúd bainte tráth curtha na dtrátaí.

2 comments:

  1. Léigh mé áit éigin go mbíodh comórtas gach earrach ag Thomas Jefferson agus a chuid comharsana féachaint cé acu an mbeadh piseanna ar an mbord aige roimh aon duine eile.

    ReplyDelete
  2. Tá an scéal sin léite agamsa freisin, ach bhí buntáiste ag Jefferson. Cuirtear piseanna i dtalamh a luaithe is a bhíonn an ithir insaothraithe. I gcás Jefferson, b’in deireadh Feabhra. Im chás-sa thart ar Lá Fhéile Pádraig. Arú aréir bhí teocht de 20° F againn agus reodh dromchla na hithreach sna ceapacha, rud a chuirfidh moill ar phéacadh na síol. Mar a deireadh m’athair fadó “There’s always something that goes wrong when you’re farming, or trying to.”

    ReplyDelete