Tuesday, February 16, 2010

Yukiguni




Agus mé im shuí anseo im leabharlann/seomra staidéir/ táim ag féachaint amach an fhuinneog ar an sneachta atá ag titim anois ó bhreacadh an lae. Cuireann an tírdhreach i gcuimhne dom an samhradh a chaith mé ag dianchúrsa Seapáinise in Ollscoil Yale. Ní hamháin gur mise an té ab aosta de fiche bliain den dháréag macléinn, ach bhí mé i gceannas grúpa taighde i saotharlanna Bristol-Myers in Wallingford, 15 míle slí ó New Haven mar a bhfuil Yale. Sé a bhí i gceist agam an dá thrá a fhreastal agus ba bheag nár chloígh an samhradh sin mé. Bhí an t-uafás obair bhaile le déanamh don chúrsa, cúpla céad kanji le cur de ghlan mheabhair agam, scrúdú comhrá in aghaidh na seachtaine agus an-bhrú orainn sa chomhlacht críoch a chur le scéim chun líon na samplaí a láimhseálfaí sna saotharlanna in Tokyo a mhéadú faoi dheich. I ngar do dheireadh an chúrsa agus gan ach 300-400 kanji foghlamtha agam, thug an múinteoir sinsearach leabhar dom tráthnóna Aoine agus d’ordaigh dom an chéad leathanach a bheith aistrithe agam thar an deireadh seachtaine. Yukiguni le Kawabata Yasunari ab ea an leabhar. Ciallaíonn ‘Yukiguni’ Tír an tSneachta agus tosaíonn an leabhar le traein ag brúchtadh amach as tollán isteach i dtír atá go huile is go hiomlán faoi sneachta. Ar chaoi éigin, le cabhair foclóir leictreonach a bhí ceannaithe agam in Tokyo, d’éirigh liom an t-aistriúchán a chríochnú oíche Dé Domhnaigh. B’uafásach deacair mar leabhar é, dar liomsa, ach bhí an múinteoir sásta le m’iarracht agus chríochnaigh mé an cúrsa le A-. Agus cén fáth, a deir sibh, gur chuir tú an oiread sin stró ort féin? Well, bhí mé i dteideal bheith freagrach as leath den fhoireann taighde sna saotharlanna in Tokyo agus bhí mé meáite de go gcaithfinn bheith in ann labhairt leis na daoine a bhí ‘ag obair ag na binsí’ in Tokyo seachas bheith ag brath ar an dorn beag ceannairí a raibh Béarla acu. Den chuid is mó, d’éirigh liom, ach gach uair a fheicim sneachta ag titim, tagann ‘Yukiguni’ chun cuimhne dom láithreach bonn baill.

3 comments:

  1. An bhfuil an t-amhrán traidisiúnta Seapáineach seo ar eolas agat? Gabhann sé leis an aer: "London Bridge is falling down.

    Moshe, moshe, anoné,
    Anoné, anoné,
    Moshe, moshe, anoné,
    Aso desuka.

    Ní cuimhin liom na Kanji.

    ReplyDelete
  2. Dea-chuimhní?

    A Áine: Den chuid is mó, is dea-chuimhní iad. Chuir an staidéar ar mo chumas bheith i bhfad níos éifeachtaí i mo chuid oibre sa tSeapáin agus shaor mo chumas sa teanga mé ó bheith iata isteach sa ‘Golden Ghetto’ (The Imperial Hotel, mar shampla) mar ar chaith formhór mo chomhleacaithe Meiriceánacha a gcuairteanna ar na saotharlanna in Tokyo. Thairis sin, d’fháiltigh na ‘labbies’ roimh mo theagmháil leo agus fuair mé léirgeas domhain ar an gcineál deachtóireachta a bhí i réim san saotharlanna. Théinn go rialta go Tokyo agus chaithinn suas le 6-7 seachtain sa bhliain sa tír. Bhí mo ‘phub’ féin agam thíos sa tseanchathair (Shitamachi), áit nár cheadaigh mé d’éinne ó na Stáit Aontaithe a thaithí. “Seán-san” a bhí ag na sean-phótairí orm. Ar an lámh eile de, cheap mo chéile agus mo bhas sa chomhlacht go raibh mé beagán as mo mheabhair: mé ag éirí ag a cúig ar maidin, ag staidéar go dtí 8:45, síos liom ansin go Yale agus ranganna ó 9:00 go dtí meán lae. Ar ais liom ansin go dtí an Lárionad Taighde go dtí a 6:00, dinnéar, agus ansin staidéar go dtí 11:00. Ach bhí mé óg go leor, thart ar 45 agus fuinneamh go leor agam ag an am, murab ionann agus anois.

    Níor chuala mé an t-amhrán ‘Moshe’ riamh, ach bhí ‘party piece’ agam a chanainn tráth a théimis go teach Karaoki: ‘Juku no Haru’ ba theideal dó, a chiallaíonn ‘(Bheith) 19 um earrach.’

    ReplyDelete